![](https://www.aistriulitriochta.ie/wordpress/wp-content/uploads/2022/06/image-1140x804.png)
An Teach a Thóg Seáinín
Aistritheoir: Seán Mac Giollarnáth
Bunteanga: Béarla
Bunteideal: The House that Jack Built
Údar: [ní fios]
Céadfhoilsiú: Fí-Fa-Fúm, 1931.
Seo é an Teach a thóg Seáinín.
Seo é an Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
![This image has an empty alt attribute; its file name is image-1-1024x770.png](https://www.aistriulitriochta.ie/wordpress/wp-content/uploads/2022/06/image-1-1024x770.png)
Seo é an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
Seo í an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
Seo é an Cat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
![](https://www.aistriulitriochta.ie/wordpress/wp-content/uploads/2022/06/image-3-584x1024.png)
Seo é an Madadh,
A rug ar an gCat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
Seo í Bó na hadhairce caime,
A chaith thar scioból mór an Madadh,
A rug ar an gCat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
Seo í an Cailín brónach caite,
A bhligh Bó na hadhairce caime,
A chaith thar scioból mór an Madadh,
A rug ar an gCat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
![](https://www.aistriulitriochta.ie/wordpress/wp-content/uploads/2022/06/image-6.png)
Seo é an Fear stróicthe stractha,
A phóg an Cailín brónach caite,
A bhligh Bó na hadhairce caime,
A chaith thar scioból mór an Madadh,
A rug ar an gCat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
Seo é an Sagart ró-mhaith beannaithe,
A phós an Fear stróicthe stractha,
Agus an Cailín brónach caite,
A bhligh Bó na hadhairce caime,
A chaith thar scioból mór an Madadh,
A rug ar an gCat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
Seo é an Coileach glórach scanraithe,
A dhúisigh an Sagart ró-mhaith beannaithe,
A phós an Fear stróicthe stractha,
Agus an Cailín brónach caite,
A bhligh Bó na hadhairce caime,
A chaith thar scioból mór an Madadh,
A rug ar an gCat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
![](https://www.aistriulitriochta.ie/wordpress/wp-content/uploads/2022/06/image-10-1024x808.png)
Seo é Scológ an choirce phunannaigh,
A bheathaigh an Coileach glórach scanraithe,
A dhúisigh an Sagart ró-mhaith beannaithe,
A phós an Fear stróicthe stractha,
Agus an Cailín brónach caite,
A bhligh Bó na hadhairce caime,
A chaith thar scioból mór an Madadh,
A rug ar an gCat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
Seo iad an tEach, an Gadhar, is an barr bua,
A bhí ag Scolóig an choirce phunannaigh,
A bheathaigh an Coileach glórach scanraithe,
A dhúisigh an Sagart ró-mhaith beannaithe,
A phós an Fear stróicthe stractha,
Agus an Cailín brónach caite,
A bhligh Bó na hadhairce caime,
A chaith thar scioból mór an Madadh,
A rug ar an gCat,
A mharaigh an Luch,
A d’ith an Coirce,
A bhí sa Mála,
A frítheadh sa teach a thóg Seáinín.
![](https://www.aistriulitriochta.ie/wordpress/wp-content/uploads/2022/06/image-8-1024x443.png)
![](https://www.aistriulitriochta.ie/wordpress/wp-content/uploads/2022/06/Untitled-1-75x75.png)
![](https://www.aistriulitriochta.ie/wordpress/wp-content/uploads/2022/06/Faoi-Cheilt_cludach-tosaigh-75x75.jpg)
2 Comments
Tom Bolster
Thank you very much for this text Absolutely delightful. Although I had heard of Fi-Fá- Fum by MacGiollarnath, I have never set eyes on a copy. But after this lovely extract I shoul hope that you might make additional excerpts available on a regular basis.
But again sincere thanks for this one.
Beir bua agus beannacht.
Séamus
Grmma, a Tom. Nach iontach an leagan é seo thuas! Beidh Courtney ag cur sleachta as an leabhar ar fáil de réir a chéile le gur féidir le daoine taitneamh a bhaint as na haistriúcháin iontacha seo athuair.