Léirmheas

Sa Villa Rose

Aistritheoir: Mícheál Ó Gríobhtha
Foilsitheoir: Oifig an tSoláthair (1929)

Léirmheastóir: Cearbhall Ó Dálaigh
Foilsíodh an léirmheas seo cheana

Scéal Bleachtaire

Sa Villa Róse. Le A.E. W. Mason. (I nGaeilge ag Mícheál Ó Gríobhtha agus arna fhoilsiú do Mhuintir Ó Fallamhain.)

Ar fhoireann an scéil seo tá duine darb ainm Mr. Ricárdó. Ní miste liom an choal ‘foireann’ mar tá de mhí-ádh ar scéalta den tsaghas so go gcaithfid a bheith fuinte fuaite i bhfad thar cionn gnáthshaoil an úrscéil choitianta féin, fiú amháin. –An Mr. Ricárdó so a deirim,  Sasanach ba ea é. Míthuiscint agus daille an chine Gall ann. Tá adhbh dúnmharaithe sa scéal so. Hanaud, príomhbhleachtaire na Fraince i mbun a réitithe. Cos le Hanaud sa chuardach Ricárdó. Ó am go ham bíonn reiteach na faidhbe ag Ricárdó. D’aontófá láithreach an ceart a bheith aige – d’aontófá nó go n-imríonn an príomhbhleachtaire a intinn agus a ghéire ar an scéal. Scaipeann caint Hanaud an mearbhall, nó b’fhéidir gur chirte dearmad a thabhairt air; mar ní lúide ár mearbhall a chuid cainte siúd.

Cleas é seo ag A.E.W. Mason lena chur i dtuiscint don léitheoir ná feadar sé fe thalamh an domhain conas mar a chíorfar an ceirtlín. Tá cuid de lucht léitheoireachta agus d’áiteoidís ort go raibh fios fátha an scéil acu ó thosach. Ach ní cabhair dóibh leathscéal den turas so.

“ ‘Tá roint eolais againn anois. Sea; tá – ach cad é an t-eolas atá againn, a Mhonsieur?’ arsa Hanaud; agus d’iompaigh sé go hobann le fonn grinn ar Ricárdó. Chonaic sé go raibh moill ar fhreagra Ricárdó agus dúirt: ‘Dein do mhachnamh air.’”

Sin é díreach mar a bhíonn ag A.E.W. Mason. Iompaíonn sé chugainn ó am go ham le fonn grinn. Ní miste leis gan ár ndaille ar scéal an dúnmharaithe a chur in iúl dúinn go dearfa.

Tá blas ar an magadh so ina pheann aige. Cuireann dingilt ionat. Ní foláir leat bualadh chun cinn chun deireadh bealaigh a bhaint amach. Níorbh fholáir domsa é ach go háirithe, mar nuair a bhíos dulta i ngreim sa scéal chuaigh díom an leabhar a chur uaim. Admhaím é, cé náir, go dtugas an oíche im shuí cois teallaigh is gur bhreac an lá orm agus mé gan súsa na hoíche.

Nuair a bhíonn ceirtliú slámtha aige níorbh ionadh le duine dá bpreabfadh an scéal chun fáin go lag, lúbach. Bhí tamall agus cheapas-sa go mbeadh amhlaidh. Ach ní raibh ann ach tamall. Tháinig neart sa scéal arís i gcaibidil an doilbhchleasa (XVIII) agus níor lagaigh as san siar.

Gan barr cleite isteach ná bun cleite amach i mBéarla A.E.W. Mason. Caint lom díreach a ghluaiseann léi gan stad. Is ceardúil mar a thug Mícheál Ó Gríobhtha tréithe an scríbhneora leis. Locht amháin, b’fhéidir, nár locht ar Mhícheál ach ar an nGaeilge. Gan an dúchas ná an neart san ghearr-agallamh, dar liom. D’fhéadfaidh a bheith go n-imreoidh gnáthphobal na hÉireann a n-intinn uirthi, go gcuirfidh siad lúbadh agus casadh inti le seacht mbuille fichead a dteangan.

Foilsíodh an leabhar so i gcomhar le hOifig an tSoláthair. Seo leabhar a measadh a bheith oiriúnach le haghaidh aistriúcháin. Scéal bleachtaire, agus lán-eolas a cheirde ag an té a scríobh. Ar shlí, is maith an ní leabhar den chineál so a chur ar fáil. Meallfaidh sé daoine chun na Gaeilge. Inmholta é sa mhéid sin. Ach dá dtoghfá leabhar ardlitríochta agus é a aistriú, bheadh dhá bhua ann. Níor leasc le duine é a léamh fé dhó nó fé thrí nó fé cheathair féin. Ach is beag duine a léifeadh scéal bleachtaire fé dhó. Má bhíonn réiteach na faidhbe, déanamh cabhlach an scéil aige, is cuma leis an leabhar as san amach. Locht bunúsach í seo nach féidir a dhíbirt.

Tá dhá thaobh an scéil luaite agam. Ba dhóigh liom gur fear an tarna comhairle, comhairle na hardlitríochta. Ach ní miste liom go mbeadh lucht na tuairime eile ann chomh maith. Ar aon chuma, leabhar an-sho-léite,  “Sa Ville Róse,” atá curtha i nglan-Ghaeilge ag Mícheál Ó Gríobhtha.

Leave a Reply

Your email address will not be published.