Nuacht

Aistriúcháin Mhichíl Uí Ghríobhtha le fáil arís

D’aistrigh Mícheál Ó Gríobhtha ó Cho. an Chláir ceithre leabhar faoi Scéim Aistriúcháin an Ghúim:

Sa Villa RoseAt the Villa RoseA. E. W. Mason1929
An Ré-SheódMoonstoneWilkie Collins1933
An Finn DiaThe Fair GodLew Wallace1935
An Chéad-Chuairt ar an nGealaighFirst Men in the MoonH. G. Wells1938

Aistritheoir den scoth ba ea é agus roghnaíodh sé an focal agus an abairt cheart i gcónaí. Bhí Gaeilge aoibhinn aige a d’fhoghlaim sé ó chomharsana agus é ag fás aníos i gCathair Aoidh i Lios Uí Chathasaigh. Tá léiriú breá ar Ghaeilge an Chláir sna haistriúcháin. Roghnaíodh an Gríobhthach chun an chéadleagan de Bhunreacht na hÉireann a aistriú toisc an meas a bhí ag De Valera air mar aistritheoir.

Tá sé sách deacair teacht ar na ceithre aistriúchán sin ar na saolta seo, ach tá Aoife Cahill, Cáit Ní Bhriain, Keith Dowling agus Séamus Ó Coileáin ag réiteach leaganacha nua d’aistriúcháin an Ghríobhthaigh a thabharfaidh an litriú cothrom le dáta ach a choinneoidh blas Ghaeilge an Ghríobhthaigh agus Cho. an Chláir. Tá súil acu na leabhair a chur amach i mbeartán an bhliain seo chugainn.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *