Athchló

Seirbhe – Aistriú ón Spáinnis

Aistritheoir: Breandán S. Mac Aodha
Bunteanga: Spáinnis
Bunteideal: Amargura
Údar: Gustavo Adolfo Becquer
Céadfhoilsiú: An tUltach, Meitheamh 1978

AMARGURA

(Seirbhe)

le Gustavo Adolfo Bécquer

Breandán S. Mac Aodha a d’aistrigh.

Rugadh Becquer i Sevilla sa bhliain 1836: fuair sé bás den eitinn i Maidrid sa bhliain 1870. Thit sé i ngrá le Julia Espin ach ní raibh sí sásta iriseoir anaithnid mar eisean a phósadh. Phós sé bean eile ach ní raibh sé ábalta Julia a dhíbirt as a intinn: tá a ghrá di mar théama ina chuid fhilíochta go léir beagnach. Aistriúchán é seo ar leabhar amháin den fhilíocht sin, leabhar ina bpléitear an grá úd agus é imithe i seirbhe. Áirítear dánta Becquer ar na dánta Spáinnise is fearr a cumadh le linn an naoú céad déag.

? Quieres Que De Ese Néctar Delicioso … ?
Ar mhaith leat deimhin a dhéanamh de nach rachaidh
deascadh an neachtair seo i ngéire duit?
Mar sin análaigh é, tóg chun do liobracha é
ach fág uait é ina dhiaidh sin.

Ar mhaith leat deimhin a dhéanamh de go bhfanfaidh
cianchuimhne againn ar an ghrá seo?
Mar sin inniu bíodh dianghrá againn dá chéile
ach amárach abraimis ‘Adiós’.

No Me Admiró Tu Olvido! Aunque De Un Día
Ní díol iontais liom do dhearmad! Mar sin féin bhí
an lá ann
gur chuir do ghrá i bhfad níos mó iontais orm,
ach an ní sin ionam a bhfuil luach éigin ann,
é seo … ní raibh sé riamh ar do chumas a shamhailt.

Una Mujer Me Ha Envenenado El Alma
Nimhigh bean amháin an t-anam orm,
nimhigh bean eile mo chorp;
níor tháinig ceachtar acu do mo chuardú –
ní cúis aiféala dom ceachtar.

Ós cruinn é an domhan, rothlaíonn sé.
Má rothlaíonn sé amárach go nimhíonn an nimh seo
ar a sheal, cén fáth go dtógfaí ormsa é?
An bhféadfainnse breis a thabhairt thar mar a thug siad
damh?

Su Mano Entre Mis Manos
Do lámh i mo lámhasa,
do chuid súile ar mo shúilese,
do chloigeann grámhar
ina luí ar mo ghualainn –
Ag Dia atá a fhios cé mhéad uair
faoi imeacht spadánta
a ghluaiseamar le chéile
faoi na leamháin arda
a bhronnann mistéir agus scáth
ar cholúnáid do thí-se!
Is inné … ní mó ná go bhfuil bliain
imithe thart ar nós puth gaoithe,
cén ghrástúlacht fhíorálainn,
cén neamhchorrbhuais tofa
lenar ’úirt tú liom ar ár gcur in aithne
ag cara cunórach
‘Creidim gur leag mé súil ort cheana
in áit éigin.’ Och, a ghamail,
sibhse a bhíonn i mbur gcnáimhseacha
ar dhea-iompar na salón,
sibhse a théadh ansin sa tóir
ar dhálaí na cliúsaíochta –
A leithéid de sheodscéal is atá caillte agaibh!
A leithéid de mhias sobhlasta
le slogadh siar sotto voce
istigh i bhfáinne éigin
laistiar de gheolán
cleití is óir!
…………………………………………………..
A ghealach dhiscréideach gheanmnaí,
a leamhána tiubh-bharracha arda,
a fhallaí a tí-se,
a lindéir ina colúnáidse,
bígí balbh chun nach n-éalóidh
an rún ó éinne agaibh!
Bígí balbh, is i dtaca liom féin de
tá dearmad déanta agam ar an iomlán,
agus maidir léi-se . . . léi-se, níl masc le fáil aon áit
atá inchurtha lena héadán.

Dices Que Tienes Corazón, Y Sólo
Deir tú go bhfuil croí agat, ach deir tú sin
de bhrí go mothaíonn tú na buillí.
Ní croí é seo …. is inneall é a dhéanann fuaim
de réir an mhiosúir ag a stiúraítear é.

En La Clave Del Arco Mal Seguro
Ar eochair na háirse neamhdhaingne
a bhfuil a clocha rua-chaite ag an aois
bhíodh saothar a ghrean siseal simplí ar fís –
sciath armais ghotach.

An t-eidhneán a bhíodh ar crochadh mórthimpeall,
bhíodh sé ina choiricín ar a chlogad eibhir,
thugadh sé scáth don sciath ar a mbíodh croí ina luí
i nglaic láimhe.

Chun breathnú air sa chearnóg thréigthe
stadann an bheirt againn
agus, arsa tusa, is é seo siombal foirfe
mo ghrá bhuanseasmhaigh.’

Och! Is fíor ar ’úirt tú liom ansin,
is fíor go n-iompróidh tú do chroí
i nglaic do láimhe … nó i mball ar bith …
ach amháin istigh i do chliabh.

Yo Me He Asomado A Las Profundas Simas
Tá spléachadh fáilí faighte agam ar na scoilteacha doimhne
an talaimh is na spéire
agus chonaic mé a ngrinneall le mo chuid súile
nó leis an tsamhlaíocht.
Ach, monuar, shroich mé duibheagán croí áirithe
agus cuireadh ag liongáil mé ar feadh meandair
Corraíodh idir m’anam is mo chuid súile :
a dhoimhne is a bhí sé, agus a dhorcha!

Fingiendo Realidades
É ag cumadh réaltachtaí,
le scáil bhaoth
ar aghaidh na Dúile amach
gluaiseann an Dóchas
agus éiríonn a chuid bréaga
ar nós an Fhéinics, athuair
aníos as a gcuid luaithrigh.

Nuestra Pasión Fue Un Trágico Sainete
Ba scigdhráma tubaisteach é ar phaisean :
i snáth a scéil sheafóidigh
bhí manglam de ghreann agus de ghruaim
a tharraing idir gháirí agus ghol.

Ach ba é an ní a ba mheasa sa scéal seo
ná seo : ag deireadh an ghnímh,
bhuail idir na deora agus na gáirí ise;
níor bhlais mise ach na deora amháin.

Lejos Y Entre Los Arboles
I gcéin, i measc na gcrann,
san fhoraois dhoiléir,
nach bhfeiceann tú rud éigin a dhrithlíonn
is a chaoineann? Is réalta é.

Anois is féidir radharc níos cóngaraí a fháil air,
amhail trí tulle,
lonraíonn sé sa phóirse
den díthreabh. Is lampa é.

Anseo atá an ceann cúrsa
ar an mhórbhóthar mear.
Ciall cheannaithe! Ní lampa ná réalta é an solas
a bhí á leanstan againn. Is sopóg í.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *