• Nuacht

    The Invisible Man i nGaeilge

    Foilsíodh leagan Gaeilge de leabhar cáiliúil H.G. Wells inniu.Is é Séamus Ó Coileáin a d’aistrigh agus a d’fhoilsigh An Fear nárbh fhéidir a Fheiscint. “Ritheann sé leis an nGrifíneach, eolaí iontach, gurbh fhéidir ábhar ar bith a chóiriú go ceimiceach ionas nach bhfeicfeadh an tsúil dhaonna é. Caitheann sé a chuid ama agus a chuid airgid ag iarraidh an tuairim sin a chur i gcrích. Samhlaigh na rudaí a d’fhéadfadh duine a dhéanamh dá mbeadh sé dofheicthe, a dúirt sé leis féin!I ndeireadh na dála, éiríonn leis ach cén costas…