Athchló

Fear na bhFrancach

Aistritheoir: Fiachra Éilgeach (Risteárd Ó Foghludha)
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Le Preneur de Rats
Údar: Prosper Mérimée
Céadfhoilsiú: Misneach, 18 Feabhra 1922

Is amhlaidh a bhí an scéal ag muintir an bhaile mhóir úd Hameln bhíodar ciaptha creachta, na cianta ó shin, ag francaigh a bhí ag teacht aduaidh orthu mar a bheadh plá.  Bhíodar ag teacht chomh tiubh sin go raibh gach bealach dubh leo.  Ní ligfeadh eagla d’éinne a chapall a thiomáint ina gcoinne ar aon bhóthar.  Do scriosaidís gach aon ní in iadh na súl; agus ba lú an righneas orthu bairille arbhair a ithe ná domsa an gloine fíona seo a ól.

Níorbh aon chabhair a bheith ag brath ar nimh chun iad a dhíothú, ná ar thrapa ná ar aon sórt innill eile ach chomh beag.  Tháinig long ó Bhrémen le hualach cat, breis is míle ceann, ach obair in aistear ba ea é, bhí sé díreach chomh maith acu iad a fhágaint sa bhaile.  Ní túisce a mharaítí míle francach ná mar a thagadh ina n-ionad deich míle a bhí i bhfad níos gortaí fós.  I gcás gur léir ná beadh aon ghráinne arbhair i Hameln ar ball agus ná raibh i ndán do mhuintir an bhaile mhóir ach bás den ghorta mura bhfaightí leigheas éigin ar an bplá.

Cé a bhuailfeadh an treo chun an mhéara, Céadaoin áirithe ach scriosaire d’fhear crón súilmhór a raibh béal ó chluais go cluais air.  Bhí casóg dhearg uime, caidhp chúl-ard, bríste faoi ribíní, stocaí gréasta le cnotaí ar dhath an ghrís.  Bhí máilín leathair aige ar sileadh óna chrios.  Chím an fear os mo chomhair fós, dar liom.

D’fholáir sé na francaigh a ghlanadh as an mbaile ar chéad ducat.  Ná bíodh eagla ort ná gur réitigh an méara is na seanóirí leis ar an toirt.  Do tharraing an strainséir feadóg phráis as a mháilín: do sheas sé ar log an mhargaidh, thug a chúl leis an eaglais, agus do bhuail suas port nár chualathas a leithéid riamh cheana insa dúiche.

Ní túisce a sheinn sé an ceol ná mar a ghluais na céadta is na mílte luch is francach faoina dhéin ina dtáinrith ó gach scioból is gach poll, ó gach fraigh is gach díon tí ar fud an bhaile.

Do shiúil sé leis i dtreo na habhann, é ag síorbhualadh an cheoil, agus na meiriaid francach ina dhiaidh aniar.  Chomh luath is a shroich sé an Wéser do bhain sé dhe a bhróga, agus isteach leis san abhainn agus a raibh de fhrancaigh i Hameln ina dhiaidh, chun gur bádh gach aon cheann riamh acu ar an láthair sin.

Anonn leis ansin go hoifig an mhéara i gcomhair a phá, ach nuair a mheas an méara is na seanóirí nár bhaol dóibh na francaigh a thuilleadh agus gurbh fhuiris an fear bocht aonair a shárú i gcúrsaí a thuarastail, cad a rinneadar ná deich nducat a fholáireamh dó in ionad an céad ducat a bhí geallta.

Do rinne an stráinséir a ghearán, ach do chuireadar siúd in ainm an diabhail é.

Do bhagair sé ansin go ndíolfaidís go daor as, mura seasaidís lena bhfocal go macánta.  Is amhlaidh a chromadar ar gháirí faoi, do thaispeánadar an doras dó agus gach aon leasainm is measa ná a chéile acu á thabhairt air.  Do lean na páistí trí na sráideanna é, á spídiú ar a ndícheall, go dtí go dtug sé na cosa leis ag an sparra nua.

Seachtain ón lá sin tháinig sé ar log an mhargaidh athuair, ach an chaidhp a bhí uime an iarracht sin caidhp phurpair ba ea í agus b’ait an chuma ná raibh a chiumhais iompaithe suas.

D’oscail sé a mháilín agus do tharraing chuige feadóg nár chosúil in aon chor leis an gceann a bhí aige an chéad lá.  Agus chomh luath is a bhuail sé suas dreas den cheol ní raibh leanbh sa tsráid ó shé bliana go dtí cúig bliana déag nár lean é as a mbaile mór amach.

Do rith a mhuintir ina ndiaidh chun gur shroich an próisisian chomh fada le cnoc Chopenberg, an áit ina raibh an uaimh mhór a bhfuil a béal dúnta inniu.  Isteach leis an gceoltóir san uaimh agus isteach leis na leanaí go léir ina dhiaidh.

Chualathas glór na feadóige go cionn tamaill; bhí an ceol ag dul i gcaoile in ionad a chéile chun go ndeachaigh sé in éag ar fad.

Bhí na leanaí imithe, agus ní bhfuaireadar a dtuairisc ón lá sin go dtí an lá inniu.


Leave a Reply

Your email address will not be published.