Nuacht

Nuacht faoi chúrsaí Aistriúcháin

  • Nuacht

    Léargas ar aistriú Animal Farm go Gáidhlig

    Bidh Aonghas Pàdraig Caimbeul a’ nochdadh aig Creative Conversations air 12 Lùnastal, a bhruidhinn mun eadar-theangachadh aig de ‘Animal Farm’ Sheòrais Orwell, ‘Tuathanas nan Creutairean’. Fios an seo. Labhróidh Aonghas Pàdraig Caimbeul beo ar Creative Conversations an 12 Lúnasa, faoin aistriúchán, ‘Tuathanas nan Creutairean’, ar ‘Animal Farm’ le George Orwell. Gach eolas anseo.

  • Nuacht

    Aistriúcháin de dhánta á lorg

    Tá aistriúcháin de dhánta le filí, ar mhná nó daoine neamh-dhénártha iad, atá imithe ar shlí na fírinne, á lorg ag an iris Modern Poetry in Translation le haghaidh eagráin speisialta ar an ábhar sin. Tá gach eolas le fáil anseo: Submissions Ár mbuíochas le Gabriel Rosentock as an scéala seo a chur chugainn.

  • Nuacht

    Scéilíní Anall

    6 aistriúchán spéisiúla eile curtha leis an mbunachar ón leabhar Scéilíní Anall a chuir Conradh na Gaeilge amach sa bhliain 1920 de bhun chomórtas aistriúcháin an Oireachtais. D’aistrigh Risteárd Ó Foghludha 3 cinn acu: Matéó Falcone  – ‘Mateo Falcone le Prosper Mérimée An tUrchar Piostail  – ‘ Le Coup de Pistolet’ le Prosper Mérimée Rí Rá na Pláighe Fola  – ‘The Mask of the Red Death’ le Edgar Allen Poe  D’aistrigh Seán Tóibín na 3 cinn eile: An ‘Sergeant’ Mór – ‘The Fell Sergeant’ le Niall Mac an Rothaich Móin na…

  • Nuacht

    Á aistriú…

    Ach a gcuardaítear sa bhunachar, feictear liosta na leabhar a d’aistrigh Risteárd Mac Annraoi go dtí seo. Deir sé linn go bhfuil roinnt leabhar eile ar na bacáin aige, ina measc Dorchadas um Thráthnóna le Arthur Koestler, Seoid na Seacht Réalta le Bram Stoker agus Ceo le Miguel de Unamuno. Nár laga Dia a lámh. Fógrófar a bhfoilsiú anseo in am is i dtráth.

  • Nuacht

    Aistriúcháin Mhichíl Uí Ghríobhtha le fáil arís

    D’aistrigh Mícheál Ó Gríobhtha ó Cho. an Chláir ceithre leabhar faoi Scéim Aistriúcháin an Ghúim: Sa Villa Rose At the Villa Rose A. E. W. Mason 1929 An Ré-Sheód Moonstone Wilkie Collins 1933 An Finn Dia The Fair God Lew Wallace 1935 An Chéad-Chuairt ar an nGealaigh First Men in the Moon H. G. Wells 1938 Aistritheoir den scoth ba ea é agus roghnaíodh sé an focal agus an abairt cheart i gcónaí. Bhí Gaeilge aoibhinn aige a d’fhoghlaim sé ó chomharsana agus é ag fás aníos i gCathair Aoidh…