Athchló

“I measc na mBláthannaí” ón bhFraincis

Aistritheoir: Séamus Ó Grianna
Bunteanga: Fraincis
Údar: Marie Thièry
Céadfhoilsiú: Fáinne an Lae, Meán Fomhair 1927.


“An anseo atá Mademoiselle Delor ag baint fúithi?”

“Sea, a bhean uasal. Gabh ar aghaidh, más é do thoil é.”

Seomra deas glan a bhí ann, solas breá ann agus é lán bláthannaí ó chúl go doras. Bhí iontas ar Jeanne Lenoir a leithéid de sheomra a fheiceáil i ndiaidh an staighre cúng dorcha a bhí ag tarraingt air.

“Tá áit dheas anseo agat,” ar sise le bean a’ tí.

“Tá mo chuid de sholas na gréine agam,” arsa an bhean eile.

“Agus nach deas na bláthannaí!” arsa Jeanne.

“Sin obair na seachtaine,” arsa an bhean eile. “Amárach a bhéarfaidh mé chun an tsiopa iad.”

“Is maith mar a tharla,” arsa Jeanne.

“An té a thug do sheoladh domh dúirt sé liom go bhfaighinn a raibh de dhíobháil orm anseo, agus go bhfaighinn é ní ba shaoire ná mar a gheobhainn sna siopaí. Níl mórán ar mo chúl ach san am chéanna ba mhaith le duine a bheith gléasta go fiúntach lá a phósta.”

Rinne sí gáire beag aoibhiúil mar a ghní duine nuair a bhíos an saol ina shuí ar a thóin aige.

Bhí difear mór idir an bheirt bhan seo. Bhí bean acu óg agus an bhean eile aosta. Agus an bhean a raibh an óige aici, bhí gnaoi na ndaoine uirthi fosta. Lena chois sin bhí sí cóirithe go deismir innealta agus in san am chéanna gan uirthi ach éidiú cothrom tíre. I dtaca leis an bhean eile de, bhí fiche dath ina cuid éadaigh, rud nár fhóir ar chor ar bith dá seancholainn chríon chaite.

Bhí trioc an tí inchurtha i gceart leis an éidiú a bhí uirthi féin. Trioc a bhí rómhór agus róghalánta fá choinne a leithéid de sheomra bheag chúng ar bharr an tí.

Ach ní chaithfeá mórán ama ag amharc ar bhean a’ tí ná ar an trioc ná ar a dhath eile sa tseomra ach na bláthannaí deasa a bhí ann. Agus mura raibh bláthannaí ann den uile chineál agus den uile dhath ní lá go fóill é. Bhí siad ina molltaí ar tháblaí agus ar chathaoireacha. Bhí siad ina gcloigíní crochta ar na ballaí. Bhí siad achan áit. Dar leat nach raibh ann ach iad.

Lig an tseanbhean ceann de na cathaoireacha fá réir.

“Suigh anseo,” ar sise, “go bhfeicimid goidé is fearr a fhóirfeas duit. Bláthannaí bainise atá anseo uilig. Sin an rud is fearr mé aige” ar sise, agus dar leat go dtáinig cineál de thocht uirthi.

Ach ní shuífeadh Jeanne. Bhí sí anonn is anall agus í ag cuartú agus ag breathnú.

“Fiachfaidh mé orm an ceann seo,” ar sise, ag baint a hata dá ceann agus ag cóiriú a cuid gruaige os coinne gloine a bhí ann.

“Is fearr duit í seo a fhiacháil ort,” arsa an tseanbhean, agus shín sí chuici coróin de bhláthannaí éadroma.

“Sílim,” arsa an tseanbhean, “go bhfóirfidh sin go maith duit.” Agus tháinig cuma ní ba thromchroíche agus ní ba bhrónaí uirthi ná mar a bhí riamh. Nuair a d’amharc sí ar an ógbhean gléasta chun a pósta, tháinig an seansaol os coinne na súl aici go húrnua. Agus ar dhóigh inteacht bhí rud inteacht i ngúis na mná óige agus ina cuid súl a thug gnúis eile agus súile eile i gceann na seanmhná.

Leis sin féin amharcann Jeanne thart agus tchí sí cása gloine agus coróin de bhláthannaí ann agus í dar léi cineál feoite.

“An choróin pósta a bhí ar do mháthair, creidim?” ar sise.

“Ní hea ach mo cheann féin,” arsa an tseanbhean.

D’amharc Jeanne go hiontach uirthi.

“Creidim,” arsa an tseanbhean, “go síleann tú go bhfuil scéal agam le hinse duit. Ach leoga níl scéal agam is fiú a inse.”

“D’amharc sí ar na bláthannaí agus tháinig dreach brónach ar a haghaidh. Níor lig an eagla don bhean óg a iarraidh uirthi leanstan don scéal. Ach ní raibh fiachadh uirthi. Thosaigh an tseanbhean dá leointe féin:

“Ní raibh mé riamh dóighiúil,” ar sise. “Mura gcreide tú mé níl le déanamh agat ach amharc orm. Ach mura raibh mé dóighiúil féin bhí mé chomh hamaideach agus gur shíl mé gur cheart domh mo chuid de shonas an tsaoil a bheith agam chomh maith le duine eile. Bhí a fhios agam nach dtabharfadh duine ar bith grá do mo mhacasamhail. Ach shíl mé go mb’fhéidir go gcasfaí duine inteacht orm a cheadódh domh grá mo chroí a thabhairt dó. Go bpósfaí mé agus go mbeadh clann agam – b’fhéidir iníon a bhronnfadh Dia uirthi an ghnaoi a cheil Sé ar a máthair.

“In san am sin bhí mé ag fíodóireacht na mbláthannaí mar a tchí tú anois. Rinne mé coróin fá mo choinne féin agus mé ag feitheamh leis an lá a gcuirfinn ar mo cheann í. Seo anseo í. Thug mé aire di ar feadh na mblianta mar a bhéarfadh duine aire do chuimhneachán marbháin.

“Bhí buachaill in sa chomharsanacht agam san am sin agus chastaí orm go minic é. Buachaill cneasta macánta a bhí ann agus is minic a thug sé lámh chuidithe domh. Sa deireadh dar liom go mb’fhéidir nach bhfacthas dó go raibh mé chomh míofar sin. Agus in sa deireadh chonacthas domh féin nach raibh mé chomh míofar agus a bhí tamall roimhe sin.

“D’éirigh mo bhuachaill cóir tinn. Tháinig mé agus thug aire dó, agus gan aird ar bith agam ar theangacha na comharsan. D’inis sé a chuid scéaltaí rúin domh. Dúirt sé gur mhaith leis pósadh agus teach beag deas a bheith aige agus trioc a bheith ann mar a tchí tú anseo sa tseomra seo anois.

“Goidé a rinne mé, do bharúil? Bhí beagán airgid i leataobh agam agus d’imigh mé agus cheannaigh mé an trioc seo, nó gur chuir mé amach an phingin dheireanach de mo sholáthar saolta. Agus nach orm a bhí an lúcháir tráthnóna amháin i ndiaidh mo bhuachaill biseach a fháil nuair a tháinig sé chugam ar cuairt. Shíl mé go gcuirfeadh an trioc aoibhneas ar a shúile cinn ach níor lig sé dada air féin. Ach mar sin féin bhí mo chroí i mo chliabh sásta séanmhar nuair a thug sé a phictiúr domh agus dúirt sé liom nach ndéanfadh sé dearmad go héag díom as an aire a thug mé dó nuair a bhí sé tinn.

“Fá chionn cúpla lá tchím chugam ar ais é agus na súile ag gáire ina cheann le tréan lúcháire. Bhí súile aige go díreach mar atá agatsa, an dath céanna orthu agus an loinnir chéanna iontu.

“—tá scéal agam le hinse duit – ar seisean sula raibh ann ach go raibh sé ina shuí ar an chathaoir. Thosaigh mo chroí féin ag léimnigh – thug tú aire domh nuair a bhí mé tinn – ar seisean – aire mar a bhéarfadh deirfiúr do dheartháir. Agus anois tá oiread measa agam ort dá mbítheá i do dheirfiúr agam, agus sin an fáth a dtáinig mé chugat inniu leis an scéal seo. Dar liom gur duit a ba chóir domh a inse ar tús, nó is tú an cara is fearr atá agam. Scéal atá ann a chuirfeas áthas ort… tá mé ag ghabháil a phósadh lá de na laetha seo … ar chailín óg a bhfuil mé i ngrá léi le fada –

“Thug mé iarraidh gan ligint don scéal bua a fháil orm. Ach ní raibh neart agam air. Chuaigh mé ar crith ó mhullach mo chinn go barr mo choise agus thit mé i mo chrap ar an urlár. Is maith a bhí a fhios aige ansin nach grá a bhí agam dó mar a bheadh agam do mo dheartháir.

“Ní tháinig sé ar m’amharc ní ba mhó. B’fhéidir gur trua a bhí aige domh. Cibé sin d’imigh sé as an áit seo an lá arna mhárach agus níl a fhios agam goidé is bealach dó ó shin. Agus níl a fhios agam ach lán chomh beag cad chuige ar inis mé an scéal seo duitse, agus gan aithne ná eolas agam ort. Caithfidh sé gur do shúile is cúis leis… beidh tú ag magadh orm anois.”

“Mise ag magadh ort!” arsa an bhean óg. “Dá mbeadh a fhios agat an trua atá agam duit… Bhain an saol a chuid féin asat, a chréatúir.”

“Is cuma, tá sé chóir a bheith thart,” arsa an tseanbhean… “Ach anois an bhfuil do choróin toighte (tofa) agat?”

“Tá,” arsa an bhean óg, “agus tá cúpla bláth a dhíobháil orm a chuirfidh mé i mo chulaith. Fan go bhfeice mé cá mhéad a chosnóidh an t-iomlán,” ar sise ag tarraingt amach cárta as a póca agus ag déanamh suas an bille air.”

“Níl siad ródhaor ar chor ar bith,” ar sise, ag caitheamh an chárta ar an tábla.

Chuir an tseanbhean na bláthannaí isteach i mbosca bheag éadrom.

“Seo duit,” ar sise.

Leis sin tugann sí fá deara an cárta a bhí ar an tábla, agus goidé a bhí priontáilte air ach “Jean Lenoir”.

“Sin ainm m’athar,” arsa an bhean óg, ag breith ar an bhosca agus ag síneadh an airgid chuig an bhean eile. Chroith an tseanbhean a ceann.

“Ní ghlacfaidh,” ar sise.

“Ach,” arsa Jeanna.

“Agraím thú, agraím thú,” arsa an tseanbhean. “Tabhair leat iad de gheall ar an rud a d’inis mé duit. Tabhair leat iad. Tógfaidh sé rud beag den bhrón díom smaointiú gur chóirigh mé tú fá choinne do phósta, agus go raibh cinniúint ní ba shonasta  i ndán de na bláthannaí seo ná mar a bhí do mo chuidse… Tabhair domh póg, a leanbh.”

Phóg an bheirt acu a chéile. D’imigh an bhean óg agus a cuid bláthannaí léi, nuair a fágadh an tseanbhean léi féin thug sí amach pictiúr as bosca agus d’amharc sí air. Bhí ainm an fhir a thug di é, bhí sin scríofa ag bun an phictiúir.

“Jean Lenoir.”

Shuigh an tseanbhean i gcoirnéal an tseomra agus thoisigh sé ag gol. Tháinig coim na hoíche agus tháinig imir dhorcha in sna bláthannaí, nó gur chosúla le héidiú báis iad ná le héidiú bainise.


Leave a Reply

Your email address will not be published.