Nuacht
Nuacht faoi chúrsaí Aistriúcháin
Feirm na nAinmhithe
Tá taitneamh á bhaint le blianta fada as scéal iontach George Orwell faoi réabhlóid na n-ainmhithe, agus ceachtanna le baint as maidir le réabhlóidí eile.
An Fiaclóir Fíochmhar
Tá rudaí aisteacha ag tarlú ar an mbaile i rith na hoíche.
Comórtas Oireachtas na Gaeilge – Aistriúcháin le buachan
Tá comórtas ar siúl faoi láthair ar leathanach Facebook Oireachtas na Gaeilge lenar féidir na leabhair a ainmníodh do Ghradam de Bhaldraithe a bhuachan. Siod é an nasc chuig an gcomórtas ar Facebook: CLICEÁIL ANSEO
IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 2020
Ní fada uainn anois tús Fhéile Imram na bliana seo. Beidh go leor ó thaobh an aistriúcháin litríochta de ar siúl sa bhféile i mbliana, go háirithe Leabhar na nAthruithe le Ovid a aistríodh go Gaeilge. Seo a leanas preasráiteas na Féile: IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 2020FÉILE AR LÍNE DE SCANNÁIN LITEARTHA ATÁ LÁN DE DHRAÍOCHT CLÁR NA FÉILE AG AN NASC SEO: https://indd.adobe.com/embed/e51d8728-3875-45b2-b72b-992e4ea41d9a?startpage=1&allowFullscreen=true%3Ftransition&fbclid=IwAR1P2b-ZVE5whn_0JHV5tABFO0i65N7D6mN2VaQNWW53aqvT3Lm2nWkPNb0 ‘Chanfadh m’anam de shíor de chlaochluithe’ – a deir Óivid in Leabhar na nAthruithe an saothar mór atá claochlaithe i nGaeilge ag Caitríona Ní Chléirchín. Tá cúig cinn d’eachtraí…
Leabhar Nua-fhoilsithe
Is iontach an greann atá sa chur síos a dhéantar ar eachtraí Niocláis agus is féidir linn go léir daoine a chuaigh ar scoil linn a aithint sna scéalta, pé acu anois é nó roinnt mhaith blianta ó shin
Ní bheidh fuath agam oraibh
Seo fíorscéal faoina shaol laethúil lena mhac i ndiaidh an ionsaithe. Tá crá croí ann chomh maith le dóchas agus greann – an dólás agus an sólás.
Tinte na Farraige Duibhe
Aistriúchán nua-fhoilsithe Údar: Tim ArmstrongBuneideal: Air Cuan Dubh DrilseachBunteanga: An GhàidhligAistritheoir: Eoin P. Ó MurchúFoilsitheoir: Leabhar Breac (2020) Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu. Tá úrscéal nua ficsin eolaíochta foilsithe ag…
Walker Éireann
Is féidir éisteacht anseo le podchraoltaí fuaime ina gcloistear Gabriel Rosenstock ag léamh aistriúchán do leanaí a rinne sé do Walker Éireann. Áis iontach í seo do dhaoine a bhfuil na leabhair acu agus ar mian leo éisteacht leis an aistritheoir féin á léamh go hanamúil do léitheoirí óga.
Seimineár ar Aistriú SP-GA
Seoltar teachtaireacht ríomhphoist chuig Ailbhe Nic Giolla Chomhaill ag ailbhe.nicgiollachomhaill@ul.ie d’fhonn clárú don seimineár seo.
Gearrscéalta an Chadhnaigh á bplé
Féachtar an fógra faoi iamh maidir leis an bplé a bheifear a dhéanamh ar ghearrscéalta an Chadhnaigh. Cé nach aistriúcháin iad, aistríodh cuid dá ghearrscéalta agus n’fheadar ach go bhféadfaí a bplé sin chomh maith nó cén chaoi a dtabharfaí faoi na gearrscéalta a aistriú.