Léirmheas

Catilína

Buntéacs: De coniuratione Catilinae
Bunteanga: Laidin
Bunúdar: Gaius Sallustius Crispus

Aistritheoir: An tAthair Peadar Ó Laoghaire

Léirmheastóir: Gan Ainm (Seán Mac Giollarnáth (Eag.)?)

Foilsíodh an léirmheas seo in An Claidheamh Soluis, 1914.

Céard atá sa Ghaeilge le léamh? Sin ceist a fhiafraítear dínn go minic. Ní féidir linn a cheilt go bhfuil ardphrós agus ardfhilíocht gann sa Nua-Ghaeilge agus go bhfuilimid ar bheagán litríochta i gcomórtas le lucht Bhéarla nó lucht na Fraincise. Tá críonnacht agus gaois agus cruinneas i gcaint na ndaoine ach níl na buanna sin bailithe agus ceangailte le chéile dúinn fós ag ár n-údair. Bíonn blas agus cruth a haimsire féin ar litríocht gach aoise. Tá ré an amhráin caite; tá ré an tseanscéil caite mar an gcéanna. Tá aon fhoirm amháin nach n-athraíonn a cruth mórán, is é sin prós mar a scríobhann an staraí, nó mar a scríobhtar ag lucht seanmóireachta agus ag lucht aistí a scríobh. In sa seanscéal féin, is é an nós scéalaíochta atá caite agus ní hé an nós cainte. Tá cáil ar na scéalaithe le deise focal agus ráite agus soiléireacht, agus beidh ábhair léinn go deo iontu ag ár n-údair.  

Tá prós ag fás inniu ach tá fómhar na Nua-Ghaeilge róbheag fós lena mheas. Is iomaí rud a bheas ag cuidiú léi. Cuideoidh sé léi an tseanlitríocht a scrúdú agus a iompú go caint na haimsire seo. Cuideoidh sé léi na nithe is críonna agus is cliste a chur síos gan easnamh inár gcaint féin. Cuideoidh an obair seo atá á déanamh ag an Athair Peadar go mór léi. Ní mór do na húdair dá fheabhas í an chaint, eolas a bheith acu ar fhoirmeacha litríochta na hEorpa; ní mór dóibh eolas a bheith acu agus tuiscint ar na nithe a stiúraíos an drong dhaonna; ní mór dóibh an pobal a thuiscint agus eolas a chur ar a gcreideamh agus ar a stair. Tá na húdair Laidine ar dhream de na scríbhneoirí is cliste agus is mó cáil dár mhair ariamh. Baineann a gcuid déantúis le chuile rud dár bhain le saol iontach na Róimhe, agus b’éifeachtach an saol a bhí acu sa Roimh. I dtosach bhí sé garbh tréan trodach. Ansin tháinig an léann agus an chlisteacht agus ina dteannta sin tháinig an tsibhialtacht agus an chumhacht agus an saibhreas. Leath riail na Róimhe go dtí an domhan thoir, soir chomh fada leis an Éigipt agus leis an nGréig agus leis an bPalaistín. Leathadar a gcumhacht agus chuireadar a smacht i bhfeidhm sa domhan thiar freisin. Smachtaíodar an Spáinn agus an Fhrainc agus mhair a riail na céadta bliain sa Bhreatain. D’fhágadar sibhialtacht ina ndiaidh i mórán tíortha. Rinneadar bóithre agus thógadar bailte poirt; chuireadar gnó agus tráchtáil á ndéanamh idir tíortha; cheapadar dlíthe agus nós rialtais. Bhí feirmeoireacht ar fheabhas lena linn. Bhí oideachas ag an gcoitiantacht ina dtír féin, bhí crógacht á múineadh i gcónaí agus airm á gcleachtadh. I ndeireadh na dála tháinig ollmhaoin agus caitheamh airgid agus díomhaointeas agus d’imigh an Róimh chun deiridh.

Mhilleadar náisiúin bheaga agus in éineacht leofa mhilleadar agus mhúchadar nósanna maithe nach raibh acu féin. D’oibríodar an lámh láidir rómhór agus rómhinic. Bhí a scríbhneoirí ag cuidiú leofa. Ba bhreá na ceardaithe iad agus ba ghaoiseach. Tá a gcuid déantúis mar ábhar léinn ar fud na hEorpa agus sa domhan thiar. Ní miste dúinn in Éirinn a leabhra do tharraingt chugainn. B’fhearrde sinn an staidéar agus b’fhearrde an Ghaeilge leabhra mar é seo atá déanta ag an Athair Peadar a bheith inti. Múintear Laidin do na mílte in Éirinn ach ní fhoghlaimíonn duine sa mhíle i gceart í. Is amhlaidh a chuireann an tslí ina múintear í déistin ar mhic léinn agus tagann fuath di dóibh. Dá mbeadh litríocht na Róimhe againn i nGaeilge agus í intuigthe mar a d’iompaigh an tAthair Peadar ‘Caitilína’ bheadh tóir ar an litríocht sin.

Tá an Laidin casta crua agus deacair a thuiscint. Tá an t-aistriú seo soiléir bríomhar binn. Is aoibhinn linn é; na ráite gearrtha atá ann; an chaint réidh; na focail a bhfuil tuiscint againn orthu uile; a chéillí is atá sé, gan aon ghalamaisíocht nó buillí faoi thuairim; a fheabhas agus a chruinneas. Is iondúil go ndéantar aistrithe go holc. Bíonn mearbhall ar scríbhneoirí nach léann dóibh scaradh leis an teanga iasachta. Fágann sí greim orthu agus bíonn Béarlachas nó Laidineachas nó Gearmánachas sa Ghaeilge acu. Tá greim chomh láidir sin ag an nGaeilge ar an Athair Peadar nach bhféadfadh sé droch-Ghaeilge a scríobh nó rud iasachta a ligean isteach in aistriú a bheadh á dhéanamh aige.

Déanfaidh an leabhar seo ‘Catilína’ rud maith dár scríbhneoirí óga: taispeánfaidh sé dóibh nach ionann le chéile flúirseacht cainte agus litríocht. Bhí an fear a chéadscríobh ‘Caitilína’ cruinn agus beacht. Ní raibh uaidh caint a scaoileadh. Is éard a bhí uaidh smaointe a chur i gcéill agus nuair a bhí smaointe go glan cruinn aige scaoil sé é i mbeagán focal.

 Is féidir teacht ar leagan PDF an aistriúcháin anseo:

 https://ia800202.us.archive.org/9/items/catilnacntas00salluoft/catilnacntas00salluoft.pdf

Leave a Reply

Your email address will not be published.