Nuacht

Aistriúchán Nua – Cracaitit Eachtra Adamhach

Foilsíodh aistriúchán nua le Risteárd Mac Annraoi, arb é atá ann leagan Gaeilge den leabhar Krakatit le Karel Čapek a céadfhoilsíodh i 1924. Beidh an leabhar le fáil ó Litriocht.com, ón Siopa Leabhar agus ón gCeathrú Póilí ar ball.

‘Foilsíodh an t-úrscéal Cracaitit i Seicis sa bhliain 1924 ar dtúis, an dara úrscéal dá chuid. De réir dealraimh scríobh sé é mar fhaoiseamh dó féin ó na pianta coirp a bhí á chéasadh. Dar le léirmheastóirí áirithe go bhfuil sin le tabhairt faoi deara ar stíl an leabhair, a bhíonn thar a bheith drámatúil uaireanta. Tá an leabhar ag plé le cumhacht ollscriosta thar an ngnáth, agus Cracaitit mar theideal air. Eolaí is ea laoch an scéil, innealtóir óg darb ainm Prokop atá ciapaithe ag an aon smaoineamh amháin: go bhféadfaí ábhar pléascach a aimsiú i ngach aon rud, bíodh sé marbh nó beo. De thoradh a chuid taighde tá sé tar éis Cracaitit a chruthú, a sháraíonn cumhacht aon phléascán eile a bhí ariamh ann. Cuireann a thurgnamh ar seachrán é, áfach. Bíonn cathú air dearmad a dhéanamh ar a dhaonnacht féin ar mhaithe leis an eolaíocht ghlan, mar dhea. Tá iomrá ar a chuid saothair agus ní fada go dtagann daoine eile chuige ag iarraidh rún Chracaitit a fháil uaidh ar ais nó ar éigean.

‘Léiríonn Capek tuiscint ghéar ar fhadhb an oilc agus ar lúbaireacht anam an duine. Flota casta atá sa leabhar agus ciall idir réalaíoch is shiombalach leis na heachtraí ann. Tá scéal an ghrá fite fuaite sa scéal, mná diamhracha ag teacht is imeacht chun dul i gcabhair ar Prokop nó lena chur ar seachrán. Le firinne, tá dhá mhórthéama sa scéal: an grá, agus claonadh an duine chun an oilc, an chumhacht ollsmachtach. Má chuireann a chuid eolaíochta dallamullóg air, tá tart chun fíréantachta air i gcónaí. Níl aon réiteach ar an gcoimhlint idir na claontaí éagsúla seo go deireadh an leabhair. Is é an namhaid is mó atá le cloí ná na smaointe uileghabhálacha ina chloigeann istigh. Níl iontu sin ach bréaga a chuireann na beartanna is fearr dá chuid ó mhaith. I ndeireadh na dála teipeann ar Prokop an grá a aimsiú, ach tagann sé saor ó laincisí an tsaoil. Ní shlánóidh sé an domhan, ach ní scriosfaidh sé é ach an oiread. Murar éirigh leis rudaí móra a chur i gcrích, tá nithe beaga déanta aige atá ag fónamh do dhaoine.’ – Risteárd Mac Annraoi, réamhrá an úrscéil.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *