Athchló

“Bosca na Litreach” ón bhFraincis

Aistritheoir: Caitlín Nic Gabhann
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: La boîte aux lettres
Údar: René Bazin
Céadfhoilsiú: Misneach, an 18 Márta 1922

Ní féidir cur síos ar a chiúine agus a bhí sráidbhaile Shan Fhilimin, go háirithe ag ceann na sráide, áit a raibh teach an tsagairt sa pharóiste. Ní rófhairsing an paróiste a bhí faoi chúram an tsagairt seo, agus níor líonmhar a thréad, ach daoine réasúnta deabhóideacha a bhí iontu. Bhí dóigh mhaith orthu, agus bhí taithí acu ar bhealaí a n-anamchara a bhí á stiúradh i mbealach a leasa le deich mbliana anuas.

Ó theach an tsagairt síos le fána go bruach na habhann, bhí páirceanna ónar éirigh, sa samhradh, ceol na cruinne measctha le boladh na mbláth. Ar chúl an tí mhóir, bhí garraí glasraí agus úllord — giota talún a bhain leis na léanta, uair. Ar an áit seo, do scal an chéad gha de ghrian na maidine agus an ga deiridh tráthnóna. Anseo, d’fheicfeá silíní aibí i mí na Bealtaine, agus raosúir (spíonáin) roimhe sin féin; agus seachtain roimh Lá Fhéile Mhuire sa bhFómhar, ní fhéadfá dul i bhfoisceacht leathchéad slat den áit gan boladh trom na meilliún (mealbhacáin) aibí a mhothú, ag teacht chugat amach trí sceacha na bhfál.

Ná beir leat gur craosaire sagart paróiste Shan Fhilimin. Níorbh ea. A mhalairt ar fad – bhí sé chomh haosta sin nár fhéad sé cuimhneamh ar an uair a bhí goile mhaith aige. Bhí a shlinneáin cromtha, bhí roic ina éadan, bhí leathshúil leis gan radharc, agus leathchluas leis chomh bodhar sin agus go gcaithfeá aistriú go dtí an taobh eile, dá dtarlaíodh dhuit a bheith ar thaobh na cluaise sin.

M’fhocal duit nárbh eisean a d’ith torthaí an úlloird uilig. Na gasúir agus na héanacha a ghoid a bhformhór — na héanacha, go háirithe; na lonta dubha, agus a leithéidí a chónaigh ann go compordúil i rith na bliana agus a thug ceol uathu mar chúiteamh ar a bhfuaireadar ann, chomh maith leo siúd nach ndéanadh cónaí ann – agus cuidiú leo – ach amháin i séasúr na flúirseachta. Bhíodh na gealbhain ann agus lucht clúmhaigh eile de gach saghas – finníní féir (lasair choille), na mílte acu, agus cleití orthu chomh ramhar le do mhéar agus iad ar crochadh as na géaga, agus ag casadh agus ag strapadóireacht, ag baint ghreama as fíonchaora anseo, ag scríobadh péirín (piorraí) ansiúd – éiníní millteanacha ocracha, nach raibh a fhios acu aon slí le buíochas a thabhairt ach scread a ligean ba chosúil le scríob toirisc! Ach bhí trua i gcroí an tseansagairt do na finniní féir féin.

“Níl ar a gcumas siúd a nádúr a athrú,” a deireadh sé, “dá gcuireadh a lochtaí siúd olc orm, céard mar gheall orthu seo de mhuintir mo pharóiste nach ndéanann aithrí?” Agus ní dhéanadh sé ach a dhá bhois a bhualadh in aghaidh a chéile ag dul isteach san úllord dó, sa gcaoi nach bhfeicfeadh sé an iomarca gadaíochta ar siúl.

