Nuacht

Tinte na Farraige Duibhe

Aistriúchán nua-fhoilsithe

Údar: Tim Armstrong
Buneideal: Air Cuan Dubh Drilseach
Bunteanga: An Ghàidhlig
Aistritheoir: Eoin P. Ó Murchú
Foilsitheoir: Leabhar Breac (2020)

Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu.

Tá úrscéal nua ficsin eolaíochta foilsithe ag Leabhar Breac. Tinte na Farraige Duibhe is teideal dó. Scéal samhlaíoch spraíúil sa spás atá ann a scríobh Tim Armstrong i nGaeilge na hAlban i dtosach. Tá Eoin P. Ó Murchú tar éis an saothar a aistriú go Gaeilge.

Arsa an t-aistritheoir Eoin P. Ó Murchú ‘Tá ríméad orm an leabhar seo a bheith ar fáil anois. Bhuaigh an leabhar duaiseanna go leor nuair a foilsíodh é i nGaeilge na hAlban agus bhí sé ar an leabhar ba mhó díol ann ar feadh roinnt blianta. Ní haon ionadh é sin, tá an scéal fíorthaitneamhach agus cuirfidh sé daoine ag smaoineamh. Tá aiseolas an-dearfach tagtha ó léitheoirí na Gaeilge go dtí. Más scéal eachtrúil atá uait seo an ceann!’

‘Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid.’

Dúirt Tim Armstrong, an bunúdar, go bhfuil sé ‘fíorshásta an leabhar a bheith ar fáil i nGaeilge anois. Is iontach na naisc a chruthaíonn aistriúchán mar é idir an dá phobal Gaeilge. Ní raibh mórán fonn orm go n-aistreofaí an leabhar go Béarla mar sin is saothar é seo do na Gaeil ar dhá thaobh Shruth na Maoile! Chaith mé a lán ama leis na carachtair seo agus táim ag súil go dtaitneoidh siad chomh mór le pobal na hÉireann is a thaitin siad liomsa.’

Tá an leabhar ar fáil anois ó Leabhar Breac
(is féidir sliocht ón leabhar a léamh ann.)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *