Léirmheas

Cú na mBaskerville

Aistritheoir: Nioclás Tóibín
Foilsitheoir: Athchló le Evertype ar leabhar de chuid an Ghúim
Eagarthóir: Aibhistín Ó Duibh

Léirmheastóir: Ken Ó Donnchú
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 74, Uimh 2 (FEABHRA 2014)

Seans nach eol do chách go bhfuil, le ceithre scór bliain, fáil i nGaeilge ar The Hound of the Baskervilles. An Gúm faoi deara an aistriúcháin a bheith ann an chéad lá riamh: faoi scéim dá chuid, fadó fadó i ré Saorstát Éireann, bhí súil ag an bhfoilsitheoir sin litríocht fhairsing (idir theagascach agus taitneamhach) a chur ar fáil d’Eireannaigh. D’éirigh leis saothair faoi ghradam (agus saothair nach ndéanfaí a mholadh choíche) a thabhairt ar an saol tri mheán an aistriúcháin agus bhí Máirtín Ó Cadhain agus Seosamh Mac Grianna, ach oiread le go leor eile, páirteach ann.

Is ró-éasca caitheamh anuas ar an nGúm, mar ba nós leis an gCadhnach, ach is fiú a lua nár leanadh leis an scéim aistriúcháin seo i gcaoi is go ndéanfaí í a chur chun cinn. Tiontaíodh mór- agus mionsaothair, foilsíodh iad, ach fágadh an scéal mar sin. Níor bacadh le hathchló a chur ar an mbolg soláthair a gineadh de ghníomhaíochtaí an Ghúim, agus dá bharr sin is le dua agus le dúthracht a thiocfaí ar mhórán de thorthaí na scéime. Tá biseach éigin tagtha ar an gcneá seo (más cuí cnea a thabhairt air; bhí idir fhiúntas agus fhíorolc sa chlár aistriúcháin a chothaigh An Gúm, e.g. Seán Ó Ruadháin ag tiontú David Copperfield vs. Ó Cadhain ag streachailt le Knocknagow) le tamall. Rinneadh aistriúchán Sheáin Uí Chuirrín de Dracula (1933) a athfhoilsiú (An Gúm 1997), tiontú atá le moladh agus le léamh. Céim eile, mar sin, i bpróiseas athshlánaithe oidhreacht An Ghúim ná athchló seo Evertype ar shaothar aistriúcháin le Déiseach eile, Nioclás Tóibín. Tá caighdeánú déanta ar an eagrán seo ag Aibhistín Ó Duibh, agus cúpla mionathrú eile thall is abhus (iad mínithe sa réamhrá aige) curtha i bhfeidhm ar an téacs aige freisin. Sa chló Gaelach a bhí an chéad eagrán, leis, ar ndóigh.

M’aineolas féin a mheall i dtosach mé, ni mór dom a rá. B’ionadh liom ainm agus sloinneadh an aistritheora. Shíl mé gurbh é amhránaí clúiteach na nDéise a bhí agam. ‘Conas a rachadh sé i ngleic leis an obair, meas tú?’ an cheist a bhí agam. Is amhlaidh nach bréag í gurbh amhránaí mór a bhí agam, ach nárbh é Nioclás an t-uncail, amhránaí, scríbhneoir, aistritheoir, i leaba a nia, Nioclás, amhránaí, laoch an Oireachtais, a sheol bó bhreac, nó cú ábhalmhór seo an Ghúim thar abhainn, siar i 1934 (tráth a bhí Nioclás, nia, ina gharsún óg).

Ó tharla an claonadh ionam beag is fiú a dhéanamh de shaothair den seánra seo (an teilifís is túisce a ritheann liom; CSI, Criminal Minds , A Touch of Frost na seanaimsire: leamh liom iad go léir, mo léir), ní mé is oiriúnaí le léirmheas a thabhairt ar Cú na mBaskerville. Níor léigh mé an bunleabhar Bearla, ná aon bhlas eile dár scríobh Arthur Conan Doyle lena linn, ná ní spéis liom sraith Sherlock na teilifíse, siúd is go bhfuil éileamh mór air, is cosúil, sna ceithre hairde. Mar sin féin, agus m ‘apologia curtha díom agam, níor léitheoireacht amú í mo sheal le hathchló macleabhair Ghaelaithe an Tóibínigh, ná ní mé is neamhfhóirsteanaí, ina dhiaidh sin, don chúram seo. Tá léamh na teanga agam, agus níor shantaigh An Gúm (ní shantaíonn fós, cheapfainn) aon seil eile ó shaoránaigh chun leas a bhaint as a geuid oibre, ach an léamh.

