Nuacht

An Fiaclóir Fíochmhar

Aistriúchán nua-fhoilsithe

Údar: David Walliams
Buneideal: Demon-Dentist
Bunteanga: Béarla
Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta
Foilsitheoir: Futa Fata (2020)

Tá rudaí aisteacha ag tarlú ar an mbaile i rith na hoíche. Tá páistí ag cur fiacla faoina bpiliúir do Shióg na bhFiacla, ach ní féirín deas airgid a bhíonn ann ar maidin ach… damhán alla mór, nó seilide gránna nó na céadta feithidí beaga ag rith thart. Tá drochobair ar bun ag duine éigin. Ach cén duine?

Is eagarthóir agus aistritheoir í Máirín Ní Mhárta. Tá sealanna caite aici ag obair le Lár-Aonad Aistriúcháin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus mar bhall d’fhoireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. Tá riar leabhar aistrithe aici do Futa Fata, ina measc an chéad trí theideal sa tsraith DIARY OF A WIMPY KID (DIALANN DÚRADÁIN), na húrscéalta AMÚ, CUILEOG agus TIARNÁN AGUS AN tÉINÍN chomh maith le teidil éagsúla eile, idir fhicsean agus neamhfhicsean.

Is féidir an leabhar a cheannach anseo ar shuíomh Futa Fata

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *