Athchló

Casperl agus Annerl – Eachtraí i dTír an Leabhair

Aistritheoir: Lil Nic Dhonnchadha
Bunteanga: An Ghearmáinis
Bunteideal: Oberschlesische Märchen und Sagen
Údar: Joseph Freiherr von Eichendorff
Céadfhoilsiú: Misneach, an 31 Iúil 1920

I.

Bhí beirt pháistí ann tráth, Casperl agus Annerl, a raibh gean mór acu dá chéile.  Bhíodar lá ina suí lasmuigh den tigh ag féachaint ar phictiúir dheasa i leabhar mór le hAnnerl.

Bhí éanlaith ag déanamh ceoil sa choill, agus bhí dearg an tráthnóna ag teacht ar na sléibhte os a gcomhair amach.  Chonacthas dóibh ar an bpictiúr tír álainn, páirceanna torthúla, aibhneacha, bailte beaga agus caisleáin, agus laistiar díobh sliabh iontach achrannach ar a raibh séipéal aonarach agus coill, agus taobh leis an gcoill bhí slua daoine ag gluaiseacht agus bratacha geala ar iompar acu.

Do lonraigh deargluisne na gréine ar an bpictiúr, agus nuair a bhí an bheirt ag breathnú air go dúthrachtach, thosaigh na crainn daite ar siosarnaigh, tháinig éanlaith geala ag eitilt trasna na tíre, lonraigh na fionnghlaisí ar thaobh an tsléibhe, do suathadh na bratacha leis an ngaoth, agus ba chlos dóibh ceol á ghabháil ag an slua daoine i bhfad uathu.

Do baineadh preab as an ngarsún nuair a chonaic sé Annerl bheag i measc an tslua úd agus í ag déanamh comharthaí d’fhonn é a mhealladh léi.  Tháinig misneach chuige agus do phreab sé ina diaidh, agus ritheadar araon, lán d’áthas, isteach i dTír an Leabhair.

II.

Tráth gur fhéach Casperl siar, ní raibh an teach ná an ceantar ina thimpeall le feiscint, ach chualadar go minic ceol an mhórshlua ag druidim leo: d’imigh an ghrian faoi, agus dá fhad a thrialladar is ea ba ghlégile a d’éirigh gach ní ina dtimpeall.  Go tobann agus iad ag dul thar lúb na gcarraigeacha, chonaiceadar sliabh a raibh a bhuaic chomh hard leis na spéartha os a gcomhair amach.  Ar bharr an tsléibhe bhí caisleán de ghlan-airgead clúdaithe le hór, agus bhí bean iontach álainn ina suí lasmuigh de gheata an chaisleáin, agus í tar éis dul a chodladh le linn seinnte ar an gcláirseach di.  Tháinig solas mar sholas na gealaí ó thrilsí fada a gruaige agus óna róbaí, agus do lonraigh sé ar shléibhte agus ar chamraí, ar choillte agus ar fhailltí ina timpeall.  Thíos uathu in áit nár shroich gathanna an tsolais é, chonaiceadar tríd an gclapsholas firíní beaga cruiteacha ag déanamh cleas na cuaille go meidhreach ó reanna na gcarraigeacha; i bhfad uathu chualadar cloigín díthreabhaigh; bhí fear seilge ar seachrán ina sheasamh ar charraig os a gcomhair amach agus thugadh sé freagra anois is arís ar a bhonnán.  Thuas in aice an chaisleáin bhí caoirigh bheaga bhána ag innilt ar an bhfána. Bhí aingil ar bharr an túir ag séideadh stoic airgid go hard amach thar na gleannta ciúine.

“Is í sin an bandia Lúna,’ arsa Annerl, ag taispeáint mná an chaisleáin dó.

“Bhfuil aithne agat uirthi mar sin?” a d’fhiafraigh Casperl agus ionadh air.

Rinne sí gáire: “Nach dall-aigeantach atáir agus an aois atá ort.  Fan anois go dlúth im’ aice, nó rachaidh tú amú anseo.”

Ach chonaic Casperl seanduine mór, cromtha ina shuí ar leataobh an bhóthair, agus mála lán d’úlla breátha ar a dhroim.  Tháinig dúil aige iontu agus ba mhian leis cúpla úll a cheannach láithreach, ach nuair a bhí sé ag breathnú isteach sa mhála, rug an fear greim ar a dhá chois go tapa, sháigh isteach é agus cheangail an mála go daingean air.

“Aha! Anois is agamsa atáir!” air seisean agus do shín sé a dhá chois amach go sásta, lena scíth a ligint.

D’oibrigh Casperl lena dhá uillinn i measc na n-úll sa dorchadas agus é ar deargbhuile.

“Ach ná bí chomh garbh sin, táir dom’ bhrú,” arsa an guth beag mín go tobann leis i gcogar.

“An tusa atá ann?” a d’fhiafraigh sé go ciúin.

“Go cinnte,” a d’fhreagair an guth beag.  “Do rugadh ormsa freisin agus táim ag cogaint an mhála seo le fada, i slí is go bhfuil mo chuid fiacla tinn.  Anois tá an seanduine ina chodladh.  Éist lena chuid sranntarnaí.  Tá do mhéaranna chomh láidir, ramhra   sin, gur cheart duit cúnamh a thabhairt dom le poll a stracadh sa mhála.”

Luichín deas beag bídeach a bhí ag caint chomh faon sin.  Strac Casperl an mála go cúramach, sciuird an luichín amach, bhain sí greim ar a mhéar go cealgach agus í ag léimrigh amach agus d’imigh sí léi faoi sholas na gealaí.  Chuala sé ag sciotaráil í i bhfad uaidh i measc na gcloch.  Ansin théaltaigh sé féin amach go bog; sháigh sé úll breá go tapa isteach ina phóca agus thug faoina aistear gan mhoill.  Ach is é an saghas áite go dtáinig Casperl amach ann ná áit lán de dhriseoga tiubha mothallacha, agus mar gheall ar an deifir a bhí air, d’imigh sé amú, agus in ionad dul síos le fána rith sé suas ar an seanmhuinchille.

III.

Ach nuair a shroich sé barr an mhuinchille, tháinig iontas air.  Bhí an mhaidin ann, ní raibh sa sean‑amhas faoi ach an tseancharraig liath os comhair tí a athar amach, agus san áit ina bhfaca sé an caisleán breá agus na scealpacha iontacha faoi sholas na gealaí, ní raibh ann anois ach néalta troma liathbhána ina luí ar bharr a chéile go codlatach.

Chonaic sé an deatach ag teacht ó shimléir an bhaile; tháinig comharsa chun an dorais ag méanfach.  Thug sé scairt coiligh agus glao amach: “A Chasperl, ní foláir nó gur mian leat fáilte a chur roimh an lá mar a dhéanfadh coileach, ó tharla go bhfuilir chomh luath amuigh ar an tseancharraig sin.”

Bhí Annerl álainn imithe agus níor tháinig sí as sin amach, agus ní raibh aon eolas ag éinne mar gheall uirthi, mar bhíodh de nós aici teacht faoi rún um thráthnóna ón gcoill le himirt leis.  Bhí Casperl an-bhrónach ina diaidh, thug sé faoina lán a fhoghlaim ach bhíodh an t-uaigneas ag cur air.  Diaidh ar ndiaidh d’éirigh sé mór agus láidir.

IV.

Tráth áirithe san oíche agus an ghealach ag lonrú ar na coillte, shamhlaigh sé go raibh an bhean fhíorálainn ina suí thall ar an sliabh os comhair an tí agus í ag léamh an tseanleabhair phictiúr, i slí is go dtagadh spréacha solais ar uairibh thar na crainn go dtí an fhuinneog ó ór-imeall an leabhair.  Tháinig míshuaimhneas air.  Nuair a tháinig breacsholas na maidine bhí sé ina shuí agus é ina chuid éadaigh cois boird ina sheomra, a lámh mar thaca faoina cheann.

Is ansin a chuimhnigh sé go raibh an t-úll sin a bhain sé as an mála ina phóca ó shin.  Tharraing sé amach é agus bhain greim as de bharr throm-intinne agus bhí ar tí é go léir a ithe.  Chuir rud éigin a bhí istigh ann béic as, agus shín ceann beag é féin amach.  Bhris sé an t-úll agus ionadh air.  Tháinig firín donn ag dreapadh amach ar an síol-tigh agus bata agus máilín á iompar aige.

“Cé hé tusa?”

“Fear na n-úll. Beannacht leat.”  Chuaigh an firín trasna an bhoird, ach stad sé go tobann ar an imeall toisc nár fhéad sé dul síos. 

“Mhaise, béarfaidh mé cúnamh duit le dul síos, a chréatúirín boicht,” arsa Casperl,  “ach san am céanna caithfidh tú geallúint a thabhairt dom.  An féidir leat mé a sheoladh go dtí an bhandia Lúna?”

“Cad chuige nach bhféadfainn?” arsa an firín.

Ansin thóg sé go réidh idir a mhéara é agus chuir amach ar an bhféar é.  Thugadar faoina n-aistear.  Bhí an firín bacach de bharr an ghreama a bhain Casperl as an úll rud a ghortaigh méar mhór a choise,  ach is ar éigin a bhíodar amuigh ar an líonán gur rith an firín bacach ar aghaidh chomh tapa le dreoilín teaspaigh agus é ag gáire agus ag glaoch ar Chasperl:  “Tar im’ dhiaidh, tar im’ dhiaidh, agus na cosa fada atá agat!”  Sular airigh Casperl é, bhí an firín as radharc san fhéar fada. Thuig sé ansin go raibh a shaothar in aistear aige.

V.

Maidin bhreá Domhnaigh a bhí ann.  Bhí crann piorra go díreach ag siúl thar an bpáirc chun na heaglaise agus ag siúrsán chun Dia a mholadh.

“Moladh le hÍosa Críost!” arsa Casperl mar bheannacht dó, “Nach bhfaca tú oilithreach donn ar chor ar bith?”

“Amen, a Thiarna,” arsa an crann piorra.  “Is dóigh liom gur shatailíos ar rud éigin den tsaghas sin sa bhféar ó chianaibh.”

“Go bhfóire Dia orm,” arsa Casperl go truamhéileach.  “Chuir sé amú mé, agus anois níl a fhios agam cá bhfuilim!  Dá mbeadh oiread is carraig nó túr ann go bhfaighinn féachaint im’ thimpeall.”

“Níl am agam i gcomhair amaideachta,” arsa an crann piorra; ach nuair a bhí Casperl ar tí siúl roimis faoi bhuairt, tháinig trua ag an gcrann dó.  “Anois, téanam ort; nach sibhse na páistí a chuireann trioblóid ar dhuine,” ar seisean, agus chuaigh sé suas ag osnaíl agus saothar air ar shliabh ard agus dhírigh sé é féin agus leathnaigh a chraobhacha uaithne go meidhreach amach san aer.

Níor ghá é a rá an athuair le Casperl, chuaigh sé suas go tapa go dtí a bharr – ach ansin chaith sé a chaipín go tobann in airde agus chuir hóró! as chomh tréan is ab fhéidir leis é, mar thall uaidh ba léir dó na sléibhte iontacha arís, i slí is gur éirigh sé díodánach de theann áthais.

VI.

“Anois, ná tarraing chomh dian mé, táir dom’ ghortú,” arsa an crann.  Ach bhí Casperl ag scuabadh síos go sciobtha; “moladh le Dia! Moladh le Dia!” ghlaoigh sé arís is arís eile.  Ach do chroith an crann piorra maith é féin faoi aer na maidine le slán a fhágaint aige, i slí is gur clúdaíodh an féar ar fad le toradh órga álainn a chuaigh ag rith is ag léimrigh go meidhreach síos le fána, agus rith Casperl ina ndiaidh i measc solais na maidine isteach sa cheantar sár-álainn úd.

Má bhí na sléibhte go deas faoi sholas na gealaí, ba mhíle uair níos deise a bhí gach rud anois faoi sholas lonrach na maidine.  Bhí luisne dearg-róis ar an gcaisleán taidhleach agus a thúir séimhe, bhí dealramh óir ar na glaisí, bhí na coillte ag cogarnaíl agus dathanna na rúibíní agus na smaragad orthu; bhí aingil ina seasamh ar na sléibhte agus iad ag brú deirge na maidine ar aghaidh lena sciatháin fada a bhí ar dhath an bhogha bháistí.  Agus nuair a tháinig sé faoi dheireadh go dtí an choill, chonaic sé cailín iontach álainn ag marcaíocht ar fhia bhán, agus coróin bheag lonrach ar a chuid gruaige.

“A Thiarna! Ba cheart go n-aithneoinn í siúd!” ar seisean ina aigne féin – Ba í Annerl a chroí a bhí ann!

Do stad sise agus í ag gáire agus dúirt sí: “Chuaigh an bhean álainn Lúna faoi oíche aréir, ach chuir sí beannacht ag trial ort; is mise, áfach, a hiníon Aurora, banríon na gcoill.”

“Béadsa im’ rí mar sin,” arsa Casperl agus léim sé suas ar an bhfia ar a cúl, agus as go brách leo trí dhorchadas na gcoill, thar chaisleáin uaigneacha, le taobh sruthanna fionnuara agus gairdíní agus tíortha geala i bhfad uathu, agus gach éinne a chonaic iad ag dul thart, do hardaíodh an croí is an misneach ann.  Do chónaíodar le chéile as sin amach faoi áthas do-inste, agus muna bhfuair siad bás, táid ann inniu.

Leave a Reply

Your email address will not be published.