Nuacht

Táinseamh Chatilína

Údar: Cicero
Aistritheoir: Dómhnall Ó Mathghamhna
Athfhoilsiú: Risteárd Mac Annraoi

Tá Risteárd Mac Annraoi tar éis leabhar nua a thabhairt ar an bhfód, mar atá aistriúcháin a dhein Dómhnall Ó Mathghamhna ar óráidí Cicero. Sa Sunday Independent a foilsíodh iad ina sraith breis is 90 bliain ó shin, ach is féidir linn a léamh arís anois a bhuí le Risteárd.

Tá an méid seo le léamh ar chúl an leabhair:

Saolaíodh Marcas Túillias Ciceáro (106-43 RCh.) i mbaile mór darbh ainm Appinium. Polaiteoir, fealsamh agus scríbhneoir ab ea é. Tá sé ina bhun-údar ag an bprós Rómhánach; dá bharr sin tá a chuir saothar pinn mar bhunús ag formhór litríocht na hEorpa le dhá mhíle bliain. Níorbh fhéidir a stíl a shárú ar ghontacht, ar shoiléireacht, ar áilneach, ar oiriúnacht.

Chreid Cicearó go gcuimhneofaí go deo air as an Róimh a thabhairt slán ó dhream creachadóirí is rachmasóirí den uasalaicme. Chonaiceadar siúd lena gcumhacht féin a bhuanú is bunreacht na cathrach a threascairt. Is le beart a chuid óráidíochta mar atá le fáil i dTáinseamh Chatilina, d’éirigh le Cicearó a gcomhcheilg i gcoinne na Stát a thabhairt chun solais is lucht na comhcheilge a chur chun báis.

Maidir leis an aistriúchán go Gaeilge ar na hóráidí seo, is é Dómhnall Ó Mathghamhna (1872-1942) a dhein é. Fear suimiúil ann féin ab ea é. Ba Chláiríneach ó dhúchas é, agus dochtúir leighis a chaith an chuid is mó dá shaol i mBaile Átha Cliath. Is i rith na bliana 1928 a foilsíodh na hÓráidí seo de chuid Cicearó i nGaeilge ar an Sunday Independent – breis is nócha bliain ó shin agus blac na húireachta orthu i gcónaí ó thaobh ábhair is stíle de.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *