Blaiseadh

Bairille Amontillado

Bunscéal: The Cask of Amontillado
Bunteanga: Béarla
Údar: Edgar Allan Poe

Aistritheoir: Séamus Ó Coileáin


Do ghoill Fortunato orm míle babhta roimis sin agus do dh’fhulaingíos gan faic a rá. Ach do fuaireas amach ansan go ndein sé fonóid fé m’ainm uasal, Montresor, ainm teaghlaigh ársa agus chásaigh. Do gheallas dom héin go ndíolfainn an comhar leis  – go mbainfinn díoltas amach. Ná glactar leis, mar sin féin, go labhraíos air sin le deoraí ná le daonnaí. Do dhíolfainn an comhar leis, gan agó; ach do dhéanfainn go cúramach tomhaiste é. Ní mar sin a chuirtear éagóir ina ceart. Ina theannta san, ní chuirfí an éagóir ina ceart ach go mbeadh a fhios ag Fortunato go raibh an comhar á dhíol leis agus go mbeadh a fhios aige cé a bhí á dhíol.

Ní thugas cúis dá laighead do Fortunato drochmhuinín a chur ionam. Do leanas orm ag déanamh meangadh gáire leis, agus ní thuig sé gurbh é cúis mo mheangaidh mo mhachnamh ar a raibh beartaithe agam dó, an díoltas a bhíos a bheartú.

Fear láidir ba ea Fortunato, fear scanrúil. Ach do bhí aon laige mhór amháin aige: do bhí dúil sa dea-fhíon aige, agus do dh’óladh sé a sháith de. Do bhí eolas nach beag aige ar dhea-fhíonta, agus dar leis féin, ba mhaith chun a dtomhais é. Do bhí eolas agamsa, leis, ar sheanfhíonta agus do cheannaíos an fíon ab fhearr arbh fhéidir liom a aimsiú. Do thabharfadh an fíon deis mo dhíoltais dom, dar liom!

Do bhí an tráthnóna ag diúltú dá sholas lá áirithe earraigh, nuair a casadh Fortunato sa tsráid orm, as féin. Do labhair sé ní ba chroíúla liom ná mar ba ghnách leis, óir do bhí braon fén bhfiacail aige cheana féin. Do bhí éide stríocach uime agus caipín biorach ar a raibh cloigíní ar a cheann. Do ligeas áthas a fheiscinte orm, agus do chroitheas lámh leis, mar a chroithfinn lámh dlúthcharad.

“Fortunato! Conas táis?”

“Montresor! Bail ó dhia ort, a chara.”

“Fortunato dhil! Is áthas liom go deimhin go gcasadh orm thú. Do bhíos ag smaoineamh ort anois díreach, óir do bhí fíon úr á bhlaiseadh agam. Do cheannaíos lánbhairille dea-fhíona, a ndeirtear liom fé gur Amontillado é. Ach…”

“Amontillado! Ní dóigh liom é!”

“Sea, is diocair a chreidiúint go deimhin. Ó tharla ná rabhas in ann teacht ort, do bhíos ag dul chun cainte le Luchresi. Má tá eolas ag duine ar bith ar dhea-fhíonta, is é Luchresi é. Neosfaidh seisean dom…”

“Luchresi? Ní dh’aithneodh sé Amontillado ar sheiris!”

“Deirtear go bhfuil a oiread eolais aige ar fhíonta is atá agtsa.”

“Hó! – Téanam. Ar aghaidh linn.”

“Cá háit?”

“Chuig do shiléar… go mblaisimid an fíon so.”

“Ní dhéanfam, a chara, ní dhéanfam. Chim ná fuileann tú ar fónamh. Agus tá an siléar fuar agus tais agus tá na ballaí fé bhrat sailpítir.”

“Is cuma liom. Téanam. Ní baol domhsa. Ní haon nath é an fuacht. Amontillado! Tá duine éigint ag bualadh bob ort. Agus Luchresi! Ha! Níl eolas dá laighead age Luchresi ar fhíonta, eolas dá laighead.”

Agus é ag labhairt leis, do rug Fortunato greim ar m’uillinn, agus do ligeas dó mo bhrostú chun mo pháláis mhóir chloch, mar ar mhair mo theaghlach, muintir Montresor, leis na cianta. Ní raibh duine ná daonnaí sa bhaile. Dúrt leis na giollaí nár chóir dóibh an pálás a dh’fhágaint agus ná fillfinn go maidin agus gur chóir dóibh aire a thabhairt don áit. Ba leor an méid sin, dar ndóigh, go bhfágfaidís go léir a luaithe a d’imeoinn féin.

 Do bhaineas dhá sholas a bhí ar dearglasadh anuas óna dtacaí ar an bhfalla. Do thugas ceann díobh do Fortunato agus do theoraíos chuig  doras leathan é. Do bhí radharc againn ansan ar na céimeanna cloiche a shín síos isteach sa doircheacht.

Do dh’iarras air a bheith aireach agus é do mo leanúint agus do chuas síos liom roimis, síos go doimhin isteach fé thalamh agus fé sheanfhallaí an pháláis. Do bhaineamair bun na gcéim amach i ndeireadh na dála agus do sheasamair ann le chéile ar feadh soicind. Do bhí an chré, arbh in a raibh d’urlár ann, fuar agus crua. Do bhíomair ag dul isteach i seanbhaile mhuintir Montresor a bhí ar shlí na fírinne. Ba san áit sin, leis, a choimeádamair na fíonta ab fhearr, ansan san aer fionnuar, dorcha, socair fé thalamh.

Ní ró-shocair ar a chosa a bhí Fortunato, mar gheall ar an bhfíon a dh’ól sé, agus do bhí cloiginí a hata ag cligireacht. Do dh’fhéach sé uime go neamhchinnte, agus é a d’iarraidh féachaint tríd an ndoircheacht thiubh a bhí ag brú isteach umainn. Ach do chuaigh ár súile i dtaithí ar an ndoircheacht gan ró-mhoill. Do chonaiceamair cnámha na marbh ina gcarnáin mhóra fan na bhfallaí. Do bhí clocha na bhfallaí tais agus fuar agus an sailpítear ag glioscarnach orthu.

As measc na sraitheanna fada buidéalacha a bhí ina luí ar an urlár, i measc na gcnámh, do roghnaíos ceann díobh a raibh dea-fhíon ann. Ó tharla ná raibh aon chao agam an buidéal a dh’oscailt, do bhuaileas i gcoinnibh an fhalla cloch é agus do bhriseas an ceann caol de. Do shíneas an buidéal chuig Fortunato.

“Seo dhuit, Fortunato. Ól leat cuid den Medoc breá seo. Coimeádfaidh sé te sinn. Ól leat!”

“Go raibh maith agat, a chara. Ólaim deoch ar na mairbh atá ina luí go suan umainn.”

“Agus ólaimse, Fortunato, do shláinte. Fadsaol agat!”

“Áá! Dea-fhíon go deimhin! Ach an Amontillado?”

“Níosa shia isteach. Téanam.”

Do shiúlamair linn ar feadh tamaill. Do bhíomair fé leaba na habhann fén am san, agus do thit an t-uisce ina bhraonta anuas orainn. Do chuamair ní ba shia agus ní ba shia isteach sa talamh, thar a thuilleadh cnámh.

“Nach mór agus nach fairsing an siléar atá agat. Níl aon deireadh leis, is cosúil. Meabhraigh dom arís armas do theaghlaigh.”

“Cos mhór órga dhaonna i ngort gorm; tá an chos ina sheasamh ar nathair a bhfuil a starrfhiacla sáite i sáil na coise aige.”

“Agus an mana?”

Nemo me impune lacessit.”

“Go maith!” ar seisean.

“Ní fada bhuainn anois é. Ach chím go bhfuileann tú ag creathadh leis an bhfuacht. Téanam! Fillimis sula n-éirí sé ró-dhéanach.”

“Ní faic é. Leanaimis orainn. Ach ólaimis braon eile den Medoc ar dtúis!”

Do bhaineas buideál eile aníos as measc na gcnámh. Dea-fhíon eile a bhí ann, De Grâve. Arís eile, do bhriseas scóig an bhuidéil de. Do thóg Fortunato bhuaim é agus do chaith sé siar é gan anáil a tharraingt. Do dhein sé gáire, agus do chaith sé an buidéal folamh in airde san aer agus do dhein sé geáitsíocht fé leith. D’fhéachas air agus iontas orm.

“Ní thuigeann tú?” ar seisean.

“Ní thuigeann,” arsa mise.

“Ní ball den chuallacht thú.”

“Conas?”

“Ní saor thú.”

“Is ea, is ea,” arsa mise, “is saor mé.”

“Tusa? I do shaor? Ní chreidim é.”

“Is saor mé,” arsa mise.

“Comhartha,” ar seisean

“Seo dhuit,” arsa mise agus do bhaineas lián amach as mo chlóca.

“Ag magadh atá tú,” ar seisean, “ach leanaimis orainn chuig an Amontillado.”

Do leanamair orainn, ní ba dhoimhne agus ní ba dhoimhne isteach sa talamh. Do thángamair, i ndeireadh na dála, ar shiléar a raibh an t-aer chomh sean agus chomh tiubh ann go ndóbair gur múchadh na lóchrainn orainn. Do bhí carnáin cnámh ina luí i gcoinnibh trí cinn de sna fallaí, carnáin a bhí ní b’airde ná ár gceann. Do bhí na cnámha go léir tarraingthe anuas den gceathrú falla agus do bhíodar scaipthe ar an dtalamh umainn. Do bhí oscailt i lár an fhalla isteach go siléar eile, más féidir siléar a thabhairt air – seomra beag um thrí troithe ar leithead, sé nó seacht dtroithe ar airde agus ceithre troithe isteach, b’fhéidir. Níor mhó ná poll san fhalla i ndáiríre é.

“Lean ort!” arsa mise. “Isteach leat; istigh ansan atá an Amontillado.”

Do lean Fortunato ar aghaidh, go neamhchinnte. Do leanas-sa láithreach baill é. Níorbh fhada go mbain sé an cúlfhalla amach, gan amhras. Do sheas sé ann ar feadh soicint, a aghaidh le falla, agus idir iontas agus éiginnteacht air.  Do bhí dhá fháinne throma iarainn san fhalla san. Do bhí slabhra gairid ar crochadh ó cheann díobh agus glas ar crochadh ón gceann eile. Sularbh fhéidir le Fortunato a raibh ag titim amach a dhéanamh amach, do chasas an slabhra um a chom agus do dhúnas an glas agus do cheanglaíos go daingean den fhalla é. Do bhaineas amach an eochair i bhfaiteadh na súl agus do ghlacas céim ar gcúl.

“Fortunato,” arsa mise. “Leag do lámh ar an bhfalla. Féach mar a ritheann an t-uisce thairsti agus mothaigh an sailpítear ar an gcloch. Tá sé ríthais anseo. Impím ort arís eile, le do thoil, nach raghfá ar ais? Nach raghaidh? Mura raghaidh, ní mór dom d’fhágaint. Ach ní mór dom mo dhícheall a dhéanamh duit ar dtúis.”

“Ach… Ach an Amontillado?”

“Ó sea, sea go deimhin; an Amontillado.”

Agus na focail sin á rá agam do thosnaíos ag cuardach i measc na gcnámh. Do chaitheas i leataobh iad agus do dh’aimsíos na clocha a bhaineas as an bhfalla ní ba luaithe agus moirtéal. Do chromas ar an bhfalla a thógaint agus ar an bpoll a dhúnadh. Ní túisce an chéad sraith tógtha agam nó go dtugas faoi deara ná raibh Fortunato chomh súgach is a bhí. Chuala an gheonaíl íseal nár gheonaíl meisceora í. Do bhí tost fada ann. Do leagas an tarna agus an tríú agus an ceathrú sraith. Do chuala an slabhra á stracadh aige – á chroitheadh go fíochmhar. Lean an fothram ar aghaidh tamaillín agus do ligeas mo scíth go n-éistfinn leis ar mo shuaimhneas. Ach a ndearnadh an chling dheiridh, do leanas orm, leis an gcúigiú, an séú agus an seachtú sraith gan aon chur isteach orm. Do bhí an balla ar comh-airde le m’ucht fén am san, agus do dh’ardaíos an lóchrann go bhfeicfinn an tsaoirseacht. Do scalladh léas solais nó dhó ar an ndeilbh laistigh.

Do thosnaigh sé ag scréachaíl agus ag liúireach agus baineadh siar asam. Do stadas ar feadh soicind – do tháinig creathadh ionam. Do thána chugam féin arís, áfach, agus do thosnaíos ag liúireach agus ag scréachaíl leis agus á shárú-san nó go gcuaigh an callán in éag.

Do bhí sé ag tarrac ar mheán oíche agus do bhí sraitheanna a hocht agus a naoi tógtha agam. Ansin sraitheanna a deich agus a haon déag. Ní raibh ach aon chloch amháin le cur isteach ann agus le plástráil. Do leagas isteach ina háit í. Do chuala gáire íseal laistigh a chuir driuch ionam. Ansan do chuala glór gruama, ná raibh aon dealramh aige le glór uasal Fortunato.

“Montresor! Ha-ha. Ana-mhagadh é seo agat, go deimhin. Déanfam go leor gáire fé seo fós – ha-ha – agus sinn ag ól fíona le chéile – ha-ha.”

“Déanfam go deimhin. Agus an Amontillado á ól againn.”

“Ach ná fuil sé déanach? Nár chóir dúinn dul thar n-ais? Beifear ag súil linn. Téanam.”

“Sea. Téanam.”

“Montresor! In ainm Dé!!”

“Sea. In ainm Dé!”

Ní chuala aon fhreagra. “Fortunato!” arsa mise de scread. “Fortunato.”

Freagra ní bhfuaireas fós. Do sháigheas an lóchrann isteach tríd an bpoll beag agus do thit sé chun talún laistigh. Ní chuala ach clingireacht na gcloigíní. Do tháinig tinneas ar mo chroí – mar gheall ar thaise an tsiléir. Do bhrostaíos liom chun an chloch dheiridh a shá isteach ina háit agus do chuireas plástar uimpi. Agus do chuireas na seanchnámha ina gcarnán i gcoinnibh an fhalla. Ní theagmhaigh lámh dhaonnaí díobh le leathchéad bliain anuas. In pace requiescat!

Edgar Allan Poe

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *