Nuacht

Nuacht faoi chúrsaí Aistriúcháin

  • Nuacht

    Táinseamh Chatilína

    Údar: CiceroAistritheoir: Dómhnall Ó MathghamhnaAthfhoilsiú: Risteárd Mac Annraoi Tá Risteárd Mac Annraoi tar éis leabhar nua a thabhairt ar an bhfód, mar atá aistriúcháin a dhein Dómhnall Ó Mathghamhna ar óráidí Cicero. Sa Sunday Independent a foilsíodh iad ina sraith breis is 90 bliain ó shin, ach is féidir linn a léamh arís anois a bhuí le Risteárd. Tá an méid seo le léamh ar chúl an leabhair: Saolaíodh Marcas Túillias Ciceáro (106-43 RCh.) i mbaile mór darbh ainm Appinium. Polaiteoir, fealsamh agus scríbhneoir ab ea é. Tá sé ina…

  • Nuacht

    Léirmheasanna ar “This Road of Mine”

    Is féidir léirmheasanna ar an leabhar “This Road of Mine” – leagan Béarla Mhíchíl Uí Aodha de leabhar Sheosaimh Mhic Grianna “Mo Bhealach Féin” – a léamh anseo thíos Léirmheas le Gabriel Rosenstock a thugann comhthéacs don mbunleabhar agus don aistriúchán nua seo, araon – anseo Léirmheas san Irish Times anseo. Léirmheas le Lillis Ó Laoire sa Dublin Book Review anseo Léirmheas le Jenny Farrel, in Culture Matters anseo

  • Nuacht

    The Invisible Man i nGaeilge

    Foilsíodh leagan Gaeilge de leabhar cáiliúil H.G. Wells inniu.Is é Séamus Ó Coileáin a d’aistrigh agus a d’fhoilsigh An Fear nárbh fhéidir a Fheiscint. “Ritheann sé leis an nGrifíneach, eolaí iontach, gurbh fhéidir ábhar ar bith a chóiriú go ceimiceach ionas nach bhfeicfeadh an tsúil dhaonna é. Caitheann sé a chuid ama agus a chuid airgid ag iarraidh an tuairim sin a chur i gcrích. Samhlaigh na rudaí a d’fhéadfadh duine a dhéanamh dá mbeadh sé dofheicthe, a dúirt sé leis féin!I ndeireadh na dála, éiríonn leis ach cén costas…

  • Nuacht

    Léargas ar aistriú Animal Farm go Gáidhlig

    Bidh Aonghas Pàdraig Caimbeul a’ nochdadh aig Creative Conversations air 12 Lùnastal, a bhruidhinn mun eadar-theangachadh aig de ‘Animal Farm’ Sheòrais Orwell, ‘Tuathanas nan Creutairean’. Fios an seo. Labhróidh Aonghas Pàdraig Caimbeul beo ar Creative Conversations an 12 Lúnasa, faoin aistriúchán, ‘Tuathanas nan Creutairean’, ar ‘Animal Farm’ le George Orwell. Gach eolas anseo.