Nuacht

Nuacht faoi chúrsaí Aistriúcháin

  • Nuacht

    IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 2020

    Ní fada uainn anois tús Fhéile Imram na bliana seo. Beidh go leor ó thaobh an aistriúcháin litríochta de ar siúl sa bhféile i mbliana, go háirithe Leabhar na nAthruithe le Ovid a aistríodh go Gaeilge. Seo a leanas preasráiteas na Féile: IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 2020FÉILE AR LÍNE DE SCANNÁIN LITEARTHA ATÁ LÁN DE DHRAÍOCHT CLÁR NA FÉILE AG AN NASC SEO: https://indd.adobe.com/embed/e51d8728-3875-45b2-b72b-992e4ea41d9a?startpage=1&allowFullscreen=true%3Ftransition&fbclid=IwAR1P2b-ZVE5whn_0JHV5tABFO0i65N7D6mN2VaQNWW53aqvT3Lm2nWkPNb0   ‘Chanfadh m’anam de shíor de chlaochluithe’  –  a deir Óivid in Leabhar na nAthruithe an saothar mór atá claochlaithe i nGaeilge ag Caitríona Ní Chléirchín. Tá cúig cinn d’eachtraí…

  • Nuacht

    Tinte na Farraige Duibhe

    Aistriúchán nua-fhoilsithe Údar: Tim ArmstrongBuneideal: Air Cuan Dubh DrilseachBunteanga: An GhàidhligAistritheoir: Eoin P. Ó MurchúFoilsitheoir: Leabhar Breac (2020) Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu. Tá úrscéal nua ficsin eolaíochta foilsithe ag…

  • Nuacht

    Walker Éireann

    Is féidir éisteacht anseo le podchraoltaí fuaime ina gcloistear Gabriel Rosenstock ag léamh aistriúchán do leanaí a rinne sé do Walker Éireann. Áis iontach í seo do dhaoine a bhfuil na leabhair acu agus ar mian leo éisteacht leis an aistritheoir féin á léamh go hanamúil do léitheoirí óga.

  • Nuacht

    Ceo

    N’fheadair Augusto Pérez, laoch nó frithlaoch an úrscéil seo, cad atá roimhe agus é ag teacht go doras a thí ar mhaidin cheobhránach. Tá sé i gcás idir dhá chomhairle mar a bhíonn i gcónaí. Níl ina chaidreamh le daoine eile nó acu siúd leis ach bréaga agus cluichí.

  • Nuacht

    Stair na Fealsúnachta

    ‘Tá féith na fealsúnachta sa Ghaeilge féin; tá de bhua aici taibhsí na teibíochta a scuabadh as radharc láithreach bonn. Bhí géarghá le fada le stair cheart chuimsitheach na fealsúnachta i dteanga na nGael. Déantar iarracht san aistriúchán go Gaeilge freastal ar an éileamh sin a bhíonn ag síormhéadú.'