Treabh na Sciathán

Ansin, d’fheicfeá corraí sciathán, mar a bheadh bláthanna á séideadh chun bealaigh ag gaoth mhór, iad glas agus geal agus buí agus breac – déanfaí eitil ghairid – cloisfí siosma an duilliúir – ansin bheadh sos ann go ceann cúig nóiméad. Na nóiméid úd! Samhlaigh duit féin nach raibh monarcha sa tsráid, ná muileann olla, ná fiú ceárta féin; trup na bhfear agus na mbó agus na gcapall, is ar éigin a airítí é – scaiptí é ar fud na mbánta, agus mheasctaí trí chogarnaíl na leoithne é go gcailltí é. Ní raibh a fhios céard ba inneall ann, ní thaithítí na bealaí móra, bhí na bóithre iarainn i bhfad i gcéin. Dá maireadh dea-iompar na héanlaithe scaitheamh maith, thitfeadh an sagart ina chodladh, ag léamh a phortúis dó.

Ach ar ámharaí an domhain d’fhillidís gan mhoill – na gealbhain á dtreorú, agus ba ghearr go mbíodh an scuain ar fad ag obair arís. Leanadh an sagart don spaisteoireacht síos suas. D’osclaíodh sé a leabhar, nó dhúnadh é. A deireadh leis féin: “Caor ní fhágfaidh siad agam i mbliana.” Agus b’in deireadh an scéil. Éan acu ní fhágadh sé a chreach ina dhiaidh le faitíos roimhe. Dá mba crann péirín gan fréamhacha é, a bheadh ag iarraidh seasamh suas díreach ar ghaineamh an chasáin, ní thiocfadh leo a bheith chomh beagbheann sin air!

Bhí a fhios ag na héanacha gur fada ón ngearán an gníomh, uaireanta. Agus, mar sin, san earrach, is fairsinge a dhéanaidís a neadracha san áit seo ná in aon áit eile. Níorbh fhada go mbíodh na suíonna ab fhearr áitithe – na poill ar na crainnte nó ar na ballaí, agus gabháil na gcrannúll nó fearnóige; agus d’fheicfeá gob donn, mar a bheadh rinn claímh, á shá féin amach an sop tí, a mbíodh a lán acu thall agus abhus idir rachtaí na dtithe.

Bliain amháin, nuair a bhí gach ionad tógtha, is dócha, finnín beag féir a bhí ar lorg áite di féin, céard a thiúrfadh sí faoi deara, den chéad uair, faoina díon dearg, ach súil bhosca na litreach, a bhí sáite isteach sa mballa ar dheis gheata mhóir an tsagairt. Shleamhnaigh sí isteach, bhreathnaigh fúithi agus thairsti, thug gean don áit, agus d’fhill le hábhar neide a chruinniú. Rud ar bith a chabhródh le nead cluthar a dhéanamh – idir clúmhach agus olann agus fionnadh capaill, agus caonach féin, níor léi ab fhaillí é.

Áit na Neide

Maidin áirithe, cé a shiúlfadh isteach chuig an sagart ach bean chúraim a thí, agus í ar buile. Shín sí páipéar chuige. Bhí sí tar éis é a fháil ag bun an gharraí faoi chrann labhrais.

“Breathnaigh, a Athair,” ar sise, “sin páipéar dhuit, agus é salach, freisin. Is iad siúd na peataí tofa.” “Cé hiad féin, a Fhilimine?” a deir an sagart.

“na héanacha mí-ábharacha sin agatsa,” ar sise, “a ligeann tú dóibh cur fúthu anseo. I miasa an anraith a dhéanfas siad a neadracha amach anseo.”

“Níl agam ach ceann amháin acu siúd.”

Céard a chuirfidís rompu ach nead a dhéanamh i mbosca na litreach? D’airigh mé cling bhuachaill an phoist – an rud is annamh is iontach – agus rith mé gur oscail mé an bosca. Agus nach raibh sí líonta romhainn le tuí agus fionnadh capaill, agus damhán-alla; agus bhí díol cuilte de chlúmhaigh ann; agus céard a d’fheicfinn i lár báire ach beithíoch éigin nár éirigh liom a aithneachtáil go rómhaith, a thosnaigh ag siosarnaigh mar a bheadh nathair nimhe ann.”

Phléasc an seanfhear amach ag gáire, amhail athair mór a chluinfeadh trácht ar chleasanna greannmhara naíonáin.

“Finnin féir é sin, a déarfainn,” ar seisean, “níl an oiread sin céille ag an éanlaith eile. Ar do bhás, ná bain leis, a Fhilimine.”

“Beag an baol – an rud gránna,” ar sise.

Amach leis an sagart go deifreach – tríd an teach, síos an garraí, gur shroich sé an balla a bhí mar theorainn idir a fhearann féin agus an bóthar mór. D’oscail an chomhla go cúramach, agus d’fhéach isteach sa mbosca, ina mbeadh limistéar a thiocfadh de litreacha do mhuintir an bhaile bhig fré chéile i rith na bliana.

Níor dhearmad a bhí déanta aige. Tháinig miongháire ar a bhéal nuair a chonaic sé cruth na neide – an dath agus an déanamh a bhí uirthi, agus an bhraillín bhán a bhí taobh istigh. Labhair an t-éan istigh go bagrach.

Ar Gor

“Fan socair, a stóirín,” arsa an sagart, “tuigim an scéal. Beidh tú ar gor go ceann trí seachtaine. Tógfaidh sé trí seachtaine eile le d’ál a thabhairt suas. Sin a bhfuil uait, nach ea? Gheobhaidh tú é. Ardód an eochair chun bealaigh.”

Chomh maith do rinne, agus nuair a bhí dualgas na maidine comhlíonta aige – cuairt a thabhairt ar dhaoine breoite, orduithe a thabhairt do bhuachaill ar an mbaile, agus dreapadóireacht suas go barr an chloigthí, áit a raibh roinnt cloch bogtha ag an stoirm a bhí ann cúpla lá roimhe, chuimhnigh sé ar an bhfinnín féir, agus tháinig sé ina intinn go gcuirfeadh sé as go mór di dá dtitfeadh aon litir isteach sa mbosca a fhad is a bheadh sí ar gor.

Beag an baol go dtitfeadh – ní fhaigheadh muintir Shan Fhilimin níos mó litreacha ná mar a scríobhaidís. Is annamh a bhíodh ní ar bith le déanamh ag buachaill an phoist ach cupán anraith a chaitheamh i dteach amháin, nó deoch a ól i dteach eile, agus anois is arís, litir ó phreasálaí, nó éileamh cánach, a fháil ag feilméara éigin, tamall maith amuigh faoin tuaith. Ach mar sin féin, ó bhí Lá an Naomh-Phatrúin ag teannadh leis, shíl an seansagart go mb’fhearr dhó scríobh chuig an triúr carad a bhí fágtha aige – beirt shagart eile, agus tuata, mar seo:

“A chara. Bheinn buíoch dhíot ach gan scríobh chugam le comhghairdeas a dhéanamh liom Lá mo Naomh-Phatrúin i mbliana. Ní fheilfeadh sé dom litir a fháil faoi láthair. Míneod an scéal duit amach anseo, agus tuigfidh tú an fáth atá leis seo.” Cheapadar go mb’fhéidir go raibh na súile ag cur air, agus níor scríobh.

Bhí áthas an domhain ar an sagart. Ar feadh na dtrí seachtaine dar gcionn ní thagadh sé isteach an geata mór, uair ar bith, gan cuimhneamh ar na huibheacha, breactha le dath bándearg, a bhí chomh gar sin dó, agus nuair a tháinig an t-aonú lá fichead, do chrom sé agus d’éist, an chluas shlán – le súil an bhosca. Ansin dhírigh sé é féin, agus dúirt:

“Tá siad ag ceiliúradh, a Fhilimine, tá siad ag ceiliúradh. Domsa atá an chreidiúint ag dul má táid beo. Ní bheidh aiféala orthu faoina bhfuil déanta agam, ná orm féin ach oiread.”

Bhí croí linbh nár fhás suas ariamh i lár an tsagairt seo, dá shine dá raibh sé…

Litir an Easpaig

Tuairim is an t-am céanna, sa seomra uaine in áras an easpaig ag machnamh ar na haistrithe a bheadh le déanamh sa deoise. Bhí a chomhairleoirí i láthair – an bheirt easpag ionaid, deagánach an chaibidil, a rúnaí pribhléideach féin, agus ardollamh choláiste na deoise. Thar éis socrú cúram paróistí a thabhairt do bheirt nó triúr sagart ionaid, do labhair an t-easpag mar seo:

“A chomhairleoirí eagnaí, tá sagart ann a bheadh oiriúnach ar gach slí do pharóiste Ch—, ach feictear dhom gur cheart a chúram siúd a thairiscint dár gcara, sagart paróiste Shan Filimin, duine de na sagairt is sine agus is diaganta sa deoise. Ní ghlacfaidh sé leis, is cinnte, – tá aois rómhór aige, agus chor leis sin, ní ligfeadh an umhlaíocht dó dul i mbun paróiste mhóir dá shórt. Ach beimid thar éis a chur in iúl dó, chomh maith is a bhí ar ár gcumas, cén meas atá againn ar an naofacht.”

Bhí na comhairleoirí ar aon intinn leis ina thaobh seo, agus an tráthnóna céanna, cuireadh litir ag triall ar ár seanchara, agus ainm an easpaig léi, agus an méid seo mar iarscríbhinn léi: “Freagair gan mhoill, a Athair ionúin, óir caithfead mo mholadh a leagan fá bhráid an rialtais taobh istigh de thrí lá.”

Tháinig an litir seo chomh fada le San Filimin an lá céanna is a tháinig na héanacha óga chun baile, le dua agus le deacracht do sádh isteach sa mhosca í. Thit sí síos agus luigh ar thóin an bhosca mar a bheadh urlár geal i seomra dorcha.

D’fhás an clúmh ar sciatháiníní na n-éanacha óga de réir a chéile. Ceithre cinn déag acu a bhí ann, agus iad ag iarraidh seasamh suas ar na coisíní, a bhí ag tabhairt uathu gach re nóimid; na goib ar oscailt go dtí na súile, agus gan stad ag baint leo ó mhaidin go faoithin ach ag fanach le bia, é a ithe, é a leá, agus a thuilleadh a iarraidh. B’in é an naíonántacht, nuair nach mbíonn rudaí beaga ach lag. Ní fhanann na héanlaithe i bhfad ar an staid sin. Níorbh fhada gur thosaíodar seo ag bruíon agus ag clampar sa nid.

AN SAOL MÓR

Briseadh an nead le hoibriú a sciathán gur thit sí as a chéile. Amach leis an hóg-fhinníní féir ansin. Rinneadar spaisteoireacht dóibh féin taobh istigh den bhosca go bhfacadar an saol mór amuigh trí pholl na litreach, agus gur cúng leo an áit ar rugadh iad. Sa deireadh, d’fhéachadar le héalú amach.

Bhí sagart paróiste Shan Filimin ag féachaint ón mhóinéar ba ghaire ar an gcóisir shamhraidh seo, agus bhain sé ardphléisiúr as. Ag dearcadh dhó ar na rudaí beaga ag teacht amach faoi dhíon an phoill ina gceann nó ina bpéire, iad ag déanamh iarracht ar eitilt píosa bealaigh, ag filleadh nó ag athfhilleadh, mar a dhéanfadh beacha ag fágáil na cuasnóige dóibh, dúirt sé leis féin:

“Sin naíonacht curtha díobh – sin dea-obair curtha i gcrích – tá siad go breá láidir, chuile cheann acu.”

