Aesóp i gConamara
Aistritheoir: Pádraig Mac Con Iomaire / Domhnall Ó Cearbhaill
Foilsitheoir: Arlen House (2001)
Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil
Léirmheastóir: Máiréad Ní Chinnéide
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 71, Uimh 1 (Ean. 2011)
Tá imeallú iomlán agus dearmad glan cóir a bheith déanta ag na meáin chlóite aran nGaeilge le fada an lá.’ Eagarthóir Aesóp i gConamara (Arlen House), Nollaig Mac Congáil, a scríobh é sin sa réamhrá agus déanann sé comparáid idir a mhéid Gaeilge a bhí i gcló sna nuachtáin Bhéarla i mblianta luatha an tSaorstáit agus ina dhiaidh agus an méid atá i gcló anois agus mar a deir sé ‘is ceart cuimhneamh ar thábhacht na meán Béarla i gcur chun cinn na Gaeilge ar an uile dhóigh agus ar an gcomaoin mhór a chuir siad ar chúis na Gaeilge ar an uile bhealach i rith blianta fada an chéid seo caite.’
I mease na ndaoine a chuir comaoin nár bheag ar chúis na Gaeilge bhí Domhnall Ó Cearbhaill a rugadh gar do Dhún Chiaráin i gContae Uibh Fhailí i 1891. Mura mbeadh sa leabhar seo ach an cuntas a scríobh Máire Uí Chuinneáin ar a bheatha agus ar a shaothar foilsithe b’fhiú é a bheith ann. Fear ildánach a bhí ann a chuir suim in iliomad rudaí, sa Ghaeilge, sa chear daíocht, sa dúlra agus sa bhéaloideas. Ó 1922 go 1942 bhí aiste Ghaeilge gach seachtain i nuachtáin de chuid an Independent, suas le míle ar fad.
Tá rangú déanta ag Uí Chuinneáin ar ábhar na n-alt seo faoi na teidil seo leanas: aistriúcháin; béaloideas; ceardaíocht; léann na Gaeilge; oideachas agus ábhar a dtugann sí gnáthiriseoireacht air. Clúdaíonn an ‘gh náthiriseoireacht’ aistí faoi éin, bhláthanna, agus bhia cladaigh. Ba ghnách le Ó Cearbhaill tréimhsí fada a chaitheamh i gCarna i gConamara, agus chuir sé aithne aran cheardaí Pádraig Ó hUaithnín agus bhailigh eolas uaidh faoi shúinéireacht. Bhí ailt i gcló aige freisin faoi cheird an ghréasaí agus an táilliúra. Ó 1940 go lár na gcaogaidí bhí clár raidió gach oíche Shathairn Making and Mending aige.
Bailitheoir díograiseach béaloidis a bhí ann agus thug an Cumann le Béaloideas Éireann gléas taifeadtha dó. I gCarna bhailigh sé mórchuid scéalta agus seanchais ón bheirt sheanchaithe cháiliúla, Pádraic Mac Con Iomaire agus Pádraic Mac Dhonnchadha agus chuir sé aistí fada i gcló faoin gcur síos a a rinne Pádraic Mac Con Iomaire ar obair na bliana i gceantar Chama agus faoina chuimhní cinn a bhfuil cuid díobh i gcló anseo.
Thug Ó Cearbhaill Aesop’s Fables i mBéarla do Mhac Con Iomaire agus d’iarr air a insint féin i nGaeilge a chur ar na scéalta. Foilsíodh na scéalta san Evening Herald ó mhí na Samhna 1941 go deireadh na bliana 1942. (Ar lch 179 luaitear gur san Evening Telegraph a foilsíodh iad ach is cosúil gur botún é sin). Tá na scéalta i gcló anseo, 116 acu maraon le ceann amháin nár foilsíodh riamh. Ábhar léitheoireachta éasca i nGaeilge dhúchasach a bhí ann do idir óg agus aosta.
Dar ndóigh níorbh é Mac Con Iomaire an chéad duine chun leagan Gaeilge a dhéanamh d’fhab halscéalta Aesop agus tá aiste fiorshuimiúil ag Ríona Nic Congáil ar an dóigh ar athscríobhadh, ar aistríodh agus ar cuireadh na fabhalscéalta ar aghaidh ó ghlúin go glúin san Eoraip. Orthu sin a d’aistrigh bhí Martín Luther a rinne leagan Geamáinise de fhiche ceann acu agus dar ndóigh an Francach, La Fontaine, a rinne a chuid féin díobh i bhfoirm véarsaíochta. Is in 1881 a foilsíodh den chéad uair leagan Gaeilge de scéalta Aesóip san iris Mheiriceánach, An Gaodhal.
Ábhar do mhic léinn a bhí ag foghlaim na teanga a bhí sna hiarrachtaí sin agus is cosúil gur ag smaoineamh ar fhoghlaimeoirí freisin a bhí an tAthair Pádraig Ó Laoghaire nuair a d’aistrigh sé roinnt de na scéalta in Irisleabhar na Gaeilge roinnt blianta ina dhiaidh sin. Foil síodh iad fosta i bhfoirm leabhar ó Fabhail Scéalta ó Aesop le Seán Óg Ó Caomhánaigh go dtí leagan Liam Mhic Cóil do pháistí, Fabhalscéalta Aesóip agus an t-aistriúchán breá a rinne Breandán Ó Doibhlin ar véarsaí La Fontaine.
Ag iarraidh snas liteartha a chur ar scéalta béil Aesóip a bhí na húdair thuasluaite. A mhalairt a bhí i gceist ag Domlínall Ó Cearbhaill nuair a d’iarr sé ar Phádraig Mac Con Iomaire leaganacha béil a chruthú bunaithe ar na scéalta clóite.
Mar a deir Nic Congáil thuig Ó Cearbhaill ‘neamhbhuaine na litríochta béil’ agus bheartaigh sé taifead a dhéanamh ar iarrachtaí Mhic Con Iomaire ‘craiceann fior-Ghaedhealach a chur ar Aesóp’ agus léiríonn sí mar a thagann tréithe chultúr na nGael chun solais sna hiar rachtaí sin. Ag léamh na scéalta is deacair a shamhailt nach i nGaeilge a cumadh i dtús iad. Is deacra fós a shamhailt, ocht gcéad bliain tar éis a gcumtha, go bhfuil géarghá fós leis na ceachtanna morálta atá le foghlaim uathu.
Leabhar fiúntach é seo. Tá aistí eolais le triúr scoláirí, cuimhní cinn duine de na seanchaithe ba cháiliúla riamh mar aon le lón intinne agus anama sa leagan breá Gaeilge a rinne sé de scéalta an tsaoi Ghréagaigh.