Athchló

An Ghruaim – Aistriú ón Spáinnis

Aistritheoir: Breandán S. Mac Aodha
Bunteanga: Spáinnis
Bunteideal: Melancholia
Údar: Gustavo Adolfo Becquer
Céadfhoilsiú: An tUltach, Samhain 1978

MELANCHOLIA

(An Ghruaim)

le Gustavo Adolfo Becquer
Breandán S. Mac Aodha a d’aistrigh.

Tá a fhios agam go bhfanann na deora agam fós!

Is aistriúchán é seo ar imleabhar VII de shaothar Becquer. Foilsíodh leaganacha Gaeilge d’imleabhair IV, V agus VI ar an iris seo cheana i mbliana. Mar is gnách tá na haistriúcháin seo bunaithe ar an téacs atá le fáil san eagrán le R. de Balbín agus A. Roldán de Rimas Y Prosas (Ediciones Rialp, Maidrid, 1969). Léirionn Melancholia an lionn dubh gan srian a tháinig ar an bhfile nuair a dhiúltaigh Julia Espin é a phósadh. Ach i lár na gruaime bhí faoiseamh áirithe le fáil gan coinne, d’ainneoin nár bhuan ná iomlán mar fhaoiseamh é. Séard atá sa dán fíorálainn úd ‘Tu aliento es el aliento de las flores’ ná ómós don a bhean chéile Casta Esteban Navarro. Nuair a chaill sé Julia phós sé í siúd. B’inion í Casta de chuid an dochtúra a bhí ag tabhairt cúraim dó ag an am sin. Saolaíodh triúr páistí dóibh. D’fhan Casta dílis dó go dtí an deireadh d’ainneoin gur scar sé uaithi ar feadh tamaillín.

Como Enjambre De Abejas Irritadas
Amhail scaoth de bheacha ar buile
as clúid rúnda éigin i m’intinn
nochtann cuimhní chugam chun mo chiaptha,
cuimhní ar an tráth atá thart.

A ruaigeadh ab áil liom, ach is saothar in aisce é!
Crioslaíonn siad mé, leanann siad sa tóir orm,
agus thig siad, ceann i ndiaidh a chéile,
le cealg cholgach a chuireann an t-anam trí thine.

Como Guarda El Avaro Su Tesoro
Mar a chaomhnaíonn an sprionlóir a stór
chaomhnaínn mo léan;
bhí mé ag iarraidh a chruthú di go bhfuil rud éigin
síoraí ionam
gur gheall sí a grá síoraí dó.

Ach glaoim uirthi in aisce inniu agus cluinim an
tAm,
eisean a dhíothaigh í, ag rá :
Och! a chréafóg ainnis, go deo na ndeor
ní fhéadfá fiú amháin mairstin.

No Sé Lo Que He Soñado
Ní heol dom cad a taibhríodh dom
le linn na hoíche roimhe;
caithfidh go raibh an taibhreamh lán de léan
mar gur mhair an crá ionam ar mhúscailt dom.

Shonraigh mé, ar éirí aniar sa leaba dom,
go raibh clúdach an philiúir tais,
agus den chéad uair, ar a shonrú dom,
mhothaigh mé
sámhas searbh ag líonadh m’anama.

Is léanmhar an ní é an taibhreamh
a shracann na deora asainn ;
ach tá pléisiúr agamsa i mo léan :
tá a fhios agam go bhfanann na deora agam fós.

Tu Aliento Es El Aliento De Las Flores
Is í cumhracht na mbláth í do chumhrachtsa;
is í armóin na n-ealaí í do ghuth ;
is í niamhracht an lae í leagan do chuid súl;
Is é do dhathsa dath an róis.

Tairgeann tú beatha agus dóchas nua
do chroí atá marbh cheana don ghrá;
fásann tú as díthreabh mo shaoil
mar a fhásann bláth i bhfásach.

Las Ondas Tienen Vaga Armonia

An Chéad Ghlór
Bíonn comhcheol fánach ag na tonntracha,
cumhracht fhíneálta ag na sailchuacha,
ceobhrán airgid ag an oíche fhuar,
solas is ór ag an lá,
ach agamsa bíonn rud níos fearr :
is liomsa an Grá!

An Dara Glór
Leoithne de ghártha molta, néal lonrach,
tonn éid ag pógadh do chosa,
inis taibhreamh mar a shuanaíonn
an t-anam cíocrach,
meisce mhilis –
sin í an Ghlóir!

An Tríú Glór
Níl sa mhaoin ach sméaróid adhanta,
is scáil í a éilíonn an mhaingléiseacht,
is bréag é gach rud idir an ghlóir agus an t-ór.
Níl aon ní fíor
ach an ní a adhraimse :
an tSaoirse!

Mar sin a bhí na bádóirí ag dul thart,
ag canadh an duain shíoraí :
is ar bhuille an rámha bhí an cur ag léimnigh
agus an ghrian ag dealramh air.
‘An bhfuil fút theacht ar bord?’ B’in é a scairt.
Chuir mé aoibh orm féin,
agus dúirt leo, ag dul thart dóibh :
‘Chuaigh mé ar bord cheana; mar chruth air sin
tá na héadaí sínte ar tuar agam ar an trá’ .

Leave a Reply

Your email address will not be published.