Blaiseadh

Winzige Welten by Martin Becker — DE-GA le Ellen Corbett

Bunleabhar: Winzige Welten
Bunteanga: Gearmáinis
Údar: Martin Becker
Foilsitheoir: Novum Pro (2011)

Aistritheoir: Ellen Corbett

Eolas faoin aistriúchán: D’eascair an t-aistriúchán seo as tionscadal a rinne Ellen agus í ina scoláirí Erasmus le Gearmáinis agus Léann an Aistriúcháin in OÉG. Foilsíodh an t-aistriúchán seo cheana san iris ar líne Léann Teanga: An Reiviú mar a bhfaighfear cur síos an aistritheora ar an aistriúchán féin.

Domhan Beag Bídeach

Fadó fadó, bhí pláinéad beag bídeach ann. Bhí sé cruinn agus deas agus ní raibh ann ach crann úll, teach beag agus binse páirce.  Bhí féar ag fás i ngach áit ar an phláinéad. Leis an fhirinne a rá, bhí an pláinéad iontach beag – dá gcuirfí an pláinéad seo ar an domhan s’againne, ní bheadh sé ach leath chomh mór le páirc pheile[1] agus dá ndéanfá sin, bheadh an féar ar an phláinéad bheag seo scriosta brúite agus ní bheifeá in ann peil a imirt, ar ndóigh.  Ar an dea-uair, bhí an pláinéad beag seo i bhfad ón domhan s’againne.  B’ionann an turas idir an domhan beag bídeach agus an domhan s’againne ná turas ón domhan seo go dtí an ghealach agus ar ais agus ann agus ar ais arís.

Bhí an tUasal Seán Ó hIargúil[2] (ach tá cead againn Seán a thabhairt air) ina chónaí ar an phláinéad áirithe seo.  Agus cé gurbh é Seán an t-aon duine ar an phláinéad, bhí sé chomh sásta le rí ansin.  Ag leath i ndiaidh a seacht ar maidin, nó thart air sin, sheasadh Seán faoin chrann úll agus bhaineadh sé úll den chrann.  D’itheadh sé an t-úll amh nó dhéanadh sé toirtín úll nó anlann úll as.  Bhíodh sé ag súil go mór le tús gach lae nua mar bhíodh sé in ann úll úr a bhaint den chrann.  Ag a trí a chlog sa trathnóna, thagadh scamall báistí agus bhíodh sé ag cur fearthainne.  Sin an fáth a mbíodh úlla ar fáil i rith na bliana ar fad agus an fáth a mbíodh an pláinéad glas i gcónaí.  Chuireadh Seán buicéad os comhair dhoras a thí agus d’fhanadh sé go mbíodh sé lán.  Bhíodh sé ábalta tae blátha úill a dhéanamh leis an uisce nó é a úsáid chun a chuid fiacla a ghlanadh nó chun é féin a ní.

Ní raibh ach jab amháin ag Seán ar an phláinéad agus ba é an jab a bhí aige an féar a ghearradh uair sa mhí.  Ghlacadh Seán a chuid ama chun é a dhéanamh siocair go mbíodh go leor ama aige agus thaitin sé go mór leis.  Théadh sé fiarlán timpeall an phláinéid lena lomaire léana agus in amanna, théadh sé thart i gciorcal mar a bhainfeá an craiceann d’úll nó in amanna, dhéanadh sé patrún san fhéar cosúil le clár fichille.  Le linn am sosa, thógadh Seán an nuachtán amach as a mhála cáipéisí agus shuíodh sé ar an bhinse páirce.  Léadh sé na fógraí beaga agus na fógraí báis ar a shuaimhneas agus an sos críochnaithe aige, chuireadh sé a nuachtán ar ais ina mhála cáipéisí agus théadh sé ar ais ag obair.

Lá amháin, áfach, tharla rud éigin uafásach: chonaic Seán rud éigin sa spéir agus bhí deatach ag teacht as de réir mar a tháinig sé chuig an phláinéad. Ansin baineadh croitheadh as an phláinéad ar fad.  Bhí an spéir lán le gal.  Bhí fuaim siosarnaí ann ach stop sí chomh luath agus a thosaigh sé agus bhí sé ciúin arís.

