Athchló

Eachtra Uafásach

Aistritheoir: Tóchar Máirtín (Micheál Breathnach)
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Une Aventure en Calabre
Údar: P. L. Courier
Céadfhoilsiú: Fáinne an Lae, 26 Bealtaine 1923

Lá amháin tharla dom a bheith ag taisteal i gCalábair na hIodáile.  Dream nimhneach mailíseach is ea muintir na háite sin gan gean ná grá acu d’éinne, measaim.  Ach ní fuath go dtí an fuath atá acu dúinne, na Francaigh.  Ba liosta cur síos duit anois ar cad is bun leis an bpaor sin acu orainn; is leor a rá nach lú orthu ailseacha ciaróg ná muintir na Fraince is gur díol trua an té dhínn a bhíonn i ngreim nó i ngéibheann acu.

An lá seo atá i gceist agam bhí ógfhear im’ theannta, duine dathúil, beag-ghnúiseach.  Ní d’fhonn is go gcuirfeá suim sa scéal seo agam atáim á rá sin, ach gan a bheith ann agam ach lom na fírinne.

I measc shléibhte na tíre sin is amhlaidh atá na bóithre ar nós failltreacha agus bhí an-síleáil á fháil ag na capaill ag iarraidh an tslí suas a chur díobh.  An t-ógfhear a bhí ar tosach.  Cosán a shíl sé a bheith níos réidhe agus níos giorra ná a chéile a thug sé aghaidh air is níor airíomar riamh go rabhamar ar seachrán slí.  Ormsa a mhilleán sin mar an ndéanfadh éinne ach amadán é féin a chur faoi stiúradh ógánaigh fiche bliain?  A fhad a bhí solas an lae againn leanamar orainn ag iarraidh bealach amach as na coillte a aimsiú, ach níl dá mhéid sméarthachta is útamála a dheineamar nach amhlaidh ba mhó a bhí eolas na slí ag dul sa mhuileann orainn.  Bhí an oíche dhubh dhorcha ann nuair a bhuaileamar le tigh uaigneach gan spré ná solas ann de réir dealraimh.  Isteach linn agus níor le drochamhras é ach dár ndóigh – ní raibh a mhalairt de rogha againn.

Baois is botún.

Teach ghualadóra adhmaid a bhí ann agus bhí an líon tí istigh romhainn.  Bhíodar go léir suite isteach chun boird agus ba é an chéad fhocal a chaitheadar linn ná cuireadh a thabhairt dúinn suí isteach in éineacht leo.  Ní raibh ach gaoth an fhocail óm’ chomrádaí gur luíomar isteach ar ithe is ar ól – nó luigh seisean ba chóra dhom a rá, mar, maidir liom féin ba mhó go mór mo shuim san áit agus sna daoine ná sa mbia.  Gan amhras bhí dealramh gualadóirí ar mhuintir an tí, ach an teach féin ba gheall le harmlann é gan le feiceáil thart timpeall ann ach gunnaí agus piostail, claimhte, sceana agus miodóga.  Níor thaitnigh aon ní sa tigh liomsa agus níorbh fhada gurbh léir gur bheag ar mhuintir an tí mise.  Níor mhar sin don ógánach, áfach.  Shílfeá gurbh ar an teallach acu a tógadh é bhí a leithéid de gheoin gháirí agus cainte aige leo.  Agus le barr amaideachta ar an scéal, nár lig sé leo i dtosach báire cárbh as dúinn, cér dhíobh sinn agus cá raibh ár dtriall!  Mise ba chiontach arís nár chuir ar a aire é.  Meabhraigh duit féin conas mar a bhí an scéal againn ansin.  Beirt Fhrancach i dtigh namhad gan cara inár ngaobhair gan eolas na slí againn, gan duine ná daonnaí le teacht de chabhair orainn!  Agus ansin le heagla go mbeadh aon bhreith againn ar theacht slán lig m’ógánach saibhreas air féin gur gheall sé an phingin ab airde dhóibh ar aíocht na hoíche agus ar an méar eolais an lá dár gcionn.  Sa deireadh, thosnaigh sé ag cur síos ar thiachóg a bhí aige á impí orthu féachaint ina diaidh go haireach agus í a leagan ag ceann na leapa chuige, gur bheag air aon adhairt eile ach í.  Mo thrua go dtí í le baois is le botún!  A chara, cheap muintir an tí go raibh saibhreas rí Sheoirse sa tiachóg mhallaithe sin, ní foláir. 

Aighneas.

Ar an suipéar a bheith thart ghlan muintir an tí leo uainn.  Thíos staighre bhíodar-san le codladh agus thuas sa seomra a raibh an béile againn ann bhíomair-ne le cur fúinn.  Lochta a seacht nó a hocht de throithe ar airde agus dréimire le dul suas ann:  b’in é an áit codlata a bhí leagtha amach dúinn, sórt nead mar a déarfá, go rachfá isteach ann de lámhacán, agus na trasnáin os do chionn ag lúbadh le spólaí feola agus a leithéid, lón bliana don líon tí, is dócha.  Thug mo chomrádaí an dréimire suas air féin ina aonar.  Bhí sé ag titim le neart codlata agus chaith sé é féin ar an leaba ach níorbh é a dhearmad gan an tiachóg luachmhar a chur faoina cheann.  Maidir liom féin bhí sé ceaptha agam áirneán na hoíche a dhéanamh agus dá bhrí sin d’ardaíos béilteach tine agus bhuaileas fúm cois teallaigh.  D’imigh cuid mhaith den oíche tharam mar sin dom gan éinne a chur chugam ná uaim agus bhí an misneach ag filleadh orm arís.  Ach díreach faoi bhreacsholas na maidine chualas aighneas ar siúl idir fhear an tí agus a bhean thíos staighre.  Chuireas cluas leis an simléir mar bhí a fhios agam go raibh an poll ag rith síos tríd an tsimléir thíos agus dheineas amach go cruinn an chaint seo díreach á rá ag an bhfear: – “Sea, sea, ach féach, an gcaithfear iad araon a mharú.”  D’fhreagair an bhean: “Caithfear..!” Agus níor chualas a thuilleadh.  Nár bhinn an scéal é sin le cloisint, a chara?  D’fhanas ansin gan dé ionam, nach mór, agus gach orlach díom chomh fuar le corp le féachaint orm tá mé cinnte dhe nach n-aithneofá thar chorp mé.  A Thiarna! Nuair a chuimhním fós féin air, beirt againne in aghaidh dáréag nó cúigear déag díobhsan!  Sinne gan arm faobhair nó tine againn agus lán an tí acusan ann.  Agus mo chomrádaí ina dhubhchodladh, bhí sé chomh tuirseach tnáite sin!  Glaoch air – ní fhéadfainn é gan gleo a dhéanamh, rud a mhillfeadh an scéal ar fad.  Éaló liom im’ aonar – ní raibh sin ar mo chumas ach oiread, ní hé go raibh an fhuinneog rófhada suas ó thalamh ach taobh amuigh bhí dhá ghadhar móra is iad ag sceamhaíl ar nós na bhfaolchon.  Meabhraigh duit féin an cruachás ina rabhas ansin, más féidir dhuit é.

Slisne Muice.

I gcionn ceathrú uaire, agus b’fhaide liom é ná bliain, d’airíos mar a bheadh duine ar an staighre.  Chuireas súil le scoilt an dorais agus cé chífinn chugam ach fear an tí, lampa i láimh leis, ceann de na sceana móra sa lámh eile agus é ag déanamh aníos orm.  Bhí a bhean taobh thiar de agus mé féin ar chúl an dorais.  D’oscail sé an doras ach sular tháinig sé isteach do leag sé uaidh an lampa ar an urlár.  Tháinig an bhean ansin gur thóg sí an lampa.  Tháinig an fear isteach agus é cosnochta.  D’fhan an bhean lasmuigh agus solas an lampa á chlúdach aici lena ladhar.  Labhair sí leis an bhfear: “go ciúin, a deirim leat, go ciúin, ciúin,” ar sise.  Nuair a bhain sé amach an dréimire suas leis agus an scian trasna idir a fhiacla aige.  Shroich sé an leaba áit a raibh mo chomrádaí bocht sínte agus a scornach nochta ag fanacht leis an scian, shílfeá.  Rug an fear ar an scian i láimh leis agus sa láimh eile… Á! A chara liom… rug sé ar cheathrú mhuice a bhí ar crochadh ar thrasnán gur ghearr sé slisne di, agus d’imigh leis ansin faoi mar a tháinig.  Dúnadh an doras arís, d’imigh an lampa agus fágadh im’ aonar mé gan de chuideachta ach mo smaointe.

Díreach ar bhreacadh an lae tháinig an líon tí ar fad ag glaoch orainn faoi mar a d’iarramar orthu an oíche roimis sin, agus níor theacht gan ghleo acu é.  Thugadar bia aníos gur leagadh chugainn bricfeasta breá blasta, geallaim duit.  Ar bhia an bhéile sin bhí dhá shicín, ceann le n-ithe agus an ceann eile le tabhairt linn, b’in a dúirt bean an tí linn.  Ar fheiscint na sicíní dhom thuigeas brí na bhfocal uafásacha sin:  “An gcaithfear iad araon a mharú?”  Agus creidim, a chara, go bhfuilir-se freisin sách cliste chun brí na cainte sin a aimsiú.

Leave a Reply

Your email address will not be published.