Lá arna mhárach, le linn na saoruaire a leanas an dinnéar, tháinig an seanduine faoi dhéin an bhosca agus an eochair ina láimh aige. Bhuail ar an doras. Fuaim níor chuala sé.

“Bhí mé á cheapadh sin,” ar seisean.

D’oscail sé an bosca, agus i measc bruscair na neide céard a thitfeadh isteach ina láimh ach litir an easpaig.

“Dia ár réiteach!” ar seisean, nuair a d’aithnigh sé an scríbhneoireacht, litir ón easpag! Agus an chuma atá uirthi! Ní mé cá fhaide ansin í?”

Tháinig dath bán ina cheannaithe agus é ag léamh na litreach.

“A Fhilimine, gléas Róibin go beo,” a ghlaoigh sé amach.

Tháinig sise chuige go fiosrach sular chomhlíon sí an t-ordú.

“Céard tá ort, a Athair?” ar sise.

“Tá, an tiarna easpaig a chuir fios orm trí seachtaine ó shin.”

“Ní fhillfidh sé sin,” arsa an tseanbhean.

Bhí an sagart as baile go dtí tráthnóna lá arna mhárach. Nuair a d’fhill sé ar an teach bhí cuma chiúin síochánta air, ach ní fhaightear síocháin gan stró, agus caitear comhrac lena choinneáil. Nuair a bhí úim Róibin bainte dhe agus é ag ithe a chuid féir, nuair a chuir an sagart a sheanchasóg air, agus chartaigh amach a mhála – bhí tuairim is dosaen beairtíní beaga d’earraí ann a cheannaigh sé ar an mbaile mór – bhí sé in am ag na héanacha tionóil le heachtraí agus imeachtaí an lae a aithris dá chéile. Bhí múr díreach thart, agus bhí na braonta móra ag titim, áit ar croitheadh na craobhacha agus an éanlaith ar lorg suíocháin shócúla i gcomhair na hoíche.

Cathú?

D’aithníodar a máistir, a gcara, agus é ag triall ar an úllord, thángadar anuas, d’eitlíodar thart air ag déanamh cainte ardghlóraí; agus na finníní féir – ceithre cinn déag an bhosca – thugadar faoina gcéad turas timpeall a dhéanamh in onóir dó, agus a gcéad cheiliúr faoin aer.

Dhearc an sagart orthu mar a dhearcfadh athair ar a chlann, ach bhí féachaint bhrónach ina shúile san am céanna, mar a bhíos i súile duine agus é ag breathnú ar rud a chosain an iomarca, b’fhéidir, air.

“Maise, a chréatúiríní,” ar seisean, “murach mise ní bheadh sibhse anseo, agus murach sibhse ní anseo a bheinnse ach an oiread, ach i bparóiste is mó i bhfad. Níl aon chathú orm ina dhiaidh, níl – ach ná brúigh bhur mbuíochas orm. Tá mé bodhar agaibh.”

Agus bhuail sé a bhosa in aghaidh a chéile go mífhoighneach.

Níor shantaigh sé maoin an tsaoil ariamh, níor shantaigh sin. Bhí an fhírinne ghlan sa gcaint a bhí ráite aige. Ach mar sin féin, ní mórán codlata a rinne sé an oíche sin, agus maidin lá arna mhárach, ag comhrá le Filimine dó, dúirt sé léi:

“Má thagann an finnín féir le socrú fúithi i mbosca na litreach in athbhliain, a Fhilimine, faisnéis dom é, le do thoil. Ní do lucht lóistín a rinneadh é.” Ach níor facthas an finnín féir i mbosca na litreach arís, ná litir eile den saghas úd faoi shéala an easpaig.

Is féidir an leagan Fraincise a fháil anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published.