Bhí Seán ar tí tae blátha úill a dhéanamh nuair a bhuail duine éigin cnag ar an doras.  Bhí neach neamhshaolta beag ar leac an dorais.  Bhí culaith spáis air agus bhí súile móra aige agus bhí aintéine mhór amháin  ar bharr a chinn.

‘Dia duit,’ a dúirt an neach neamhshaolta.  ‘Gabh mo leithscéal, níl mé ag iarraidh cur isteach ort.  Captaen Brzklck an t-ainm atá orm agus bhí orm mo spáslong a thabhairt chun talún ar do phláinéad mar níl aon pheitreal fágtha agam.  An bhfuil aon seans go bhfuil pionta bainne agat?  Bheinn in ann an bóthar a bhualadh ansin.’

‘Níl bainne ar bith agam,’ a dúirt Seán, agus rinne sé iarracht an doras a dhruidim.  Ní raibh bainne aige – cá háit a mbeadh sé in ann teacht ar bhainne?  Ní raibh bó aige fiú!  B’fhuath le Seán nuair a chuirtí isteach air.  Bhí cnag ag an doras arís.  D’oscail Seán an doras.

‘Is fuath liom nuair a chuirtear isteach orm,’ a dúirt Seán go garbh.

‘Tá brón orm faoi seo,’ a dúirt an Captaen Brzklck, ‘ach gan bhainne tá mé gafa anseo.’

‘Bhuel, déan glaoch raidió ag lorg cuidithe mar sin agus ná bí ag cur isteach ormsa!’ a dúirt Seán, agus rinne sé iarracht an doras a dhruidim arís.

‘Ach tá sé sin déanta agam cheana féin.’  Chuala Seán an neach neamhshaolta taobh amuigh.  ‘Glacfaidh mo theachtaireacht bliain iomlán mo phláinéad a bhaint amach agus ní thiocfaidh cuidiú ar ais chugam go ceann bliana eile ina dhiaidh sin.’

Thug Seán faonoscailt ar an doras.

‘Dhá bhliain?!’ a dúirt sé de bhéic. ‘Ag magadh atá tú!’

Bhí Seán trína chéile.  Cad é faoina phláinéad deas, a shuaimhneas, a fhéar, a úlla?  B’fhuath leis nuair a chuirtí isteach air.

‘Tá brón an domhain orm,’ a dúirt an neach neamhshaolta taobh amuigh.

An mhaidin dár gcionn, bhuail Seán cnag ar dhoras na spásloinge.  Ba shásar eitilte mín cruinn é agus bhí sé ag lonrú faoi sholas na gréine.  Ba chuma le Seán, áfach. ‘Tá an féar scriosta agat!’ a dúirt Seán de bhéic.  ‘Thug tú do spáslong chun talún agus anois níl an féar ábalta aon solas a fháil agus éireoidh sé buí!’

‘Dia linn,’ a dúirt an Captaen Brzklck, ‘an féidir liom aon rud a dhéanamh?’

‘Imigh leat nó bog do spáslong.  Ba chóir duit í a bhogadh gach lá chuig áit éigin eile ar an phláinéad!”

‘An-smaoineamh! Déanfaidh mé sin!’ a dúirt Brzklck.  Léim sé isteach sa spáslong agus bhog sé cúpla méadar é.

‘Agus bí cúramach gan na húlla a bhaint den chrann úll,’ a dúirt Seán.  ‘Ná bí ag caitheamh bruscair agus ná bí i do shuí ar mo bhinse páirce.’

‘Ceart go leor, ní dhéanfaidh mé sin,’ a dúirt Brzklck.  ‘Leis an fhírinne a rá, d’ith mé cúig bliana ó shin agus mar sin, ní bheidh ocras orm go ceann deich mbliana eile!’

Chuaigh Seán isteach sa teach agus bhí drochaoibh air.

Nuair a théadh Seán amach gach maidin, d’fheiceadh sé go raibh an spáslong suite in áit nua agus chuireadh sí isteach air.  Bhí Brzklck cineálta cairdiúil agus bheannaíodh sé do Sheán gach maidin nuair a bhuaileadh siad le chéile ach dhéanadh Seán neamhiontas de.  Ní raibh sé dírithe ach ar a fhearg, fiú amháin agus é ina shuí leis féin ar an bhinse páirce ag léamh na bhfógraí báis.

Bhíodh Brzklck ina shuí ar a spáslong agus d’amharcadh sé suas ar an chruinne agus ar na réaltaí sa spéir agus bhíodh sé ag dordán.  Ag an tús, níor thaitin amhráin Brzklck le Seán agus mar gheall air sin, dhéanadh sé trup ard chun an fhuaim a phlúchadh.  Ach thosaigh sé ag baint  taitneamh as na hamhráin.  Cé nach raibh focail ar bith ann, shilfeá go raibh Brzklck ag insint scéil.  Ach ansin, bhíodh sé feargach leis féin mar gur thaitin na hamhráin leis agus ina dhiaidh sin, thagadh drochsmaointe faoi Bhrzklck chuige.  Oíche amháin, áfach, d’oscail Seán an fhuinneog ina sheomra leapa le hamhráin Brzklck a chloisteáil.  Thug Seán faoi deara go mbíodh brionglóidí deasa aige de bharr na n-amhrán.  Thug Brzklck faoi deara go raibh a fhuinneog oscailte fosta agus bhí sé sona sásta faoi sin.

Bhíodh an geimhreadh ann uair sa bhliain agus thiteadh sneachta ar an fhéar. Thógadh Seán fear sneachta i gcónaí ach bhíodh air é a thógáil go gasta mar faoin mhaidin dár gcionn, bhíodh an geimhreadh thart.  An bhliain áirithe sin, rinne Seán fear sneachta an-mhaith.  Rinne sé na súile agus an tsrón go diongbháilte le go mbeadh an fear sneachta le feiceáil ón spáslong.

‘Tá sé iontach deas,’ a dúirt Brzklck de bhéic, agus é ag dreapadh síos óna spáslong.

‘Mmmm,’ arsa Seán faoina anáil.  Bhí fadhb aige leis an chairéad a bhí mar shrón ag an fhear sneachta agus an dóigh nach bhfanfadh sé ar a aghaidh.

‘Muna dtéann tú i ngleic le fadhb atá agat,’ a dúirt Brzklck go tobann agus é ina sheasamh díreach in aice leis an fhear sneachta, ‘níl seans ar bith agat é a réiteach.’

‘Cad é atá i gceist agat?’ a dúirt Seán agus d’amharc sé ar shrón an fhir sneachta arís agus cé chomh cam is a bhí sé ar a aghaidh.

‘Samhlaigh, bheadh muid in ann labhairt lena chéile agus bheadh an-chraic againn dá mbeadh muid mór lena chéile agus mura mbeifeá chomh feargach sin i gcónaí.’

‘Is cuma liom.  Níl aon chraic uaim.  Agus níl mé ag iarraidh go mbeadh muid inár gcairde.’

‘Bheadh áthas orm dá mbeifeá in ann a admháil gur tháinig muid le chéile ar chúis éigin agus nach féidir linn rud ar bith a dhéanamh chun é sin a athrú,’ a dúirt Brzklck.  ‘Caithfidh tú sin a admháil.’

‘Mmmmmm…,’ a dúirt Seán faoina anáil.

Dhreap Brzklck suas an fear sneachta agus chuir sé an tsrón ar bharr a chinn.  Bhí  aintéine air anois, díreach cosúil le Brzklck.

Bhí an fear sneachta leáite an mhaidin dár gcionn.  Bhain Seán úll den chrann.  ‘Maidin mhaith, a dhuine uasail!’ a dúirt Brzklck agus chroith sé a lámh leis.

‘Mmm, maidin mhaith,’ a dúirt Sean go grusach.

‘An bhfuil cead agamsa an féar a ghearradh inniu?’ a d’fhiafraigh Brzklck.

‘Mmmmmmm…’ a dúirt Seán trína fhiacla.  ‘Tá.’

Thóg Brzklck solas léasair beag amach as a bhosca uirlisí agus chuir sé san fhéar é.

‘Caithfidh muid léim,’ a ghlaoigh sé.

‘Léim?’ a dúirt Seán, bhí iontas an domhain air.

‘Tá sé éasca, léim!’

Léim Seán san aer agus ag an am céanna, tháinig léas léasair amach as an solas léasair agus gearradh gach ribe féir go dtí an airde chéanna.  Bhí iontas ar Sheán.  Bhrúigh Brzklck cnaipe ar an solas léasair, tháinig ‘clic’ uaidh agus súdh an féar scaoilte uilig isteach agus rinneadh bloc beag féir de.

‘Mhairfinn air sin ar feadh trí bliana,’ a dúirt Brzklck agus d’ith sé an bloc féir.  Bhí iontas an domhain ar Sheán.  Bhí a úll fós ina lámh aige agus d’amharc sé síos air. ‘Agus cé chomh fada a bheifeá beo ar úll?’

‘Thart ar sé bliana nó thart air sin.’

‘Ar m’anam!  Ar mhaith leat ceann?’

‘Níor mhaith, go raibh maith agat,’ a dúirt Brzklck. ‘Caithfidh mé súil a choinneáil ar mo mheáchan.’  Thosaigh siad ag gáire.

‘Is mise Seán,’ a dúirt Seán.

‘Agus is mise Brzklck,’ a dúirt Brzklck.

Bhí áthas orthu araon nach raibh Seán chomh cantalach is a bhíodh sé.  Chomh maith leis sin, bhí a fhios ag Seán anois go raibh sé ní b’fhearr fáilte a chur roimh Brzklck in áit é a bhualadh.  Go tobann, mhothaigh sé i bhfad ní b’fhearr.  D’imigh gach aon drochsmaoineamh díreach as a cheann agus mhothaigh sé ní ba shásta ná mar a mhothaigh sé nuair a bhí sé ina aonar.  Ach ba é ba chúis leis sin go raibh duine éigin aige lena raibh sé ábalta labhairt.

‘Ar mo phláinéad dúchais, insítear scéalta le hamhráin,’ a d’inis Brzklck. ‘Ar mhaith leat ceann a chloisteáil?’

‘Ba mhaith,’ a dúirt Seán.  Níor lig Seán air go raibh eolas aige ar amhráin Brzklck cheana féin ach dhreap sé suas agus shuigh sé in aice le Brzklck ar an spáslong.

Thosaigh Brzklck ag ceol agus dhruid Seán a shúile.  Chonaic sé go leor plainéad agus go leor réaltaí agus ar phláinéad amháin, chonaic sé tithe, aibhneacha agus lochanna. Chonaic sé neacha neamhshaolta agus bhí an chuma chéanna orthu agus a bhí ar Brzklck.  Chonaic sé an Rí agus an Ginearál, agus chonaic sé Brzklck.  Bhí an Ginearál i gceannas ar gach píolóta spásloinge.  Nuair a d’oscail Seán a shúile, bhí a fhios aige go raibh saineolas faoi phláinéad dúchais Brzklck aige agus go mbeadh ardú céime ag Brzklck ar ball beag.

‘Do shealsa atá ann amhrán a chanadh,’ a dúirt Brzklck.  Ní raibh sé de mhisneach ag Seán scéal a cheol ag an tús ach rinne sé a dhícheall.  Smaoinigh sé ar a dhomhan beag bídeach.  D’inis sé scéal go ndeachaigh sé díreach thar bhráid na gealaí go dtí an domhan agus gur landáil sé i bpáirc pheile.  Bhí sé ar intinn ag Seán an féar a shábháil sa pháirc agus mar sin, ghearr sé an féar le solas léasair Brzklck.  Rinne sé bloc beag féir agus ní raibh ach rud beag ola agus fínéagair de dhíth air go mbeadh an féar réidh le hithe agus go mbeadh blas thar barr air.

Bhí Brzklck ag gáire agus d’oscail sé a shúile.  ‘Mo shealsa atá ann arís,’ a dúirt sé.  

Chaith siad an lá agus an oíche ar fad ag canadh agus iad ina suí ar an spáslong.  Bhí an-chraic acu agus níor thug siad faoi deara an méid ama a chaith siad ansin.

Nuair a tháinig an chéad gheimhreadh eile, thóg siad fear sneachta ollmhór le chéile, ach an uair seo, bhí srón air agus bhí aintéine ar bharr a chinn.

Lá amháin, tháinig spáslong eile agus bhí sé ar foluain os cionn an tí.  Scal beirt neach neamhshaolta anuas ón spáslong le pionta bainne.

‘Go mbeannaí Dia daoibh,’ a dúirt siad, ‘Seo duit, a Chaptaen Brzklck, tá bainne againn anseo duit.  Cuireann an Ginearál beannachtaí ort agus tá sé ag súil go mór le do spáslong nua a thaispeáint duit.’  Bhí áthas ar Bhrzklck, ‘Go raibh míle maith agaibh as an chuidiú. Tá a fhios agam gur fada an turas é ónár bpláinéad.’

Thug sé cuireadh dá chairde nua suí ar a spáslong agus a amhráin a chloisteáil.  Dhruid na neacha neamhshaolta a súile agus chan Seán agus Brzklck a scéalta le chéile.  Níor stop na neacha neamhshaolta de bheith ag gáire agus chuir na scéalta iontas an domhain orthu.  Bhí siad iontach greannmhar.

‘Leis an fhírinne a rá, níor mhaith liom an áit seo a fhágáil,’ a dúirt Brzklck de chogar.

‘Tá súil agam nach n-imeoidh tú,’ a dúirt Seán.  Gan aon dabht, bhí Sean agus Brzklck mór lena chéile anois.

Faoi dheireadh thiar thall, sheas Seán suas, ghlac sé ceithre ghloine ón teach agus thug sé gloine bainne d’achan duine.

‘Sláinte!’ a dúirt Brzklck de bhéic agus d’ól siad uilig an bainne.


[1] „Wurde er auf der Erde landen, hätte er genug Platz im Garten von Bürgermeister Friederich. Allerdings würde er dabei die Salatköpfe zerdrücken, das sollte er natürlich nicht.” [Dá gcuirfí an pláinéad seo ar an domhan s’againne, bheadh dóthain spáis aige thabhairt chun talún sa ghairdín ag an Mhéara Feardorcha.  Leacófaí na leitísí, áfach, agus níor cheart dó sin a dhéanamh ar ndóigh.]  Bhí orm an sliocht seo a athrú go hiomlán toisc difir idir cultúr na hÉireann agus cultúr na Gearmáine.  Mar sin, d’úsáid mé páirc pheile mar bhealach chun tomhas a bheadh ar eolas ag gach duine in Éirinn a thabhairt don domhan beag bídeach.

[2] ‘Wilhelm von Weitem’ an t-ainm atá ar phríomhcharachtar an ghearrscéil sa bhunleagan.  Imeartas focal atá ann sa Ghearmáinis mar ciallaíonn ‘von Weitem’ ‘ó i bhfad i gcéin‘ agus is minic a bhíonn ‘von’ i sloinnte Gearmáinise.  Bhí ‘Ó‘ i sloinnte Gaelacha fóirsteanach anseo agus chum mé an sloinne ‘Iargúil’ chun go mbeadh sé ag teacht leis an leagan Gearmáinise.


An tAistritheoir: Is as an Chorr Chríochach i gContae Thír Eoghain do Ellen Corbett. Bhain sí céim chéadonóracha sa Ghearmáinis agus i Léann an Aistriúcháin amach as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sí bliain ar Erasmus in Leipzig in oirthear na Gearmáine. Bronnadh Scoláireacht Fulbright ar Ellen don bhliain acadúil 2019/2020 agus chaith sí an bhliain ina FLTA Fulbright in Ollscoil Montana, mar a raibh sí ag teagasc Gaeilge do mhic léinn ollscoile agus mheánscoile

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *