Nuacht

The Invisible Man i nGaeilge

Foilsíodh leagan Gaeilge de leabhar cáiliúil H.G. Wells inniu.
Is é Séamus Ó Coileáin a d’aistrigh agus a d’fhoilsigh An Fear nárbh fhéidir a Fheiscint.

“Ritheann sé leis an nGrifíneach, eolaí iontach, gurbh fhéidir ábhar ar bith a chóiriú go ceimiceach ionas nach bhfeicfeadh an tsúil dhaonna é. Caitheann sé a chuid ama agus a chuid airgid ag iarraidh an tuairim sin a chur i gcrích. Samhlaigh na rudaí a d’fhéadfadh duine a dhéanamh dá mbeadh sé dofheicthe, a dúirt sé leis féin!
I ndeireadh na dála, éiríonn leis ach cén costas a bhí air i ndáiríre?
Insíonn an scéal cáiliúil seo le H.G. Wells mar a d’éirigh le fear aisling a réaladh agus an tslí a chuaigh sé i gcion ar na daoine eile a casadh air, go háirithe i sráidbhaile beag tuaithe, Baile Ipa. An fíor nach mar a a shíltear a bhítear i gcónaí.”

Tá an leabhar le ceannach ó Shiopa Leabhar CnaG i mBÁC anseo

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *