-
Á aistriú…
Ach a gcuardaítear sa bhunachar, feictear liosta na leabhar a d’aistrigh Risteárd Mac Annraoi go dtí seo. Deir sé linn go bhfuil roinnt leabhar eile ar na bacáin aige, ina measc Dorchadas um Thráthnóna le Arthur Koestler, Seoid na Seacht Réalta le Bram Stoker agus Ceo le Miguel de Unamuno. Nár laga Dia a lámh. Fógrófar a bhfoilsiú anseo in am is i dtráth.
-
Scairt an Dúchais ina Greannán — EN-GA le Fiona Ní Fhátharta
Leagan Gaeilge den ngreannán a cuireadh amach sna ’60idí sa tsraith Classics Illustrated. Tionscadal na céime BA i Léann an Aistriúcháin (2019) in OÉG ba ea an t-aistriúchán seo. Ghnóthaigh an tionscadal seo Gradam Fhoras na Gaeilge don Tionscadal Aistriúcháin ab Fhearr sa bhliain 2019. Is féidir an greannán ina iomláine a fháil anseo.