Léirmheas

Alice i Sruth na Maoile

Aistritheoirí: Nicholas Williams (Eachtraí Eilíse i dTir na nlontas) / Moray Watson (Eachdraidh Ealasaid ann an Tir nan Iongantas)
Foilsitheoir: Evertype (Eachtraí Eilíse i dTir na nlontas – 1993) / Eachdraidh Ealasaid ann an Tir nan Iongantas

Léirmheastóir: Proinsias Ó Drisceoil
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 76, Uimh 6 (Meith. 2016),

IS Ó SCANNÁIN AGUS Ó CHARTÚIN a thagann pé cur amach a bhíonn ag páistí go coitianta ar Alice in Wonderland ar na saolta seo; is scéal do dhaoine fásta anois é, cuid de chanóin an Nua-Aoiseachais, téacs atá ag cur thar maoil le paradacsa, paistís, débhrí agus idirthéacsúlacht, le comhfhoclacht agus imeartas focal – tréithe a mheallann chuige scoláirí agus criticeoirí ar mór leo a leithéid. Meallann Alice in Wonderland chuige chomh maith aistritheoirí a bhíonn ag iarraidh dul i ngleic leis an dúshlán mór a bhaineann le leabhar a aistriú nuair is príomhghnéithe den leabhar iad an chomhfhoclacht agus miondealaithe caolchúiseacha brí agus fuaime.

Tá sraith aistriúchán ar Alice in Wonderland á foilsiú le tamall anuas ag an gcomhlacht Evertype, roinnt  mhaith  acu i mionteangacha ar nós na Manainnise ((Contoyrtyssyn Ealish ayns Cheer ny Yindy) agus na Coirnise (Der an Gweder Meras ha Myns a Gafas Alys Ena). Ba é Nicholas Williams, iar-ollamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a sholáthair an leagan Coirnise (2015) agus, dhá bhliain déag roimhe sin, foilsíodh aistriúchán Gaeilge dá chuid faoin teideal Eachtra Eilíse i dTír na nlontas (2003). Sa bhliain 2012 d’fhoilsigh Evertype leagan Gàidhlig den leabhar ó pheann Moray Watson, ollamh in Ollscoil Obar Dheathain, faoin teideal Eachdraidh Ealasaid ann an Tir nan Iongantas. Bhí aistriúcháin le fáil sa dá theanga cheana – Tubaistean Alice in Tir na Miorbhaile (1990) le Isabel Graham agus Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas (1922) le Pádraig Ó Cadhla – ach bhí an ­deis ann tabhairt faoi arís agus aistritheoirí á ngriogadh ag sraith Evertype.

Is gnách réamhrá a chur le haistriúcháin Evertype agus ní beag an léas a chaitheann na réamhráite  seo ar chur chuige na n-aistritheoirí ar leith. Cuireann Moray Watson in iúl ina réamhrá seisean gurb é litriú an lae inniu atá á chleachtadh aige agus go bhfuil an ghramadach san aistriúchán ‘rudeigin sean-fhasanta,’ é mionchruinn ach freisin ag dul in aghaidh ghnásanna an lae inniu maidir leis na tuisil de go háirithe. Deir sé nach bhfuil foirmeacha neamhphearsanta ar nós ‘Ithtear mi’ nó ‘Oltar mi’ á n-úsáid aige agus go bhfuil foirmeacha ordaitheacha pearsanta – ‘ith mi,’ agus ‘ol mi’ – á n-úsáid aige ina n-áit. (Mar a tharlaíonn, is iad na foirmeacha neamhphearsanta ‘sean-fhasanta’ seo de na briathra atá in aistriúchán Gaeilge Williams.)

Deir Watson go bhfuil carachtair uile an leabhair ‘a’ creidsinn gu bheil iad a’ bruidhinn Gàidhlig’ (ag ceapadh go bhfuil Gàidhlig á labhairt acu); i gcás Williams tá a mhacasamhail de dhúchasú ar bun aige agus na míreanna i dtaobh stair Shasana – na tagairtí do William the Conqueror agus eile – bainte amach as an téacs agus sleachta as Foras Feasa ar Éirinn curtha ina n-áit. Cuirtear an leasú seo in iúl sa réamhrá: ‘Tríd is tríd rinneadh iarracht sa leabhar seo na tagairtí do chultúr na Sasanach a ghaelú chomh fada agus ab fhéidir’.

Tagann fadhbanna teanga chun léire fiú agus Alice ag titim síos poll an choinín i bhfíorthosach an leabhair agus bíonn sí ar seachrán i saol na teanga oiread agus a bhíonn sí ar fán sa saol colanda:

‘Down, down, down… yes, that’s about the right distance – but then I wonder what Latitude or Longitude I’ve got to?’

(Al ice had no idea what Latitude was, or Longitude either, but thought they were nice grand words to say.)

Presently she began again. ‘I wonder if I shall fall right through the earth! How funny it’ll seem to come out among the people that walk with their heads downward! The Antipathies, I think…’

Aistríonn Watson an t-imeartas ar an bhfocal ‘Antipodes’ mar ‘An Fheadhainn Thuathail’ ach téann Williams ag spraoi leis an leagan aitheanta, ‘na Fritíortha’ le focal úr a chruthú, ‘na Fritorthaí’.

Géaraíonn míthuiscint agus débhrí teanga – a bhfuil an leabhar foirgthe leis – castacht an aistriúcháin: tosaíonn caibidil a dó le ‘ “Curiouser and curiouser,” cried Alice’. ‘”Níos aistíocha agus níos aistíocha,” a dúirt Eilís’ atá sa leagan Gaeilge;’ “Nas neonaiche agus nas neonaiche,” ghlaodh Ealasaid’ atá sa Ghaidhlig. Eiseamláir eile den chaint a cheap Lewis Carroll don leabhar é ‘much of a muchness’:

‘- that begins with an M, such as mouse-traps, and the moon, and memory, and muchness – you know you say things are ‘much of a muchness’ – did you ever see such a thing as a drawing of a muchness?’

Is mar seo atá ag Williams:

‘- a thosaíonn le M, miasa, cuir i gcás, agus mionphlainéid agus meabhair agus measarthacht – tá a fhios agat go moltar fanacht i mbun na measarthachta’ – an bhfaca tú a leithéid de rud riamh, líníocht de mheasarthacht?’

Is é ‘moran’ atá ag Watson ar ‘muchness’ agus ‘moran den aon choltas’ ar ‘much of a muchness’.

Is mó fós an dúshlán a bhaineann le hathleagan comhfhoclach cuí d’abairt sheanbhunaithe Bhéarla a sholáthar, leithéid ‘Take care of the sense and the sounds will take care of themselves’ atá tiontaithe go litriúil sa Ghaidhlig mar ‘Thoir an aire dhan chiall agus leig leis na fuaimean an aire a thoirt orra fhein,’ ach a bhfuil athleagan dá chuid féin ceaptha ag Williams dó: ‘i ndiaidh a chéile a theanntar na coscáin,’ atá, ar dóigh, bunaithe ar shean-nath Gaeilge, díreach mar atá an nath Béarla bunaithe ar shean-nath sa teanga eile sin.

Is trí mheán seanfhocal dúchais a aistríonn an bheirt an frása ‘birds of a feather flock together’: ‘aithníonn ciaróg ciaróg eile,’ mar a bheifí ag súil leis, sa Ghaeilge; ‘bidh an dubh-isean ag iarraidh an dubh-gheoidh’ sa Ghaidhlig.

Bhí an focal ‘tortoise’ ag cur ar an mbeirt go mór. Fásann an greann a bhaintear as an bhfocal sa bhunleabhar as neasacht ‘tortoise’ agus ‘taught us’ i bhfuaimniú inghlactha Shasana. Sa Ghaeilge bunaítear an greann (más greann é) ar a ghiorracht is atá ‘toirtís’ agus ‘toirtéis’ (‘haughtiness, self-importance’ ag Ó Dónaill) dá chéile:

Sa bhunleagan:

‘Why did you cal! him Tortoise, ifhe wasn’t one?’ Alice asked. ‘We called him Tortoise because he taught us,’ said the Mock Turtle angrily: ‘really you are very dull!’

Sa Ghaeilge:

‘Cén fáth a dtugadh sibh Toirtís air,’ a d’fhiafraigh Eilís, ‘murar thoirtís é dáiríre?’

‘Toirtís a thugaimis air,’ a dúirt an Turtar-Bréige go colgach, ‘toisc go raibh toirtéis ag roinnt leis. Is an-dall an cailín beag thú!’

Pléann Watson fadhbanna aistriúcháin na míre seo sa réamhrá agus mínítear gur roghnaíodh ‘toirt as’ mar leagan  magaidh ar ‘tortoise’ agus gur roghnaíodh ‘Sligeanach’ ar an bhfocal ‘tortoise’ féin. Is mar lomaistriúchán ar an bhfrása Béarla ‘bringing us out of our shells’ a roghnaíodh é:

‘Bha sinn ag radh Sligeanach ris oir bha e gar ‘toirt as ar sligean,’ ars an Turtair-mheallta le fearg; ‘nach tu a tha gorach.’

Ní gan stró a aistríodh ach oiread an cur síos ar an ‘Classical Master’ a mbíodh ‘Laughing and Grief’ á múineadh aige: bhíodh sé ‘a’ teagasg Lachanaich agus Greadhadh’ de réir na Gaidhlig agus is iad ‘Leaba agus Gléasadh’ a bhíodh á múineadh aige de réir na Gaeilge.

Ní mó focal ná an focal ‘whiting’ a chráigh na haistritheoirí, áfach:

‘Do you know why it’s called a whiting?’

‘I never thought about it,’ said Alice. ‘Why?’

‘It does the boots and shoes.’ the Gryphon replied very solemnly.

Alice was thoroughly puzzled. ‘Does the boots and shoes!’ she repeated in a wondering tone.

‘Why, what are your shoes done with?’ said the Gryphon. ‘I mean, what makes them so shiny?’

Alice looked down at them, and considered a little before she gave her answer. ‘They’re done with blacking, I believe.’

‘Boots and shoes under the sea,’ the Gryphon went on in a deep voice, ‘are done with whiting. Now you know.’

‘And what are they made of?’ Alice asked in a tone of great curiosity.

‘Soles and eels, of course,’ the Gryphon replied rather impatiently: ‘any shrimp could have told you that.’

Bunaíonn Watson an t-aistriúchán Gaidhlig aigesean ar an mbun-Bhéarla ach is cosúil gur mheas Williams nach raibh teannadh ar a chúl ná ar a aghaidh aige agus chum sé sliocht nua dá chuid féin timpeall ar an bhfocal ‘plás’ (‘plaice’ agus ‘flattery, wheedling; smooth plausible speech’ ag Ó Dónaill):

‘An bhfuil a fhios agat cén t-iasc is plámásaí?’

‘Is eagal liom nach bhfuil a fhios,’ a dúirt Eilís. ‘Ní raibh a fhios agam go bhféadfadh na héisc a bheith plámásach, fiú.’

‘Muise, bíonn a bhformhór mór an- sleamhain, an bhfuil a fhios agat? Ach is é an plás an ceann is measa díobh gan amhras,’ a dúirt an Ghríobh  go sollúnta. ‘D’fhéadfadh  ribe róibéis ar bith é sin a insint duit.’

‘Agus an bhfuil iasc ar bith ann nach mbíonn plámásach?’ a d’fhiafraigh Eilís.

‘Na concair, deile!’ a ghlaoigh an Ghríobh go láidir.

D’fhág údarás an Bhíobla dúchais i bPreispitéireachas Ghaeltacht na hAlban gur mhair ardréim teanga beo sa Ghàidhlig nuair a bhí a sheal tugtha ag a leithéid sa Ghaeilge, ach ní réim teanga é a oireann do chaint pháistí nó do ghreann . Dá bharr seo – agus in ainneoin na poncúlachta gramadaí – níl aon duine de na carachtair ar léir ar a chuid urlabhra gur caint mhórluachach uasaicmeach atá aige sa leagan Gaidhlig. Fágann seo ar fad an-deacair é caint íseal a dhealú amach  ó chaint uasal i gceachtar den dá aistriúchán, rud is gá le féinchanúint an Gryphon a léiriú go beacht, cuir i gcás: ‘ “This here young lady,” said the Gryphon, “she wants for to know your history, she do.”‘

Ní go maith a chrochann na haistriúcháin saintréithe a chuid cainte leo. Sa Ghaeilge:

  • “Teastaíonn ón gcailín beag seo,” a dúirt an Ghríobh, “‘fios fátha do scéil a chloisteáil, teastaíonn sin.”‘

Sa Gháidhlig:

  • “Tha  an  te  uasal  a  tha  seo,”  ars  an  Gribhean,  “a.irson an eachdraidh agad a chluinntinn, seadh.”‘

Baineann a leithéid chéanna d’aimhréidh leis an  gcarachtar, Pat, ar follas do chách cárbh as dó:

‘ Now tell me, Pat , what’s that in the window?’

‘Sure, it’s an arm, yer honour’. (He pronounced it ‘arrum’.)

Réim teanga í seo nach féidir a léiriú trí mheán na Gaeilge in aistriúchán Williams ó tharla na carachtair uile a bheith gaelaithe cheana féin, agus nach féidir Pat a dhéanamh níos gaelaí ná na Gaeil iad féin. Tá an dúshlán a bhaineann leis seo sa Ghaidhlig pléite ag Watson sa réamhrá. Áitíonn sé gur éirigh leis teacht timpeall ar fhadhb an Éireannachais trí ‘ruighe’ a úsáid ar ‘arm’ (‘righe – wrist, arm, forearm’ ag Dwelly) agus a chur in iúl gurb Éireannach é Pádraig a fhoghraíonn an focal mar’, n:,

‘Nise, in nis dhomh, a Phádraig, dé tha sin san uinneig?’

‘Seadh, ‘s e ruighe a tha ann, a dhuine uasail.’ (Thuirt e sin mar ‘rí’.)

Ó tharla, áfach, nach focal é ‘rí’ a bhíonn in úsáid go forleathan sa Ghaeilge agus ‘arm’ nó ‘forearm’ an Bhéarla mar chiall aige, ní dócha go mbeidh cainteoirí a bhfuil Gaeilge agus Gaidhlig acu cinnte de go bhfuil caint Phádraig tógtha leis ag an aistritheoir. Ina theannta sin, bíonn siar agus aniar idir ‘righ’ (/Ri:/; rí) agus ‘ruighe’ (/Ri.G/; ri-e) i bhfuaimniú na Gaidhlig i gcásanna áirithe: cuir i gcás, fuaimnítear an logainm ‘Port Righ’ mar ‘Port Rí’ go coitianta ach is minic chomh maith ‘Port Ruighe’ nó fiú, ‘Port Ruigheachd’ le cloisteáil ós na cainteoirí is fearr ar an Eilean Sgitheanach.

Baineann míbhuntáistí áirithe, mar sin, leis an dúchasú atá curtha i gcion ag na haistritheoirí agus bheadh seans  ann gur mó a threiseofaí leis an ngreann ach coimhthíos andúchasach Sasana-lárnach an scéil a fhágáil gan é a ghaelú.

Fágann an bhéim dhosheachanta seo ar láimhseáil  teanga gur leagan linbh den ‘ideal reader suffering from an ideal insomnia’ a theastódh dá mbeadh páiste le ceachtar den dá aistriúchán atá faoi chaibidil anseo a léamh, fiú dá mbeadh teacht ar pháiste inniu arbh fhearr leis Alice in Wonde rland ná scéalta JK Rowling nó Roald Dahl mar lón léitheoireachta. Ach is leaganacha eiseamláireacha ina dhiaidh sin iad d’ealaín litríocht an aistriúcháin, ealaín a bhfuil athnuachan gan choinne le brath air le tamall de bhlianta anuas sa Ghaidhlig agus sa Ghaeilge araon.

Leave a Reply

Your email address will not be published.