Is amhlaidh a bhí saolré Sherlock Holmes caite, agus an carachtar féin curtha go buan ag an Dúilleach, nuair a ghéill sé d’ocht mbliana d’achainíocha óna léitheoirí agus d’athbheoigh Holmes do The Hound of the Baskervilles sa bhliain 1901. Dar leis an ngaois choiteann (tobar nár thráigh riamh), seo é scothshaothar Holmes de chuid an Dúilligh.

Mar sin, seo Holmes ar ais ar a sheanléim agus é i mbarr a réime; an Dochtúir Watson taobh leis, ina thánaiste dúthrachtach, maolsásta; sainghnéithe de Shasana Victeoiriach ag múnlú na hinsinte (tithe móra, lucht aimsire, na coilíneachtaí i gcéin, mná in íochtar); agus, ar ndóigh, coir le réiteach. Más léitheoir thú a dtaitníonn coirscéalta leis, is deimhneach go gcuirfidh tú spéis sa leabhar seo, óir leanann an scéal seo d’fhoirmle scéalta an tseánra a bhfuil gnaoi an phobail air. Is gá domsa, léitheoir nach dtugann taitneamh dá shórt, dul i mbun na híogaireachta anseo, nó déanfaidh mé an scéal a mhilleadh de mo bhuíochas.

Cuirtear an choir inár láthair, tugtar dúinn leideanna maidir lenár thit amach i ndáiríre, agus feictear Holmes agus Watson beirt i mbun a geeirde achrannaí. Sa dul amú is minice a dhéantar an insint a chur chun cinn, ach ní lú iontaoibh Watson ina chumas féin ná ollteanntás a mháistir, dainneoin na ndearmad. Is ionann cás seo an chú agus faill do Watson teacht in aibíocht mar bhleachtaire. Ach fainic thú féin, a dhochtúir, ni mar a shíltear…!

Ní shéanaim ná go bhfuil suit le baint as na hócáidí a mbaintear an chinnteacht a fhásann ionainn le himeacht na hinsinte dá bonn; is deas scaitheamh a thabhairt mar léitheoir-bhleachtaire. Bleachtaireacht de shaghas eile nárbh olc liom ná iniúchadh an aistriúcháin féin. Is annamh botún cló sa téacs, agus is fíorálainn codanna de thiontú an Tóibínigh. Mar sin féin, bheinn buíoch de léitheoirí Comhar a d’fhéadfadh m’easpa tuisceana ar an nath ‘dath an bhalla’ a leigheas. Is minic ‘pale’ an Bhéarla i gceist sa scéal, agus baintear earraíocht go hiondúil as ‘mílítheach’, nó ‘dath an bhalla’, san aistriúchán. Cad is dath an bhalla ann? An mbiodh chuile bhalla bán in aimsir an tSaorstáit/i Sasana Victeoiriach? Is éard a spreag mise chun an leabhar seo a léamh ná féachaint cén ionramháil a dhéanfadh an t-aistritheoir ar an ábhar. Eiseamláirí iad d’aon aistritheoir an lear mór de shleachta gleoite a chuireann Gaeilge ar an scéal ach a sheachnaionn Gaelů thimpeallacht na hinsinte. Is é Sasana i gcónaí é, mar is cóir. D’admhaigh mé cheana nach é cineál an tsaothair is spéis liom, ach má d’admhaigh féin, bhain an scéal bíogadh asam cúpla uair, de m’ainneoin. Ní leamh í an insint in aon choř. Féach go maireann geáitsí agus ciútaí Holmes (Horatio CSI, agus na céadta bleachtairí eile a bhíonn ag fiosrú leo) céad éigin bliain tar éis bhláthú bhuaicscríbhneoir an tseánra. Maireann Holmes na teilifíse ina steillbheatha. Agus an t-aistriúchán seo? Dhein an Tóibíneach a ghnó go slachtmhar. Fágfaidh mé faoi lucht léite na gcoirscéalta a mbreith féin a thabhairt ar an leabhar de réir luachanna an tseánra.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *