Athchló

“Rún an Mhuilteora” ón bhFraincis

Aistritheoir: Fiachra Éilgeach (Risteárd Ó Foghludha)
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Le secret de maître Cornille
Údar: Alphonse Daudet
Céadfhoilsiú: Fáinne an Lae, an 17 Márta 1923

Seanfhear faidhfe a bhuaileann chugam ar cuairt anois is arís, ba é a d’inis dom an oíche faoi dheireadh eachtra a ráinig fiche bliain éigin ó shin go raibh baint aige leis an muileann seo agamsa. Do luigh a scéal go mór orm, agus táim ag iarraidh é a bhunú ar an gcuma inar chuala féin é.

Ceapaigí? agaibh, mar sin, mórnán den bhfíon cumhra a bheith i láthair gach aon agaibh agus gur ceoltóir aosta atá ag reic scéil díbh.

“An dúthaigh seo againne, ní raibh sé i gcónaí gan anam gan cheol mar atá inniu, a dhuine chóir. Is maith is cuimhin liomsa tráchtáil mhór i gcúrsaí muilteoireachta a bheith anseo; is chugainn a bheirtí arbhar an limistéir go léir, deich míle fichead timpeall, chun a mheilte…

Do bhí muileann againn ar gach aon chnocáinín ar fud an bhaile an uair sin. Ní raibh le feiscint anseo ar aon taobh dínn ach seolta móra muilte agus iad ag casadh le cóir ghaoithe, agus sochraidí d’asailíní ag cur cnoc is fána díobh faoi mhálaí lána. Ba shuairceas do mhuintir na háite i rith na seachtaine siansa na bhfuip ar barra cnoic agus cnagadh na seol anairte, agus an síorghleo a bhíodh ag lucht cúnaimh na muilteoirí.

Gach Nua

Níl aon tráthnóna Domhnaigh ná go mbíodh na sluaite thuas ag na muilte. Is ann a bhíodh flúirse fíona á riaradh ag na muilteoirí. Ba gheall le banríonacha a mná, faoina gcúisíní lása agus a gcroisíní den ór buí.

Do bheirinn féin an fhíf liom agus bhíodh an rince fada ar siúl acu as sin go dubh na hoíche, mar ba iad na muilte sin saibhreas is ábhar grinn an cheantair go léir.

Ach bhí sé de mhí-ádh orainn go dtáinig aduaidh ó Pháras foireann Fhrancach a chuir suas ar bhóthar Tharascon muileann a casadh le cóir ghail uisce. 

Is geal gach nua! Ba ghearr go dtáinig an pobal i dtaithí a gcuid cruithneachta a chur chun an mhuilinn sin, agus d’fhág sin na muilte gaoithe díomhaoin, cheal oibre.

Rinneadar iarracht chun an fód a sheasamh, ach is ag an ngail a bhí an bhreis chumhachta, agus, faraor géar, do b’éigean do na muilte gaoithe dúnadh ina gceann is ina gceann dá n-ainneoin.

Bhí na hasailíní imithe. Na croisíní óir a bhíodh ar mhná na muilteoirí b’éigean iad a dhíol, ní raibh braon den bhfíon á riaradh ann! Bhí an rince fada ar iarraidh! Bhí sé fánach ag an ngaoth a bheith ag séideadh ar a hábhar: ní bhíodh cor as na seolta.

Agus tháinig lucht oibre chomhairle an bhaile mhóir lá breá mar seo, agus do leagadar na seanchabhlacha agus chuireadar crainn fíona is crainn olla i dtalamh i ngach láthair díobh.

Cornille

Ach bhí aon mhuileann gaoithe amháin ann a sheas go teann tríd an raic go léir d’ainneoin gach mífhortún. B’in é muileann Chornille an fear go bhfuilim chun an tráthnóna seo a chaitheamh ina chuibhreann.

Muilteoir den tseanaimsir ba ea Cornille, fear a bhí trí fichid bliain ag gabháil don bplúr, fear go raibh mór imní ina ghnó aige. Ba gheall le gealt é ón gcéad lá a cuireadh suas muileann gaile sa chomharsanacht.

Bhí sé ag rith ar fud an bhaile ar feadh seachtaine ag iarraidh daoine a spreagadh ina gcoinne, agus é ag áitiú in ard a chinn is a ghutha gurbh é rud a theastaigh ó lucht na muilte sin ná ár bpobal a mharú lena gcuid plúir nimhe.

“Ná téadh duine agaibh ina ngaire ná ina ngaobhar” a deireadh sé. “An ghal go bhfuil siad seo ag baint feidhme aisti níl inti ach meabhair an deamhain féin, agus mise ag obair le neart anáil Dhia na glóire…” Agus bhí an-chuid ráite breátha den sórt sin aige ag moladh na muilte gaoithe, ach níor thug éinne ach an chluas bhodhar dó.

Isteach leis ina mhuileann agus nimh ar an orlach aige, do dhún sé an doras ina dhiaidh, agus bhíodh sé ina aonar istigh ann mar a bheadh ainmhí allta. Dá mba í Bhibhette féin é, gearrchaile cúig bliana déag, ná raibh ar an saol aici ach a hathair is a máthair, níorbh áil leis ise féin a theacht ina ghaire ann.

Do b’éigean don chréatúirín dul ag tuilleamh a beatha ar an bhfómhar, thall is abhus, nó ag tabhairt aire do na síreanna nó ag piocadh duilleoga olla.

A Chor

Ach ina dhiaidh sin is uile do dhealraigh an scéal go raibh ardbhá ag an athair críonna léi. Is minic a théadh sé dosaen míle bóthair de shiúl a chos chun na feirme ina mbíodh sí, d’fhonn í a fheiscint, agus d’fhanadh ina fochair suim gan áireamh, á breithniú, agus é ag síorshileadh deor.

Do mheas muintir an cheantair gurbh é an sprionlaitheacht faoi deara dó an cailín beag a chur chun siúil, agus nárbh aon chreidiúint dó a bheith á ligean ó fheirm go feirm i measc sracairí agus í i mbaol gach tubaiste.

Do cheap gach éinne, leis, ná raibh sé ceart ag Cornille, agus an tuairim a bhí aige dó féin go dtí sin, a bheith cosnochtaithe ar an tsráid, agus a hata is a bhíondal ina réabach.

Is amhlaidh mar a bhí an scéal againne a bhí comhaois leis, ba náire linn a chor ar Aifreann Domhnaigh; agus do ghoill a chás chomh mór sin air féin ná téadh sé a thuilleadh i mbinse na seanóirí san eaglais. Thíos i measc na mbocht, láimh le humairín an uisce coisricthe, a bhíodh sé i gcónaí.

Rún

Do bhí rún éigin i gcúrsaí saoil Chornille. Is fada anuas ná rug éinne ar an mbaile aon arbhar chuige, ach ina dhiaidh sin níor shos do sheolta a mhuilinn.

Do bhuaileadh sé umainn ar an mbóthar agus fia-ualach plúir ar a asal aige.

–Móra dhuit, a Chornille! a deirimis leis; bíonn an mhuilteoireacht ar siúl i gcónaí agat!

–Bíonn, a chairde; buíochas le Dia nach í an obair a loiceann orainn choíche, a deireadh sé go haerach.

Agus dá bhfiafraíodh éinne de cé a sheoladh an chruithneacht go léir chuige, do leagadh sé a mhéar suas lena phus agus deireadh go sollúnta:

–Do dhúthaí thar lear a bhímse ag meilt.

Ní bhfuair éinne a thuilleadh feasa riamh uaidh.

Maidir le ligean d’éinne cos a leagadh laistigh de dhoras an mhuilinn sin, níorbh aon mhaitheas a bheith ag súil leis. Ní ligtí Bhibhette féin isteach ann.

Bhíodh doras an mhuilinn dúnta i gcónaí, bhíodh na seolta ag síorchasadh, an seanasal ag iníor ar an bport, an cat mór lom ag gabháil na gréine agus é sínte ar a shómas ar shlat na fuinneoige, agus féachaint urchóideach ina shúile.

Do b’áit le gach éinne an scéal, agus níor bheag a mbíodh de shiosarnaigh acu ina thaobh. Bhí a mhíniú féin ag gach éinne, ach ba é tuairim an fhormhóir ná gur líonmhaire an muileann faoi chorónacha ná faoi mhálaí den phlúir.

Íde Béil

Ach do fríothadh bun is barr an scéil i ndeireadh na scríbe, agus seo mar a tharla:

Lá agus mé ag bualadh ceoil rince do na daoine óga do bhraitheas go raibh Bhibhette bheag agus an mac ba shine agam féin an-mhór lena chéile.

Níor chuir sin aon chorrabhuais orm, mar cad é an mhaitheas a rá ach an fhírinne, do bhí clú ar Chornille riamh, agus rud eile de, níor scorn liom féin an ainnirín sin a bheith i bhfeighil an tí againn.

Ach bheartaíos gurbh fhearr an scéal a chur i dtreoir, i gceart agus i dtráth, agus chuige sin do ghluaiseas liom faoi dhéin an mhuilinn d’fhonn labhairt leis an athair chríonna um an gcás.

Uch, a Chríostaithe an domhain! A leithéid d’íde béil is a thug an seanchladhaire orm!

Ní fhéadfainn a chur ina luí air an doras a oscailt dom. B’éigean dom an cás a mhíniú dhó, isteach trí pholl na heochrach, chomh maith is a d’fhéadfainn a dhéanamh, agus an séacla cait úd os mo chionn in airde, ag meabhlaigh ar nós an diabhail.

An Fheadóg

Ní bhfuaireas uain chun mo scéil a chríochnú: dúirt sé liom go han-mhímhúinte filleadh ar an bhfeadóg, agus mo mhac a phósadh le cailín as na muilte gaile má bhí deithneas orm chun cleamhnais a dhéanamh.

Ní miste dhuit a rá ná gur fhiuch mo chuid fola ionam nuair a chuala an focal géar sin; ach bhí sé de chiall agam srian a chur le mo bhriathar; d’fhágas i bhfeighil a bhróinte é, agus thugas mo bhóthar abhaile orm chun go n-inseoinn do na daoine óga conas a theip orm.

Bhí sé fánach agam a bheith ag iarraidh an scéal a chur ina luí orthu: ní chreidfidís mé, agus d’iarradar orm ligean dóibh féin dul chun cainte leis. Ní bhfaighinn ionam iad a eiteach agus bhíodar imithe sara bhféadfá do shúil a chaochadh.

Do bhí Cornille díreach tar éis gabháil amach nuair a shroicheadar an ball, agus bhí an glas ar an doras aige; ach do ráinig gur fhág sé an dréimire lasmuigh, agus cad a dhéanfadh an bheirt óga ná dul isteach tríd an bhfuinneog thuas, féachaint cad a bhí istigh sa mhuileann sin na n-iontas.

Folamh

Agus b’in é an scéal greannmhar a thugadar amach leo! Folamh ar fad a bhí seomra na bró! Ní raibh mála ná bléithín* ann, ná rian den bplúr ar na fallaí ná ar na neadracha damhán alla. Ná pioc den chumhracht a bhíonn de ghnáth i muilte plúir. Do bhí an deannach go trom ar an gcrann iompair, agus bhí an cat mór lom ina chodladh in airde air.

An dealramh céanna sin na fuaire is na hainnise a bhí ar an seomra a bhí faoina bhun sin: leaba gan mhaith, roinnt ceirteacha, dailc den arán ar runga de rungaí an staighre, ach cad a bheadh istigh i gcúinne ann ná trí nó ceathair de mhálaí briste agus brus is seanmhoirtéal ag sileadh astu.

B’in é rún Chornille! An plástar sin is é a bhíodh aige ina shiúl tráthnóna ar fud an bhóthair, ar eagla aon lagadh a dhul ar cháil a mhuilinn, agus é ag iarraidh a chur ina luí ar an bpobal gur plúr a bhí aige á dhéanamh.

Mo thruasa an seanmhuilteoir agus a sheanmhuileann bocht! Is fada riamh a sciob na muilte gaile an custaiméir deiridh uathu araon. Is fíor go mbíodh na seolta ag síorghluaiseacht, ach casadh díomhaoin a bhíodh ag an mbró más ea.

Náire Shaolta

Do rith na daoine óga ar séirse chugam féin agus iad araon go deorach. An scéal a bhí acu do bhain sé fáscadh as mo chroí. Chuas de sciuird ag triall ar na comharsana agus is é rud a bheartaíomar go léir ach nárbh fholáir a raibh de chruithneacht sna sciobóil againn a bhreith chun mhuilinn Chornille láithreach bonn.

Níor thúisce a rá ná a dhéanamh. Seo chun róid muintir an bhaile, chun gur bhaineamar amach barra an chnoic le sochraid d’asailíní faoi mhálaí den chruithneacht!

Do bhí doras an mhuilinn ar dianleathadh. Ar a aghaidh amach dó bhí Cornille ina shuí ar mhála plástair, a cheann sáite ina dhá bhois aige agus é ag tabhairt na ndeor go faíoch. Ba róléir dó go rabhthas tar éis dul isteach sa mhuileann a fhad is a bhí sé féin as baile agus nár shicréid feasta a rún bhocht.

–Ó! mo chreach is mo chás, níl i mo cheann ach an bás, arsa eisean. Tá náire shaolta fachta ag mo mhuileann.

Do bhí croí gach aon againn i riocht scoiltithe ag a rachtaí goil, agus gach aon ainm cheana aige á thabhairt ar a mhuileann chomh maith is dá mba dhaonnaí a bhí aige.

Cruithneacht

Lena linn sin díreach is ea a shroich na hasail an t-árdán:

–Hé, a mhuilteoir! Chugat as sin! Anois duit a Chornille! arsa gach éinne os ard, faoi mar a dhéantaí an lá ab fhearr a bhí ag na muilte gaoithe riamh.

Agus b’iúd iad na málaí cruithneachta cruachta ar aghaidh an dorais, agus an gráinne buí ag sceitheadh mórthimpeall ar fud an urláir.

Do leath a radharc ar an seanmhuilteoir. Do bhí roinnt den ghráinne ina sheanbhos ag an bhfear bocht agus é idir ghol is gáire ag féachaint air.

–Cruithneacht! Ó, a Thiarna na bhflaitheas! Cruithneacht dáiríre. Fánaigí siar go bhféachfad uirthi.

D’iompaigh sé chugainne ansin: Féach anois agaibh! Cad dúirtse libh i gcónaí. Nach agamsa a bhí a fhios gur ag filleadh chun mo mhuilinn-se a bheadh sibh. Níl sna muilteoirí nua seo ach bithiúnaithe, níl sin.

Do ba é an fonn a bhí orainne ná é a iompar faoi mhórtas ar ár nguaillí ar fud an bhaile.

–Go réidh, a chairde an chroí, go réidh! Sara ndéantar aon ní eile ní foláir greim le n-ithe a thabhairt do mo bhróinte. Nach eol díbh a fhad is tá gan pioc a dhul faoin bhfiacal acu!

Níor fhéad éinne againn gan a dheoir a shileadh agus an fear bocht ag rith anonn is anall faoi shaothar, ag oscailt málaí, ag féachaint i ndiaidh na mbróinte, an gráinne á mheilt, agus an deannach mín ag dul go fraitheacha.

An Bás

Ní miste cothrom na Féinne a thabhairt dúinn féin: as sin amach ní raibh aon easpa oibre ar an seanmhuilteoir an dá lá is mhair sé, ach fuair sé bás le himeacht na haimsire, agus do scoir seolta ár muilinn aonair dá ngluaiseacht go brách. Ní tháinig éinne in ionad Cornille. Cad eile conas a bheadh an scéal, a dhuine chóir! Ná tagann críoch ar gach ní faoin spéir! Agus ní foláir a admháil go raibh deireadh le ré na muileann gaoithe, dála na mbád úmach ar an Róin agus saol na seanchúirt ríoga agus lá na gcasóg craobhach.

*blé an focal Fraincise ar ‘cruithneacht’ nó ‘gráinnín cruinneachta’. Seans gurbh é Risteárd féin a chum an focal Gaeilge.

Is féidir an leagan Fraincise a fháil anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published.