Athchló

Ag Imirt Cleas

Aistritheoir: Riobard Ó Brolcháin.
Bunteanga: Fraincis.
Bunteideal: La Farce.
Údar: Guy de Maupassant.
Céadfhoilsiú: Misneach, 1 Bealtaine 1920.

Ag Imirt Cleas

I


Bíonn ardmheas ar lucht na gcleas nuair a bhíonn iompar sollúnta fúthu agus nuair a thugtar “feisirí” orthu; ach b’fhearr liom an chleasaíocht is an pléaráca a chleacht ár sinsear fadó. Cá bhfaighfeá spórt níos fearr ná cleas glic éigin a bhualadh ar dhuine? Cárbh fhearr de chaitheamh aimsire ná bob a bhualadh ar ghamal bocht, an dubh a chur ina gheal ar phleidhce amadáin nó beithé a dhéanamh den té a mheasann go bhfuil sé go han-ghlic? Nach álainn an scléip cleas a imirt ar an gcleasaithe, agus ansan, má thagann fearg air, cleas éigin eile a imirt mar phionós air?
Is mó cleas breá sultmhar a d’imríos ar mo chairde, agus is minic a bualadh bob orm féin, leis.
Fuair duine áirithe bás le neart seirfin de bharr cleasa a d’imríos air. Níorbh aon mhéala a bhás. I mbaile beag in aice le Páras a thit an scéal amach. Níl agat ach an scéal a lua leis na daoine a raibh baint acu leis chun iad a chur sna trithí gáire, ar shon go bhfuair fear bás dá bharr. Beannacht Dé lena anam!
Sea anois, neósad díobh an cleas ba dhéanaí a d’imríodh orm féin.

II

Le linn an fhómhair seo ghabh tharainn chuas ar chuairt go dtí tigh mór a bhí ag daoine muinteartha dom i bPiocáirde. Bhí dúil mhallaithe i spórt is i gcleasaíocht ag muintir an tí.
Chuireadar fáilte romham nárbh fháilte go dtí é, agus bhraitheas láithreach go raibh rud éigin as an slí á bheartú acu i m’ómós. Dheineadar an-chúram díom; ba léir dom go raibh súil acu le hardspórt a bhaint asam. “Tabhair aire duit féin, a mhic ó!” arsa mise i m’aigne féin.”Tá siad ar aigne beart éigin a imirt ort.”
Ag ithe dinnéir dúinn, bhíodar go scléipeach, spleodrach thar na bearta. “Sea,” arsa mise i m’aigne féin, “seo gasra daoine ag dul thar fóir le gleo is gliadar gan gá gan riachtanas. Ní foláir nó tá cúis mhagaidh éigin ag baint an gháire astu. Cá bhfios ná gur mise an chúis mhagaidh. Seachain tú féin, a mhic ó!”
Bhíodh na scearta gáire á gcur astu acu ar feadh an tráthnóna. Do mhothaíos go raibh diabhlaíocht éigin idir lámha acu. Cad a bhí i ndán dom? D’fhanas ag faire go géar ar a ngothaí is a ngeáitsí agus ag éisteacht go haireach leis an uile fhocal dá ndúradar. Dá dhéine a d’fhaireas iad is ea ba mhóide m’amhras orthu go léir – fiú amháin ar na seirbhísigh.
Tháinig an t-am codlata, agus níorbh fholáir leo go léir dul i mo thionlacan go dtí mo sheomra féin. Cad chuige an fústar? “Go n-éirí an oíche leat,” a dúradar go léir in ard a gcinn is a ngutha, agus iad ag gáirí go meidhreach.

III


Bhuaileas isteach i mo sheomra, dhúnas an doras agus d’fhanas ansan i mo cholgsheasamh agus an choinneal i mo lámha agam, gan cor agam á chur díom. Chuireas cluas le héisteacht orm féin.
Chuala an gáire is an chogarnach taobh amuigh den doras. B’fhéidir go rabhadar ag faire orm gan fhios dom. D’iniúchas na fallaí, an troscán, na brait, an t-urlár, ach níor dheineas amach aon ní ar an slí. Chuala mar a bheadh coiscéimeanna taobh amuigh de dhoras an tseomra. “Tá siad ag faire orm trí shúil ghlais an dorais,” arsa mise i m’aigne féin.
Do rith smaoineamh nua chugam: “B’fhéidir go rachaidh an choinneal in éag de phreab nuair ná beidh aon choinne agam leis.” Do chromas ar na coinnle go léir a bhí ar an gclabhar a lasadh. D’fhéachas timpeall orm, ach níor léir dom aon ní a chuirfeadh in iúl dom cad a bhí beartaithe acu.
Shiúileas timpeall an tseomra ach sin a raibh dá bharr agam. Do dheineas a raibh ann de ghréithre a mhionscrúdú ní fhuaireas pioc amach. Thugas aghaidh ar an bhfuinneog. Do dhúnas na siuitéirí troma adhmaid a bhí air agus do tharraingeas na brait anuas agus do chuireas cathaoir leo i treo is nár bhaol dom éinne ná aon ní a theacht chugam tríd an bhfuinneog.
Do shuíos go han-aireach; bhí an chathaoir go breá láidir fuaimintiúil. Ní ligfeadh an eagla dom síneadh ar an leaba. Ach bhí sé an-dhéanach agus rith sé liom ná rabhas ach ag déanamh amadáin díom féin. Má bhí lucht na gcleas ag faire orm i ngan fios dom, mar a shíleas, níorbh fholáir nó bhaineadar an-spórt as an scanradh a bhí orm.
Dá bhrí sin, do chuireas romham dul a chodladh; ach ba mhó an t-amhras a bhí agam ar an leaba ná ar aon ní eile. Do tharraingeas siar brait na leapa. Bhíodar feistithe i gceart, de réir dealraimh; ach bhí eagla orm gur ansan a bhí an chontúirt. B’fhéidir go dtarraigeoinn lán buicéid d’uisce anuas ar mhullach mo chinn orm ó bharr na leapa; nó b’fhéidir go dtitfeadh idir mhata is éadaí leapa síos ar an urlár chomh luath is a shínfinn air. Chromas ar mhachnamh ar gach cleas a raibh eolas nó taithí agam air. Bhí m’aigne socair ar gan ligint dóibh cleas a imirt orm dá bhféadfainn é.

IV


Ansan do chuimhníos ar sheift álainn. Do rugas greim go haclaí ar an mata agus do tharraingeas chugam é. Tháinig sé liom, agus an súsa agus idir phluideanna is bhraillíní. Do tharraingeas iad go léir go dtí ceartlár an tseomra, os comhair an dorais amach. Ansan do chóiríos eadaí na leapa chomh maith agus arbh fhéidir é; do mhúchas na soilse, do bhaineas amach an leaba urláir, agus do shíneas air.
D’fhanas i mo dhúiseacht go ceann uaire an chloig ina dhiaidh sin. Bhain gach fuaim preab asam; ach níor tharla aon ní agus fé dheireadh do thit mo chodladh orm.

V


Ní foláir nó bhí an codladh go trom orm. Níor chuimhin liom aon ní eile go dtí gur dhúisigh mé. Rud trom toirtiúil éigin a bhí tar éis titim anuas orm de phlimp agus bhí caise d’uisce te nó rud éigin dá shaghas ag scóladh mo chinn, mo mhuiníl is mo bhrollaigh i dtreo is gurbh éigin dom scréach a chur asam le barr tinnis; agus lena linn siúd a chuala torann uafásach fé mar a bheadh lan driosúra de shianta tar éis titim fén urlár ina smidiríní.
Bhí meáchan an ruda a thit orm ag brú anuas orm. Chuireas suas mo lámh le feiscint cad a bhí ann. A thiarcais! Do mhothaíos aghaidh fir, srón, féasóg. Do bhuaileas buille ar an té a bhí os mo chionn, le hiomlán nirt mo ghéige; ach má dheineas fuaireas a leithéid sin de léasadh is de bhatráil uaidh gur phreabas i mo shuí agus gur sciuirdeas amach an doras agus gan orm ach mo léine codlata.
A thiarcais! Bhí lánsolas lae ann. B’iúd chugam an líntí go léir in anaithe an tsaothair féachaint cad ba bhun leis na ngleo. Chuamar isteach sa tseomra agus do fuaireamar an buachaill aimsire sínte ar an urlár agus gan fhios aige ó thalamh an domhain cad a bhí tite amach. Is amhlaidh a bhí an scéal, nuair a thug sé mo bhricfeasta isteach chugam ar maidin sa tseomra dorcha, agus mé i mo luí ar an urlár i lár bhaill os comhair an dorais do shatail sé orm agus do thit as a sheasamh agus do dhoirt an té anuas orm. Sin ar tharla.
Na seifteanna a cheapas i gcoinne lucht na gcleas – na siuitéirí a dhúnadh agus síneadh ar an mata i lár an tseomra – fé ndeara an tubaiste ar fad. Mé féin a bhí tar éis cleas a imirt orm féin.
A leithéid de gháire is mar a dheineadar! Bhíos i mo bheithé is i mo staicín aiféise acu ón maidin sin go dtí gur fhágas slán acu – agus ba é b’fhada liom go bhfágfainn.

Riobard Ó Brolcháin.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *