Blaiseadh

An Bhanghealt

Bunscéal: La Folle
Bunteanga: Fraincis
Údar: Guy de Maupassant

Aistritheoir: Séamus Ó Coileáin


Do Robert de Bonnières.

“Cogar,” arsa Mr Mathieu d’Endolin, “cuireann na creabhair scéilín uafásach ón gcogadh i gcuimhne dom. Tá’s agat an áit atá agam i mbruachbhaile Cormeil. Bhíos im chónaí ann nuair a tháinig na Prúisigh.

“An bhean a raibh cónaí uirthi béal dorais, ba bhanghealt í a raibh lagbhrí uirthi mar gheall ar mhí-ádh. Nuair a bhí sí cúig bliana is fiche d’aois, cailleadh a athair, a fear céile agus a bunóc nua-bheirthe in aon mhí amháin.

“Ach a dtagann an bás isteach i dteach babhta, filleann sé láithreach nach mór, amhail is go n-aithníonn sé an doras.

“Thug an bhean bhocht, a bhí in umar aimléiseach an mhéala, thug sí an leaba uirthi féin ar feadh sé seachtaine agus í as a cranna cumhachta. Ansin, agus í lag tnáite tar éis na hanachana, ní dhéanadh sí bogadh ná gluaiseacht, seachas a súile a bhogadh, gan bia ar éigean a ithe. Gach uair a dheintí iarracht an bhean a chur ina seasamh, ligeadh sí uaill aisti amhail is go raibh duine éigin á márú. D’fhágaidís ina luí í lá i ndiaidh lae, gan a tarraingt amach ó na braillíní ach amháin chun a nite agus chun an tocht a iompú.

“D’fhanadh sean-bhuime le hais na leapa agus thugadh sí uirthi uisce a ól nó feoil fhuar a chogaint ó am go chéile. Cad a bhí ar siúl san anam ciaptha sin? Ní raibh a fhios sin ag éinne óir níor labhair sí riamh. An raibh sí ag cuimhneamh ar na mairbh? An raibh brionglóidí brónacha aici, gan chuimhne bheacht? Nó an amhlaidh nach raibh gíog ná míog as a smaointe mar a bheadh uisce gan sruth?

“B’in mar a bhí aici, iata agus támhach, ar feadh cúig bliana déag.

“Thosaigh an chogaíocht agus le linn na chéad laethanta de mhí na Nollag, tháinig na Prúisigh go Cormeil.

“Is cuimhin liom é amhail gurbh é an lá inné a tharla sé. Bhí an fuacht feanntach agus bhíos i mo luí siar i gcathaoir uilleann, gan lúth na gcos liom de bharr an ghúta, nuair a chuala tromchnagadh rithimiúil na gcos. Chonac ag dul thar bráid iad ón bhfuinneog.

“Mháirseáileadar gan stad leis an ngluaiseacht sin a bhíonn fúthu mar a bheadh puipéid. Ansin, roinn na ceannairí a gcuid fear ar a lóistín. Bhí seacht nduine dhéag liomsa. Bhí dáréag leis an gcomharsa, an bhanghealt, ina measc ceannfort, fíor-shaighdiúir forránach dorrga.

“Sna chéad laethanta sin ní raibh aon athrú ar chúrsaí. Dúradh leis an oifigeach béal dorais go raibh an bhean breoite, agus níor chuir sé isteach ná amach air. Ach chuir an bhean sin, nach bhfacthas riamh, isteach air gan ró‑mhoill. D’fhiosraigh sé faoin mbreoiteacht a bhí uirthi.  Dúradh leis go raibh bean an tí ag tabhairt na leapa le cúig bliana déag de thoradh ar mhéala uafásach. Níor chreid sé é sin, gan amhras, agus samhlaíodh dó nár fhág an óinseach bhocht an leaba mar gheall ar bhród, ionas nach gcífeadh sí na Prúisigh agus nárbh éigean di labhairt leo ná teagmháil leo.

“D’éiligh sé go mbualfadh sé léi agus tugadh chun a seomra é.

“ ‘Iarraim orm, a madame, éirí as an leaba agus teacht anuas go gcífimid thú.’ ar seisean go giorraisc.

“Thiontaigh sí a súile doiléire, a súile folmha, chuige ach ní dúirt sí focal.

“ ‘Ní chuirfead suas le drochbhéasa.’ ar seisean. ‘Mura n-éireoidh tú le teann béasa, aimseod slí éigin a chuirfidh as an leaba sin thú.’

“Ní raibh gíog ná míog aisti, amhail is nach bhfaca sí in aon chor é.

“Bhuail racht feirge é óir ba dhóigh leis gur mhasla a bhí sa tost. “Mura dtiocfaidh tú anuas amáireach…” ar seisean.

“D’imigh sé leis.

“Lá arna mháireach, theastaigh ón tsean-bhuime, a bhí trína chéile, an bhanghealt a ghléasadh ach thosnaigh sí ag scréachadh agus ag cur ina coinne. Tháinig an t-oifigeach isteach de ruathar agus thit an bhean aimsire ar a glúine.

“ ‘Ní theastaíonn uaithi, ní theastaíonn uaithi!’ ar sise. ‘Ná tógtar uirthi é; tá sí rí-bhrónach.’

“Bhí náire ar an saighdiúir agus in ainneoin a chuir feirge, ní thabharfadh sé ar a chuid fear an bhean a tharraingt amach as an leaba. Ach thosnaigh sé ag gáire, go hobann, agus thug sé orduithe as Gearmáinis.

“Chonaiceamar buíon ag teacht amach gan mhoill agus tocht ar iompar acu mar a d’iompródh daoine sínteán. Sa leaba sin, nár chodail éinne inti, bhí an bhanghealt ina luí go ciúin, beag beann ar a raibh ar siúl uimpi fad a d’fhágtaí ina luí í. Bhí fear laistiar di a raibh beart éadaí ban aige.

“Labhair an t-oifigeach ansin agus a dhá lámh á gcuimilt aige: ‘Chífimid an féidir leat thú féin a ghléasadh agus beagán siúil a dhéanamh.’

“Ansin chonacthas an bhaicle ag imeacht i dtreo fhoraois Imauville.

“D’fhill na saighdiúirí astu féin dhá uair an chloig ina dhiaidh sin.

“Ní fhacthas an bhanghealt arís. Cad a dheineadar léi? Cár thugadar í? Níorbh eol dúinn riamh é.

“Thit an sneachta de ló agus d’oíche, clúdaíodh na páirceanna agus an fhoraois faoi bhrat caonaigh reoite. Tháinig na faolchúnna ag glamhaíl chun na ndoirse againne.

“Chiaptaí mé ach a gcuimhnínn ar an mbean sin a bhí ar fán, agus chuirinn scéala chuig na húdaráis Phrúiseacha go rialta ionas go bhfaighinn eolas uirthi. Ba dhóbair mo chaitheamh.

“Tháinig an t-earrach. D’imigh arm na forghabhála leo. Bhí teach mo chomharsan fós dúnta; d’fhás féar aníos sa chlós.

“Cailleadh an tsean-bhuime i rith an tsamhraidh. Níor chuir an eachtra isteach ná amach ar éinne a thuilleadh; mise an t-aon duine a chuimhníodh air de shíor.

“Cad a dheineadar leis an mbean sin? Ar theith sí léi tríd an gcoill? Ar tháinig duine éigin uirthi, agus an raibh sí in ospidéal éigin gan aon eolas acu uirthi? Níor tharla aon ní a mhaolódh mo chuid amhrais; ach, diaidh ar ndiaidh, mhaolaigh an t-am an t-imní a bhí i mo chroí.

“An Fómhar dar gcionn, ámh, chuaigh na creabhair thar bráid ina scataí, agus toisc go raibh téarnamh éigin agam ón ngúta, thugas aghaidh ar an bhforaois. Bhí ceithre nó cúig cinn d’éan na ngob fada marbh agam cheana féin nuair a chaitheas ceann a chuaigh as radharc isteach i ndíog a bhí clúdaithe le scrobarnach. Bhí orm cromadh síos isteach ann go n-aimseoinn mo chreach. B’iúd thíos í in aice le blaosc corpáin. Agus bhuail cuimhneamh na bangheilte mé amhail buille doirne san ucht. Seans go bhfuair go leor daoine eile bás sna coillte sin i rith na bliana uafásaí sin, ach bhíos cinnte de, lánchinnte de – n’fheadar cad ina thaobh – gur casadh éadan na bangheilte dearóile sin orm.

“Thuigeas láithreach – bhí a fhios agam gach aon ní. D’fhágadar ar an tocht san fhoraois fhuar thréigthe í, ach níor chlaon sí ón tuairim a bhí aici agus fuair sí bás faoi chlúmh éadrom tiubh an tsneachta gan cos ná lámh a bhogadh.

“D’ith na faolchúnna ansin í.

“Agus dhein na creabhair a neadracha i gclúmh scróicthe an tochta.

“Choimeádas an chnámh thruamhéalach sin. Agus dheineas guí nach gcífeadh ár mic an chogaíocht go deo arís.”

An 5 Nollaig 1882


Is féidir an bunleagan Fraincise a léamh anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *