Nuacht

Aistriúchán Nua – Faoi Cheilt

Aistriúchán é seo ar an leabhar móréilimh, La Cache, leis an mBeilgeach, Thierry Robberecht a d’fhoilsigh An Gúm.

‘Nuair a fheiceann Elsa, cailín óg Francach, campa gruama na dteifeach lena dhá súil féin, níl tógáil a cinn aici le náire. Ag snámhaíl sa láib atá muintir an champa agus iad ag cur fúthu i bpubaill a ligeann an t-uisce isteach. Ansin, cuireann Elsa aithne ar Shiriach óg darb ainm Bachir. Teastaíonn go géar uaithi cúnamh a thabhairt dá cara nua agus dá theaghlach … ach cad is féidir léi a dhéanamh agus gan inti ach cailín ceithre bliana déag d’aois?’

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *