Nuacht

An tAistriúchán ag Imram 2021

Tá an fhéile bhliantúil litríochta chugainn arís agus mar is dual don fhéile seo déantar ceiliúradh arís eile ar scil agus ar ealaíon an aistriúcháin. Tá gach eolas ar an bhféile féin le fáil ar Imram.ie.

Dhá phríomhcheiliúradh ar an aistriúchán a bheidh ann i mbliana, mar atá:

Dé Máirt, 16 Samhain / 8.00 pm ar líne 
Glasadh/GreenGrayLockdown – danta i nGàidhlig, i nGaeilge agus i mBéarla leis an bhfile iomráiteach Rody Gorman a chuirfear i láthair i bhfoirm scannáin le ceol a chum Liam Grant agus íomhánna leis an bhfísealaíontóir Margaret Lonergan. Cuirtear ticéad in áirithe anseo.

Dé Céadaoin,  17 Samhain / 7.00 pm ar líne
Drithliú Aisteach: Filíocht Georg Trakl – liricí aduaine de chuid Georg Trakl a thraschruthaigh Gabriel Rosenstock i nGaeilge. Taispeánfar an fhilíocht ina scannán le híomhánna le Margaret Lonergan agus fuaimrian a chum Seán Mac Erlaine. Léiriú i gcomhar le Poetry Ireland / Éigse Éireann a bheidh ann. Cuirtear ticéad in áirithe anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *