Athchló

“Beirt Gharsún” ón bhFraincis

Aistritheoir: Seumas Mac Coitir
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Aux Champs
Údar: Guy de Maupassant
Céadfhoilsiú: Fáinne an Lae, 26 Aibreán 1919

Truascéal Lucht Tuaithe

I.

Bhí dhá bhothán láimh le chéile faoi bhun cnoic in aice le bruach srutháin.  Na daoine a bhí ina gcónaí iontu, bhí saol crua acu, ag iarraidh slí mhaireachtana a bhaint amach dóibh fhéin agus dá gclann.  Bhí ceathrar clainne ag gach líon tí den dá líon tí.  Bhíodh an t-ochtar leanaí ag imirt cluichí is ag déanamh spóirt i dteannta a chéile ó mhaidin go hoíche ar an mbóthar os comhair dhoirse na dtithe.  Bhí an bheirt ba shine acu tuairim sé bliana agus ní raibh cúig mhí dhéag slán ag an mbeirt ab óige acu; mar do phós an dá lánúin ar an am céanna.

Is ar éigin a d’aithníodh na máithreacha a leanaí féin thar leanaí a gcomharsan; agus maidir leis na haithreacha, ba mhinic dóibh dearúd a dhéanamh d’ainmneacha a gclainne féin.

Bhí triúr gearrchaile agus garsún ag muintir Túbhais; bhí triúr garsún agus gearrchaile ag muintir Bhaillin.

Is beag de strus an tsaoil a bhí ag an dá líon tí.  B’éigean dóibh bheith sásta le prátaí is arán is anraith mar lón beatha.  Bhíodh spóilín feola acu gach Domhnach, agus ba gheall le cóisir dóibh é.

Tráthnóna i mí Lúnasa do ghabh carráiste an tslí agus do stad os comhair an dá bhothán.  Ógbhean a bhí á thiomáint, agus duine uasal in éineacht léi.

“Muise a Hanraí, a chroí, féach ar na leanaí beaga gleoite!” ar sise lena fear.  “Nach deas iad, ag imirt mar sin ar an mbóthar.”

Níor thug an fear aon fhreagra uirthi.  Bhí seantaithí aige ar a leithéid de chaint uaithi, agus bhí a fhios aige cad faoi deara é, mar ní raibh aon chlann acu féin.

“Mhuise mo ghrá iad, na leanaí bochta!” ar sise.  “Ba mhaith liom iad a phógadh. A Dhia gan an ceann sin agam fhéin – an garsúinín beag bídeach úd.”

Do thuirling sí ón gcarráiste agus do rith faoi dhéin na leanaí.  D’ardaigh sí an leanbh ab óige de mhuintir Túbhais ina baclainn agus do phóg é, dá dhéine strac an naíonán ina coinne.  Ansin do phreab sí in airde ar an gcarráiste arís agus as go brách léi.

II.

D’fhill sí arís faoi cheann seachtaine.  Do shuigh ar leataobh an bhóthair mar a raibh na leanaí ag súgradh, d’ardaigh an naíonán ina baclainn arís, thug císte milis dó, agus do shín milseáin chun na leanaí eile.  Chrom sí ar chluichí a imirt leo chomh maith agus dá mba leanbh í féin.  D’fhan a fear sa charráiste léi go foighneach fulangach.

D’fhill sí arís agus chuir aithne ar na haithreacha agus na máithreacha.  Ní raibh lá ina dhiaidh sin nár bhuail sí an treo agus níorbh é a dhearúd gan a lán milseán agus deasaí-deasa agus pinginí a thabhairt léi.

Hanraí D’Hubieres b’ainm dá fear.  Maidin dá dtáinig sí, do thuirling a fear ón gcarráiste lena cois agus níor bhacadar le caint leis na leanaí ach siúd isteach i gceann den dá bhothán iad araon.

Bhí an t-athair agus an mháthair istigh, agus chuireadar fáilte roimh an mbeirt ghalánta agus ionadh orthu.  Do labhair an bhean uasal, agus creathán ina glór.

“A chairde, is é an gnó a thug anseo mé ná – ná – féachaint an ligfeadh sibh dom bhur ngarsún beag a thabhairt abhaile liom.”

Níor labhair an lánúin bhocht focal, le neart ionadh agus easpa tuisceana.

Do lean an bhean uasal, faoi cheann nóiméid eile:

“Níl aon chlann againne,” ar sise. “Níl de líon tí ann ach an bheirt againn – Hanraí agus mise – agus tá an tigh an-uaigneach in éagmais leanaí. Tabharfam, togha an aireachais don gharsúinín beag, ná bíodh eagla ort.  Bhfuil cead againn é a thabhairt linn.”

Do thuig an mháthair an scéal um an dtaca seo.

“Cead agaibh Séamuisín seo againn a thabhairt leat, an ea?” ar sise. “Níl ná cead, go deimhin?”

Ansin do labhair Hanraí D’Hubieres:

“Is baolach nár mhínigh mo bhean an scéal i gceart,” ar seisean.  “Is é atá uainn ná an garsún a thabhairt linn agus é a oiliúint inár dtigh féin; ach ligfinn dó dul do bhur bhféachaint anois agus arís.  Má bhímid sásta leis – agus is dócha go mbeimid  — beidh sé mar oidhre againn.  Más é toil Dé aon sliocht a bheith againn féin, beidh a chion féin den oidhreacht aige chomh maith le cách.  Ach má tharlaíonn dúinn gan bheith sásta leis, gheobhaidh sé ocht gcéad punt uainne chomh luath is a bheidh bliain is fiche slán aige.  Agus níor dheineamar dearmad díbhse.  Gheobhaidh sibh ceithre phunt in aghaidh na míosa go deireadh bhur saoil.  An dtuigeann sibh?”

D’éirigh bean an tí ina seasamh agus í ar deargbhuile.

“Do b’áil libh go ndíolfainn Séamuisín libh!  Ní dhéanfad go deimhin!  Nach deas an rud a iarraidh ar mháthair a mac a dhíol leat.  Faire go deo!”

Ní raibh húm ná hám as fear an tí, ach b’fhuirist a aithint ar an súilfhéachaint a thug sé orthu go raibh sé ar aon intinn lena bhean.

Do chrom an bhean uasal ar ghol le neart seirfin is míshástachta.  Ba chuma nó peata linbh í, mar níor ghnáth le héinne cur i gcoinne a tola.

“Ní ligfid siad dom é a thabhairt abhaile liom, a Hanraí! Ní thabharfaid siad dom é!”

Do chrom Hanraí ar argóint leo: “Ach, a dhaoine chroí, nár cheart díbh machnamh ar leas an linbh, ar an saghas saoil atá i ndán dó –”

Chuir bean an tí cosc lena chaint.

“Ní beag sin!” ar sise.  “Tá ár ndóthain machnaimh déanta againn. Tugaigí bhur mbóthar oraibh agus ná feiceam chugainn arís sibh.  A thiarcais!  Ag iarraidh ar mháthair a leanbh a dhíol libh!”

D’éirigh bean Hanraí agus thug aghaidh ar an doras.  Díreach nuair a bhí sí ar tí imeacht, rith sé chun a chuimhne go raibh beirt gharsúinín beag bídeach ann.

“Ní leatsa an gharsúinín beag eile?” ar sise.

“Ní liom,” arsa Túbhais.  “Is lenár gcomharsana é. Níl a bhac ort dul ag triall orthu, más maith leat.”

III.

Is amhlaidh a bhí an líon tí eile ina suí cois bhoird agus caolchuid aráin mar lón os a gcomhair nuair a tháinig Hanraí agus a bhean isteach.  D’iarr Hanraí an mac ab óige orthu agus thug an tairscint chéanna dóibh a bhí eitithe ag an líon tí eile.

Do chroith an lánúin a gceann ar dtús, ach nuair a chualadar go mbeadh ceithre phunt in aghaidh na míosa le fáil acu dá bharr do chromadar ar mhachnamh, d’fhéachadar ar a chéile le mearbhall, ag cur is ag cúiteamh dóibh féin ar an scéal. Faoi dheireadh do labhair bean an tí.

“Cad deirir leis mar scéal, a Sheáin?” ar sise.

“Deirim gur fiú machnamh air,” ar seisean go haireach.

Ansin do chrom bean Hanraí ar chur síos ar an saol suairc a bhí i ndán don leanbh, agus a mhéid airgid a d’fhéadfadh sé a thabhairt dóibh i ndeireadh báire.

“An dtabharfaidh sibh tacaíocht dlí dhúinn ar an gceithre phunt in aghaidh na míosa?” arsa an t-athair.

“Tabharfam,” arsa Hanraí.” Déanfam amáireach é, más maith leat.”

“Ba cheart níos mó ná ceithre phunt in aghaidh na míosa a dhíol linn ar an ngarsún,” arsa an mháthair.  “Beidh sé ábalta ar obair a dhéanamh faoi cheann roinnt blianta eile.  D’oirfeadh cúig phunt dúinn.”

Do gheall an bhean uasal an punt sa bhreis di láithreach.  Ní shásódh an saol í gan an leanbh a thabhairt léi ar an toirt.  Do shín sí cúig phunt chun mná an tí.  Do scríobh a fear conradh; do cuireadh fios ar an máistir scoile agus ar chomharsana eile, agus do shíníodar siúd é, mar fhinnéithe.

Ansin do thug an bhean uasal an leanbh léi go huaibhreach mórtasach.  D’fhéach muintir Túbhais uirthi go cancrach míchéadfach.  Ba dhóigh le duine orthu amhlaidh a bhí cathú orthu i dtaobh an eiteachais a thabhairt di.  Níor chualathas a thuilleadh tráchta ar Sheáinín Bhaillin.  Fuair a mhuintir na cúig phunt go prionsabálta gach mí ón aturnae; agus ba ghearr go rabhadar in earraid lena gcomharsana, mar ná stadfadh Bean Túbhais ach ag síorchaitheamh asacháin leo, á rá le cách gur mhór an peaca is an chúis náire dóibh a leanbh a dhíol – gur bheart mhínádúrtha é a thuill díoltas Dé.

Do sheasadh sí os a gcomhair amach agus a leanbh Séamuisín ar a baclainn aici agus í á fáscadh agus á rá:

“Níor dhíolas TUSA, a naíonán liom!  Ní gnáth LIOMSA mo leanaí a dhíol ar airgead.  Bean bhocht is ea mé, ach ní scarfad le mo leanaí féin go brách.”

B’in é an port a bhíodh ar siúl aici moch déanach.  Do lean an scéal amhlaidh ar feadh na mblianta.  Faoi dheireadh, do chreid Bean Túbhais ná raibh a sárú de bhean sa dúiche tráth is ná díolfadh sí Séamuisín.  Agus is é a deireadh na comharsana, ná:

“Go deimhin ba mhór an chreidiúint di é.  Ba bhreá an tairiscint é, cúig phunt in aghaidh na míosa, ach d’eitigh sí é, mar a dhéanfadh aon mháthair nádúrtha.”

Ba shampla do chách í, dar leo.  Maidir le Séamuisín féin, faoin am go raibh ocht mbliana déag slán aige, bhí ardmheas aige air féin toisc nár dhíol a mhuintir é.

Bhí saol compordach ag muintir Bhaillin de bharr na cúig phunt in aghaidh na míosa.  Ba mhóide an seirfean a bhíodh ar mhuintir Túbhais mar bhí saol suarach go leor acusan.

V.

Maidin shamhraidh, nuair a bhí Séamuisín bliain is fiche d’aois, do stad carráiste os comhair an dá bhothán.  Do thuirling ógfhear galánta ón gcarráiste agus do shín a lámh chun mná uaisle a bhí istigh d’fhonn cabhrú léi chun tuirlingt.

“Sin é an tigh,” ar sise.  “An tigh is giorra dhúinn.”  Agus chuadar araon isteach i dtigh mhuintir Bhaillin.

Is amhlaidh a bhí seanbhean an tí ag níochán éadaí agus fear an tí ina chodladh cois na tine.

“Dia dhuit, a athair!  Dia is Muire dhuit, a mháthair!” arsa an t-ógfhear.

Do phreab an bheirt ina seasamh le hionadh is ollásacht.  Do chaith an tseanbhean an gallúnach uaithi.

“Tusa atá ann, a mhic mo chroí!” ar sise in ard a cinn is a gutha.

Do rug an t-ógfhear barróg uirthi agus do phóg í.  “Dia is Muire dhuit, a mháthair,” ar seisean arís.

Tháinig crith chos is lámh ar an seanduine ach do bhrúigh sé faoi é agus dúirt go neamhchúiseach, mar dhea:

“Seo chugainn arís tú, a Sheáinín.”  Ba dhóigh le duine air ná raibh Seáinín as baile ach le mí.

Nuair a bhí a ndóthain cainte déanta acu, níorbh fholáir le muintir Bhaillin a mac a thabhairt amach leo d’fhonn é a thaispeáint do na comharsana.  Thugadar cuairt ar an sagart, ar an máistir scoile agus ar dhaoine tábhachtacha eile, agus Seán lena gcois.

Bhí Séamuisín ina sheasamh idir dhá lí de dhoras a bhotháin ag síorfhaire orthu.

VI.

Um thráthnóna, agus an suipéar ar siúl acu, dúirt sé lena mhuintir:  “Cad é an díth céille a bhí oraibh agus ligean dóibh Seán Bhaillin a thabhairt leo i m’ionad.”

“Ní hamhlaidh a mheasfá dhom mo leanbh féin a dhíol leo!” arsa a mháthair.  Ní dúirt an t-athair pioc.

“Is é an feall é gur dheineadar a leithéid de bhotún!”  arsa an mac.

D’éirigh a athair ar buile.

“An amhlaidh a mheasann tú milleán toisc tú a choimeád?” ar seisean.

“Sea, go díreach,” arsa an mac.  “Tá an milleán tuillte agaibh.  Níl i bhur leithéidí ach ceap tuisle do leanaí.  Ní ceart dom fanúint anseo agaibh.”

Chrom a máthair ar ghol.

“Sin é ár mbuíochas,” ar sise. “Mise agus d’athair a thit leat, a chaith ár saol ag obair ar do shon agus gan dá bharr againn ach tarcaisne is asachán.”

“B’fhearr liom nár thánag chun baile in aon chor, ná bheith mar atáim,” arsa an mac.  “Nuair a chonac an buachaill galánta sin ó chianaibh, is orm a bhí an domlas agus an scóladh croí. Dúrt liom féin: bheinnse mar sin, mura mbeadh mo mhuintir.”

D’éirigh sé ina sheasamh.

“Is dóigh liom gurbh fhearr dhom imeacht uaibh.  Dá bhfanfainn anseo, bheinnse dá chasadh libh choíche, agus bheimís go searbh dá chéile.  Ní mhaithfead díbh choíche é.”

D’fhéach an t-athair is an máthair air agus na deora anuas lena shúile le neart bróin is iontais.

“Ní bhfaghainn ionam fhéin fanúint anseo,” ar seisean.  “B’fhearr liom imeacht agus slí mhaireachtana a bhaint amach dom fhéin i mball éigin eile.”

D’oscail sé an doras.  Do chualathas an chaint is an gáire – muintir Bhaillin agus a mac a bhí ag déanamh spóirt dóibh fhéin.

Do chas Séamuisín ar a sháil.  Bhain sé lán a dhá shúl ar a mhuintir féin.

“Mura sibhse na hamadáin!” ar seisean.  Agus as go brách leis.

Is féidir an leagan Fraincise a léamh anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published.