Blaiseadh

Oileán an Dochtúra Moreau le H.G. Wells — EN-GA le Séamus Ó Coileáin

Bunleabhar: The Island of Doctor Monreau
Bunteanga: Béarla
Údar: H.G. Wells
Foilsitheoir: William Heinemann (1896)

Aistritheoir: Séamus Ó Coileáin
Eolas faoin aistriúchán: Smut d’aistriúchán atá le foilsiú go gairid.

V. AN FEAR NACH RAIBH AON CHEANN SCRÍBE AIGE

Le breacadh an lae (an dara lá tar éis gur tháinig biseach orm, agus an ceathrú lá tar éis mo tharrthála, is dóigh liom), dúisíodh as mo chodladh mé le rabharta brionglóidí – faoi ghunnaí agus faoi bhaiclí geonaíola – agus chuala mé liúireach ciachánach os mo chionn. Chuimil mé mo shúile agus luigh mé ann ag éisteacht leis an torann, gan a fhios agam ar feadh tamaill cá háit a raibh mé.

Ansin chuala mé trup trap cos lomnocht, torann rudaí troma á gcaitheamh, gíoscán diamhair agus clingireacht slabhraí. Chuala mé lapadáil an uisce agus an long ag tiontú go hobann, agus chonaic mé cúr buíghlas ag síobadh trasna na fuinneoige bige cruinne.

Chuir mé orm mo chuid éadaí go tapaidh agus chuaigh mé in airde ar an deic. Agus mé ag teacht aníos an dréimire, chonaic mé an spéir dhearg – óir bhí ag ghrian ag éirí – agus drom leathan agus gruaig rua an chaptaein agus os cionn a ghualainne bhí an púma a bhí ar crochadh ó ulóg a bhí feistithe de bhumaile an tseoil deiridh. Bhí cuma sceimhlithe ar an ainmhí agus í cúbtha ag bun a caighin bhig.

“Cuir thar bord iad!” arsa an captaen. “Cuir thar bord iad! Beidh long ghlan againn gan mhoill agus muid réidh leo go léir.”

Bhí sé ina sheasamh sa tslí orm agus bhí orm smitín a bhualadh ar a ghualainn ionas go bhfeadfainn a theacht ar an deic. Thiontaigh sé de gheit agus sheas sé siar cúpla coiscéim go bhféadfadh sé stánadh orm. Níor ghá dom saineolas a bheith agam lena dhéanamh amach go raibh sé ar meisce fós.

“Huló!” ar seisean, go dúr; agus tháinig loinnir ina shúile agus ar seisean: “Dheara, is tusa Mister-Mister?”

“Prendick?” arsa mise.

“Prendick más ea!” ar seisean.

“Éist do bhéal, –  sin é is ainm duitse. Mister Éist do Bhéal.”

Níorbh fhiú freagra a thabhairt ar an mbithiúnach, ach ní raibh mé ag súil lena ndearna sé ina dhiaidh sin. Shín sé a lámh i dtreo na bearnan cloird mar a raibh Montgomery ina sheasamh agus é ag caint le fear rímhór a raibh gruaig liath aige agus línéadach salach gorm air agus é díreach tar éis teacht ar bord, ba chosúil.

“An treo sin, Mister Éist do Focain Bhéal! An treo sin!” arsa an captaen de liú.

Thiontaigh Montgomery agus a chompánach agus é ag caint.

“Cad atá i gceist agat?” arsa mise.

“An treo sin, Mister Éist do Focain Bhéal! Sin é atá i gceist agam! Thar bord, Mister Éist do Bhéal – agus go gasta! Táimid ag glanadh na loinge – an rud go léir á ghlanadh againn, agus thar bord leatsa!”

Stán mé air agus mearbhall orm. Rith sé liom ansin gurbh é sin an rud a theastaigh uaim. Níorbh aon chailliúint é turas asam féin leis an mbaicle ghearánach sin. Thiontaigh mé i dtreo Montgomery.

“Ní féidir linn glacadh leat,” arsa compánach Montgomery go giorraisc.

“Ní féidir libh glacadh liom,” arsa mise agus alltacht orm.

Bhí an aghaidh ba chearnógaí agus ba dhiongbháilte dá bhfaca mé riamh aige.

“Cogar,” arsa mise agus mé ag tiontú i dtreo an chaptaein.

“Thar bord!” arsa an captaen. “Ní long í seo do bheithígh ná do chanablaigh ná do neacha is measa ná beithígh, a thuilleadh. Thar bord leatsa, Mister Éist do Bhéal. Mura nglacfaidh siad leat, caithfear thar bord thú. Ach, pé ar domhan é, imigh leat – le do chairde. Tá mo sháith agam den oileán damanta seo, áimean! Tá mo sháith agam de.”

“Ach, Montgomery,” arsa mise d’achainí.

Chuir sé strainc ar a liopa íochtair, agus sméid sé a cheann go héadóchasach i dtreo fhear na gruaige léithe a bhí in aice leis, chun a chur in iúl nach raibh aon neart aigesean air.

“Déileálfaidh mé leatsa láithreach,” arsa an captaen.

Cuireadh tús le haighneas aisteach idir an triúr ansin. Rinne mé achainí ar gach duine den triúr fear  – ar an gcéad dul síos ar fhear na gruaige léithe a ligean dom dul i dtír, agus ansin ar an gcaptaen mo choinneáil ar bord. D’impigh mé de bhéiceanna ar na mairnéalaigh. Ní raibh gíog ná míog as Montgomery ach a chloigeann a chroitheadh.

“Tá tú ag dul thar bord, a deirim leat,” arsa an captaen arís eile. “Dlí mo thóin. Is mise an rí anseo.”

I ndeireadh na dála, chlis ar mo ghlór agus mé i lár bagartha. Bhuail racht rotháin mé agus d’imigh mé liom siar agus stán mé romham.

Idir an dá linn, lean na mairnéalaigh orthu ag baint pacáistí agus ainmhithe i gcaighin den long. Bhí lainse mhór, a raibh dhá sheol cleithe seasta aici, faoi thaobh an fothana den scúnar, agus luchtaíodh an raidhse earraí aisteacha inti-se.

Ní fhaca mé na giollaí ón oileán a bhí ag glacadh leis na bearta, óir bhí cabhail na lainse i bhfolach laistiar de chliathán an scúnair uaim.

Níor thug Montgomery ná a chompánach aird dá laghad orm, ach iad ag tabhairt cúnaimh agus treoracha don cheathrar nó don chúigear mairnéalach a bhí ag díluchtú na n-earraí. Chuaigh an captaen anonn agus é ag cur isteach orthu seachas ag cabhrú leo.

Bhí idir dhíomá agus éadóchas orm. Sheas mé i mo staic babhta nó dhó ag feitheamh ar fhuascailt; níorbh fhéidir liom ach gáirí faoin fhaopach ina raibh mé.

Ba mheasa a d’airigh mé toisc nach raibh aon bhricfeasta agam. Baineann an t-ocras agus ganntan ceall fola an teaspach de dhuine. Thuig mé go rímhaith nach raibh an neart ionam cur i gcoinne an chaptaein a bhí ag iarraidh mo dhíbeartha ná mo bhrú féin ar Montgomery agus a chompánach. D’fhan mé go héigníomhach ar chor na cinniúna; agus leanadh ar aghaidh le luchtú lainse Montgomery amhail is nach raibh mé ann in aon chor.

Tugadh an obair chun críche ansin agus thosaigh an iomrascáil. Tarraingíodh chuig an gclord mé i gcoinne mo thola. Thug mé aird ansin, fiú, ar aghaidheanna aisteacha donna na bhfear a bhí sa lainse i dteannta Montgomery; ach bhí an lainse lánluchtaithe faoin am sin agus seoladh go tapaidh í.

Bhí bearna thíos fúm ina raibh uisce glas, bearna a bhí ag leathnú de shíor, agus bhrúigh mé i leith mo chúil le mo chrobhneart ionas nach dtitfinn isteach ann i mullach mo chinn.

Bhí giollaí na lainse ag scigmhagadh de liúnna, agus chuala mé Montgomery ag caitheamh achasáin leo; agus ansin thug an captaen, an máta, agus duine de na mairnéalaigh a bhí ag cuidiú leis i dtreo thosach na loinge de ruathar mé.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *