Athchló

“Hata Sheáin Mhic Eoin” ón mBreatnais

Aistritheoir: Caitlín de Bhulbh
Bunteanga: Breatnais
Bunteideal: Het Jac Jones
Údar: Daniel Owen
Céadfhoilsiú: An Claidheamh Soluis, an 24 Deireadh Fómhair 1914


Is minic a chuala baint mhór a bheith ag an aigne le sláinte nó easláinte an choirp agus tá a lán den fhírinne sa mhéid sin. Seo duit scéal atá chomh fíor leis an bpaidir.

Tar éis a bheith fásta suas i mo bhuachaill dom d’éiríos lántuirseach de bheith ag obair ar an bhfeirm, bhí an saol san róchiúin domhsa. D’áiríos pá mhaith a bheith á fáil ag buachaillí i monarcha chotúin Yr Wyddgrug agus seo chun siúil mé ar lorg oibre inti. Do réitíos láithreach mar shaghas éigin seirbhísigh leis na sníomhaithe agus bhíos lán-sásta liom féin. Bhí buachaill eile ann a bhí ag gabháil don ghnó chéanna liomsa, comhaois dom ba ea é. Bhí sé ar leathshúil ach do chíodh sé níos mó leis an aon súil amháin sin ná mar a chíodh buachaillí de ghnáth lena dhá súil.

Liam Mac Séamais b’ainm dó. Cladhaire críochnaithe a bhí ann agus níorbh fhada go rabhamar go han-mhór lena chéile. Ní raibh lá ná beadh cleas éigin á imirt agam féin agus Liam ar na sníomhaithe. Ach bhí socair againn go ndéanfaimís an milleán ar fad a chur ar dhuine againn gach re babhta. Dá gcuirtí an cleas i mo leith-se, bheadh ar Liam Mac Séamais a rá gurbh eisean a bhí ciontach agus mar sin domhsa nuair a chuirfí an milleán airsean. Ar an gcuma san a bhímis ár seachaint féin ar na sníomhaithe agus níor mhiste dúinn sin, dream garbh míchneasta a bhí iontu chun smacht a chur ar bhuachaill. Fear darbh ainm Tomás Brúgha a bhí ina mháistir ar na sníomhaithe, bhí sé ar na daoine ba bhrúidiúla dá bhfaca riamh agus ní raibh ar m’aitheantas máistir ba mhó gráin lena chuid fear oibre ná é. Ach do thaitin magadh go mór le Brúgha agus ba bhreá leis a bheith ag imirt cleas ar na fir a bhí féna smacht agus mar gheall air sin ní déarfainn ná go raibh saghas bá aige liomsa agus le Liam.

Do léigheas in áit éigin gur féidir a chur ina luí ar dhuine slán é a bheith breoite agus ar dhuine breoite é a bheith slán, is é sin muna bhfuil taom trom air. Ag aimsir dinnéir, lá, do labhras le Tomás Brúgha ina thaobh seo agus seo mar a labhair seisean.

“B’fhuiriste triail a bhaint as dá nglacfá féin agus Liam Mac Shéamais comhairle lena chéile conas cleachtadh ar dhuine de na buachaillí anseo. Munab fhéidir le Liam seift éigin a cheapadh, tá sé fánach agamsa agus agatsa a bheith ag tabhairt faoi mar is glice Liam ná an seanbhuachaill féin.” Ba é an tuairim chéanna a bhí ag Liam ar Bhrúgha – gur diabhal a bhí ann.

“B’fhearr liom ná rud ná déarfainn,” arsa Liam liom, lá, “bás a fháil an nóiméad céanna díreach le sean-Tomás Brúgha anseo.”

“Cad ‘na thaobh?” arsa mise.

“Toisc an méid atá aige chun cuntas a thabhairt mar gheall air,” arsa Liam, “agus an fhaid bheifí ag plé a chúise-sean, d’fhéadfainnse éalú liom isteach sna Flaithis i ngan fhios d’éinne.”

Pé scéal é, do labhras le Liam i dtaobh rún Thomáis Bhrúgha agus bhí seift ceaptha ag Liam roimh thitim na hoíche. Do bhíodh hata ard á chaitheamh ag duine de na sníomhaithe darbh ainm Seán Mac Eoin agus ba ghnách leis an hata a chur ar crochadh ar an bhfalla lasmuigh de sheomra na sníomhaithe. Ba é cleas Liam ná corda dubh, caol, mín a cheangal timpeall bun an hata mar a mbíonn sé suite ar an gceann, agus bun an hata a tharrac isteach agus é a chúngú ceathrú orlaigh, agus tá a fhios agat gur mór an ní ceathrú orlaigh i hata, agus ina dhiaidh sin a chur ina luí ar Sheán Mac Eoin go raibh a cheann tar éis at. Bhí sean-Tomás Brúgha lán-sásta leis an gcleas. Ar maidin, lá arna mhárach, chomh luath agus a chrom Seán Mac Eoin ar an obair do cheangail Liam an corda timpeall an hata chomh slachtmhar agus a chonaic éinne riamh, agus fé mar a bhí socair againn chuas-sa isteach i seomra na sníomhaithe agus dúras le Seán – “A Sheáin Mhic Eoin an bhfuil aon ní ort inniu?”

“Níl a mhic, cad fé ndeara dhuit an cheist sin a chur?”

“Mé a bheith ag ceapadh go bhfuil d’éadan beagán ata,” arsa mise.

“Ach níl go deimhin, a dhuine, tá togha na sláinte agam, buíochas le Dia dá chionn,” arsa Seán.

Timpeall a seacht a chlog, chuaigh Liam suas chuige agus dúirt –

“A Sheáin Mhic Eoin, níl an crot céanna ort maidin inniu agus mar a bhíonn de ghnáth; an bhfuil tinneas cinn ort?”

“Níl go deimhin, cad ‘na thaobh an gceapann tú go bhfuil? Anois beag a d’fhiafraigh Éamonn an rud céanna díom.”

“Ní fheadar an domhan,” arsa Liam, “ach tá rud éigin bunoscionn le do cheann, fé mar a bheifeá tar éis dorn a fháil sa leaca. Lig dom féachaint ar an leaca eile. Ní hea is mar a chéile an dá leaca, dar liomsa.” Agus seo thar n-ais Liam chun a ghnótha.

Agus é ag déanamh ar aimsir bhricfeasta seo chuige sean-Tomás Brúgha féin agus ar seisean –

“Tusa atá ann, a Sheáin, an rabhais ag troid in aon bhall aréir?” Taoi ag ól braoin arís, tá do cheann ar nós turnapa cruinn, nó an é an plucamas atá ort. Tá sé ar a lán daoine fé láthair?”

“Níor bhlaiseas braon le seachtain, agus tá mo cheannsa chomh maith le ceann duine ar bith eile,” arsa Seán agus staincín air.

“Tá súil agam gurb í an fhírinne atá á hinsint agat.” arsa Tomás Brúgha, agus d’imigh sé leis.

“Nuair a bhí Seán ag dul chun a bhricfeasta, bhí sé ag iarraidh a hata a chur ar a cheann ach ní fhéadfadh sé é dá bhfaigheadh sé Éire air.

D’iniúch sé air féachaint arbh amhlaidh a bhí sé chun hata duine eile a bhreith ach chuimhnigh sé nach mbíodh hata ard á chaitheamh ag éinne eile ach aige féin amháin agus ina theannta san nach raibh a ainm scríofa lena lámh féin ar an taobh istigh de?

Fuair sé caipín ar iasacht chun dul go dtí a bhricfeasta agus thug sé leis an hata ina lámh. Ní tháinig Seán Mac Eoin thar n-ais chun a ghnótha tar éis bricfeasta. Thug Brúgha cuairt air um meánlae agus bhí Seán sa leaba roimhe agus é i riocht bháis leis na pianta millteacha a bhí ina cheann. Dúirt Brúgha le Seán gurbh é an plucamas a bhí air gan dabht ar domhan ach go rabhthas tar éis leigheas a fháil a chuirfeadh feabhas air ar iompú boise agus go dtabharfadh sé féin an leigheas sin leis um thráthnóna tar éis stad den obair ag an muileann. Thugas féin agus Brúgha cuairt ar Sheán istoíche agus thugamar linn braon ola i mbuidéal. Le linn Brúgha agus bean Sheáin a bheith san áiléar ag cuimilt na hola dá cheann, bhíos-sa sa chistin ag stracadh an chorda as an hata; agus chun an bua a bhí ag an leigheas a chruthú, chuir Brúgha bean Sheáin ag iarraidh an hata agus chuir Seán ar a cheann go seolta é gan a thuilleadh dá dhua a fháil. Chun an fhírinne a rá, ba bheag nár shleamhnaigh an hata anuas rófhada le méid na hola a bhí ar a cheann agus ba mhaith an rud é cluasa móra a bheith ar Sheán chun an hata a choimeád gan teacht trasna na haghaidhe air. Ach an rud iontach ar fad níor cuireadh an ruaig ar na pianta láithreach ar son gur imigh an t-at láithreach bonn agus do bhí Seán Mac Eoin gan a bheith ar fónamh ar feadh seachtaine sarar chrom sé ar obair arís. Ní bhfuair sé amach i dtaobh an chleasa a himreadh air go ceann trí seachtaine agus níor mhaith sé riamh dúinn é.

Seo duit scéal eile agus dealramh maith a dhóthain air leis, arsa m’uncail Éamonn, ach déanfad é seo a insint uair éigin eile.

Leave a Reply

Your email address will not be published.