Blaiseadh

Central Park le Guillaume Musso — FR-GA le Sionann Ní Ghréacháin

Bunleabhar: Central Park
Bunteanga: Fraincis
Údar: Guillaume Musso
Foilsitheoir: Éditions de l’épée (2014)

Aistritheoir: Sionainn Ní Ghréacháin

Eolas faoin aistriúchán: D’eascair an t-aistriúchán seo as tionscadal a rinne Clíodhna Nic Giolla Comhail, Criostóir ó Finn agus Sionainn Ní Ghréacháin agus iad ina scoláirí Erasmus le Fraincis agus Léann an Aistriúcháin in OÉG. Tá an t-aistriúchán Gaeilge á réiteach lena chur i gcló.

Sa Teach

Cuardaíonn daoine an solas i ngairdín leochaileach ina mbíonn na dathanna ar creathadh.
Les hommes cherchent la lumière dans un jardin fragile où frissonnent les couleurs.
Jean Tardieu

Bhí gealach ghorm ag luí go trom sa spéir agus ag cur in éadan na scamall.

Bhí sé sioctha fuar.

Taobh istigh den Shelby, níor chuir an teas uaidh ach aer bogthe. Chuimil Alice a lámha dá chéile lena dtéamh agus chlúdaigh sí lena muinchillí iad. Bhí solas na síleála lasta aici agus bhí an léarscáil bhóithre ar a glúnta aici. Agus é cromtha chun cinn agus a aghaidh dorcha, bhí Gabriel ag tiomáint, a lámha greamaithe leis an roth stiúrtha. Ó ghlaoigh Seymour orthu, bhí siad ar an mbóthar le thart ar thrí uair an chloig, iad i gcónaí ag dul ó thuaidh. Tar éis turas chomh fada sin, bhí míchompord an Shelby le brath anois go pianmhar: suíocháin an-íseal, crochadh seanchaite, teas lochtach…

Agus é dírithe ar an bhóthar, d’éirigh le Gabriel a bhealach a dhéanamh thart ar lúb ghearr agus ghéaraigh sé an luas chun an carr a thiomáint síos an bóthar géar a bhí fite fuaite i ngleannta na sléibhte. Ní fhaca siad carr eile le ciliméadair anuas. Ní raibh duine ná deoraí san áit.

Bhí siad ar maos sa dúlra thart orthu. Bhí an choill dubh agus bagrach, gan dath ar bith eile. Bhí fordhath monailiteach, lán le scáthanna agus le dorchadas áibhéiseach, tar éis teacht in áit phailéad dathanna an fhómhair.

Uaireanta agus iad ag dul thart ar na lúba gearra, d’fheicidís an gleann báite sa cheo, mar aon le heas srathach a ndéanadh a chuid uisce imthacaí airgid a tharraingt ar an charraig.

Agus fáinní dubhh faoina súile aici, de bharr na tuirse agus na heaspa codlata, chíoraigh Alice an méid a dúirt Seymour leo in athuair: ní hamháin nach raibh Vaughn marbh, ach bhí sé gníomhach. Deich lá roimhe sin, mharaigh sé banaltra, anseo, i Sasana Nua, agus tamall ina dhiaidh sin, d’fhill sé ar an Fhrainc chun duine éigin eile a mharú agus chun an corpán a fhágáil sa tseanmhonarcha siúcra. 

Ní raibh Vaughn ag obair as féin. Bhí Alice cinnte de. Ní trí sheans a bhuail sí le Gabriel. Thug Vaughn le chéile iad chun iad a spreagadh agus a ndúshlán a thabhairt. Ach níorbh fhéidir gur obair duine aonair, scoite amach a bhí sa imeacht ghruama seo. Ó thaobh ábhair agus leagan amach de, ní fhéadfadh le haon fhear amháin puzal dá leithéid seo a eagrú. 

Chuimil Alice caipíní a súile. Ní raibh sí in ann smaoineamh i gceart níos mó agus bhí a meabhair ina criathar.

Bhí rud amháin ag dó na geirbe aici, áfach: cén fáth ar inis a hathair bréag di maidir le bás Vaughn?

Chuimil sí a guaillí agus ghlan sí an gal a chruinnigh de réir a chéile i gcoinne phána na fuinneoige. Bhí an tírdhreach dearóil ag dul i bhfeidhm uirthi. Bhí a croí ina béal agus murach go raibh Gabriel lena taobh, bheadh sí i mbarr a céile. 

Thaistil siad thart ar chúig ciliméadar déag sular tháinig siad ar theorainn lomán os a gcomhair amach a d’oscail bealach trasna na coille.

“Ansin atá sé!” a d’fhógair Alice agus í ag ardú a súile ón léarscáil.

Chas an gearradh sa bhóthar ar clé agus d’imigh sé siar conair choille a bhí ar dubh le crainn ghiúise. Tar éis thart ar chéad méadar, d’éirigh an chonair ní ba chúinge, amhail is go raibh na crainn ag seasamh gualainn ar ghualainn chun an ruaig a chur ar an mbeirt ionróirí. Chuaigh an bheirt níos faide isteach i dtollán an fhásra. Bhí an spíonlach giúise ag scríobadh chorp an Mustang, bhí craobhacha crainn ag bualadh i gcoinne fhuinneoga na ndoirse, bhí an talamh ag éirí ní b’éagobhsaí. Bhí na cónaiféir ag cúngú orthu i ngan fhios dóibh féin. 

Go tobann, tháinig meall mór dorcha aniar aduaidh orthu de sciotán. Bhéic Alice, bhrúigh Gabriel ar throitheán na gcoscán agus rug sé greim chomh dochta agus ab fhéidir leis ar an roth stiúrtha chun an chunstaic a sheachaint. Shleamhnaigh an Shelby thar stoc crann giúise a bhain ceann de na scátháin chliatháin, a phléasc ceann de na fuinneoga ar chúl agus a chaith solas na síleála as a log.

Ciúnas. An eagla. Ansin búir fhada. 

Fia mór… a shíl Alice agus í ag féachaint ar scáthchruth ainmhí mhóir a raibh beanna air a bhí mar a bheadh gaothrán ann ag imeacht leis ar shiúl. 

“Aon rud briste?” arsa Gabriel le cinntiú.

“Níl, táim ceart go leor,” a dheimhnigh Alice, “Cad fútsa?”

“Beidh mé ceart go leor,” ar seisean ag casadh na heocrach adhainte arís.

Thiomáin siad cúig chéad méadar roimh theacht ar bhlár a raibh teach feirme ann.

Pháirceáil siad an Shelby gar don teach agus mhúch siad na soilse. Ba leor solas na gealaí chun an teach beag feirme a dhéanamh amach. Foirgneamh dronuilleogach a bhí ann, clúdaithe le cláir adhmaid agus bhí díon dhá fhána maisithe le slinnte céadair mar mhullach air. Bhí sé amhail is go raibh an dá fhuinneog dín a bhí ag briseadh tríd an áiléar ag breathnú go hairdeallach orthu. Ní raibh na comhlaí dúnta agus bhí sé dubh dorcha taobh istigh.

“Níl aon duine ann,” arsa Gabriel go dearfa.

“Nó sin atáthar ag iarraidh a chur ina luí orainn,” arsa Alice ag neadú an smaoinimh ina cheann.

Theann sí an dá strapa a bhí ar a mhála droma agus thug sí do Gabriel é. 

“Tóg é sin,” a d’ordaigh sí fad is a fuair sí an gunna ón lámhainnbhosca.

Bhain sí an Glock den churra, scrúdaigh sí an craos, d’ardaigh sí an glas slándála agus chuir sí a méar ar an truicear.

“Níl sé i gceist agat dul isteach ann gan aon chosaint, an bhfuil?” a d’fhiafraigh Gabriel.

“An bhfuil réiteach ar bith eile agat?”

“Tabharfar greadadh ceart dúinn!”

“Má bhí Vaughn ag iarraidh muid a mharú, bheadh sé déanta aige le fada.”

Thug siad aghaidh ar an bhfuacht agus chuaigh siad i dtreo an tí. Bhí gal ag éalú óna mbéal, é ag cruthú ribíní airgid a d’imigh ina ngal san oíche. 

Stop siad os comhair bosca traidisiúnta poist a raibh brat péinte chalógaí air. 

CALEB DUNN

D’fhág an t-ainm a bhí greannta in iarann sádrála ar an mbosca poist nach raibh aon amhras ann maidir le húinéir an tí. 


An t-aistritheoir: Ó Luimneach do Shionainn. Tá cónaí uirthi sa bhFrainc faoi láthair agus í ag gabháil do MA i Léann Teanga ar líne le OÉG tar éis di céim BA san Aistriúchán agus sa bhFraincis a bhaint amach ó OÉG.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *