Athchló

“Solas na Gealaí” ón bhFraincis

Aistritheoir: Pádraig Ó Domhnalláin
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: Clair de lune
Údar: Guy de Maupassant
Céadfhoilsiú: Fáinne an Lae, 19 Meitheamh 1926


I.

An t-ainm a bhí ar an Ab Margnáin ainm catha ba ea é agus bhí iompar an tsagairt dá réir. Fear fada, caol, dúr nár mhaolaigh a dhíograis uair ar bith a bhí ann. Bhí a choinsias mar an gcéanna agus níor thaise dá chreideamh.

Ba í a mhórbharúil gur thuig sé an Dia dá dtug sé adhradh, go raibh ar chumas dó A bhearta, A mhianta, agus A thothachta a chiallú.

Is minic a shiúladh sé go smiorúil ar chosáin a ghairdín agus le linn na siúlóide dó do shamhlaíodh go gcuirtí an cheist seo a leanas air: —

“Cad fáth a ndearna Dia a leithéid seo agus a leithéid siúd de ghníomh?”

II.

Shamhlaíodh sé ansin gurbh é féin Dia, agus ghníodh cur is cúiteamh crua faoin gceist; agus d’éiríodh leis de ghnáth í a fhreagairt go sásúil dó féin.

Níor bhaol go mbíodh sárghliondar air amhail mar a bhíos orthu seo a ghéilleas do rúndiamhra Dé; iad seo a deireas “Ó! a Dhia ní cheasnaím a ndearnais-se.”

A chodarsnacht sin d’intinn a bhíodh aige. Deireadh sé leis féin go raibh de cheart aige fios fátha úd a Mháistir a bheith aige, agus muna raibh go ndéanfadh sé a mhórdhícheall á thomhas. Dar leis féin gur beartaíodh gréasán na cruthaíochta go loighciúil agus nach raibh sárú ann. B’ionann ceist is freagra dó i dtólamh.

III.

An tothacht a bhí le fáinniú an lae dúiseacht bhródúil a chur ar fáil ba ea í, ar ndóigh, an tothacht a bhí le solas geal an lae an barr a aibeachan [aibiú], an tothacht a bhí leis an tráthnóna duine a mhealladh chun suain, agus tothacht an dorchadais daoine a chur chun sámhchodlata ba ea í.

D’fhónaigh imeacht na séasúr lena raibh ó churaíocht. Níor bhuail amhras a intinn dhiaga ariamh nárbh fhéidir tothacht a chur i leith an dúlra; nach a chodarsnacht sin atá ann b’fhéidir .i. go bhfuil ar an mbeatha í féin a mhúnlú de réir thíorántacht teochta nó fuachta an aeir, agus de réir dhlíthe an damhna.

IV.

Fuath agus dímheas aiceanta a bhí aige do mhná. Luadh sé focla Chríost, go n-abradh “Cad atá le déanamh agamsa leat, a bhean?”

Agus chuireadh sé lena mhachnamh go n-abradh “Caithfidh sé nach raibh Dia é féin sásta leis an obair seo leis.”

V.

Is é tuairim an fhile a bhí aige dóibh .i. “páistí iad d’uireasa neamhchiontacht na leanaí.”

Bean ba ea an chéad mhealltóir, bean a mheall an chéad fhear ariamh chun a aimhleasa, is níor staon ariamh ó shin óna hobair mhallaithe.

Ag cur seachmaill ar an saol di go síoraí. Níorbh fhéidir á tuiscint, agus cé gur lagaigh sí féin bhí sí láidir a dóthain d’ainneoin sin le dochar a dhéanamh don ghné eile.

Dá mhéid fuatha dá raibh aige dá colainn mhallaithe ba mhó ná sin a fhuath dá grá domhúchta ar ghrá.

Ba mhinic a mhothaigh sé a gean ag foluain thart air agus cé go raibh a fhios aige nárbh fhéidir don ghean sin a shaighead a chur ann féin, do chuireadh sé fearg air go mbíodh sí síoraí ar crith le saint don ghrá díograiseach sin.

VI.

Dar leis gur chruthaigh Dia na mná le fir a fhéachaint. Iad seo a thiocfadh faoina ndéin níorbh fholáir dóibh cóir chosanta a chur orthu féin, sin nó iad a sheachaint mar a sheachnófaí súil ribe. Cealgairí ba ea na mná, dáiríre píre, ag mealladh na hinscne eile lena bpóga is lena mbarróga.

VII.

Níor thug sé suntas do mhná ar bith ach amháin do mhná rialta. Na geasa a ghabhadar-san orthu fá ndeara dhó a dhéanamh. Ní fhágann sin nach raibh sé dorrga cuid mhaith leosan féin arae bhí amhras air go raibh maoithe dhomhúchta thíos i gcabhail a gcroí, maoithe a roinnfí leis-sean féin, sagart. Do léigh sé ina súile go raibh sin amhlaidh, súile a chuireadh thar maoil le deabhóideacht ar mhodh nach gcuireadh súile manach go héag; chonaic sé a ngné gan chuireadh gan iarraidh á bhrú féin isteach ina dtámhnéalta grá chun Críost, agus do bhí le mire de chionn go raibh a fhios aige go raibh an grá sin banúil agus aiceanta. Chonaic sé é ina n-umhlaíocht, sna fodhearcthaí, i séimhe a n-urlabhra ar labhairt dóibh, ina ndeora géilliúla nuair a d’amhraíodh sé go géar iad, sa mhéid sin uile d’aithin sé an mhaoithe mhallaithe chéanna. Agus nuair a chuireadh sé doras an chlochair amach de do chroitheadh sé binn a chlóca, bhrostaíodh sé a chéim, amhail duine a bheadh ag teitheadh ó chontúirt.

VIII.

Do bhí neacht leis a chónaigh bail a máthar i dteach beag sa chomharsanacht. Bhí faoi bhean rialta – in Ord an Charthanais – a dhéanamh dhi. Ógbhean mhaiseach ghealgháireach nár chuir tada buaireamh uirthi ba ea í.

Nuair a bheireadh an tAb comhairle dhi gáire a ghníodh sí faoi. Nuair a bhíodh cantal ar bith air chuireadh sí a dhá láimh fána mhuineál go ndiurnadh sí é. D’fhéachadh seisean lena shaoradh féin uaithi, ach mar sin féin, mhothaíodh sé áthas séimh céadfach na hatharthachta a bhíos i suan i ngach fear beo.

Ar mbeith dhó ag siúl na páirce léi ba mhinic dhó ag labhairt léi fá Dhia amhail mar a shamhlaigh sé féin É a bheith. Ní mórán airde a bheireadh sise air; bhreathnaíodh sí ar an spéir, ar an bhféar, ar na bláthanna agus bród na beatha ag lonradh ina dearca. Uaireanta lingeadh sí i ndiaidh féileacáin agus arna ghabháil di deireadh: —

“Féach, a uncail, nach álainn é? Shantóinn a phógadh!”

Chuireadh an tsaint sin a bhí inti chun féileacán agus feithidí agus bláthanna a phógadh, chuireadh sí fearg ar an Ab, de bhrí gur chiallaigh sin go raibh an grá doscriosta a bhíos ar ghiniúint i gcroí ban i dtólamh ina croíse chomh maith le cách.

IX.

Tharla lá ar chuir bean chléirigh na heaglaise san airdeall ar an neacht é: “Bhí sí ag suirí le hógánach san áit!”

Chuaigh an fhaisnéis sin go smúsach sa sagart, tháinig rabharta feirge air gur beag nár tachtadh é le buile, gur sheas mar a raibh á bhearradh féin le sobal go cluais air.

Nuair a bhí ar chumas dó smaoineamh agus labhairt, dúirt:

“Caithfidh sé gur dearmad atá ort, a Mhélaine.” Thug bean an chléirigh an leabhar nárbh ea, gurbh í an fhírinne ghlan a d’inis sí dó!:

“Ní túisce a bhíos do dheirfiúir imithe a chodladh gach oíche ná siúd amach do neacht, go dtugann sí cosán na habhann uirthi féin; agus muna gcreidir mise, níl le déanamh agat ach bualadh chun na habhann oíche ar bith tuairim is a deich a chlog agus chífir le do dhá shúil féin an bheirt ansin ag suirí lena chéile.”

X.

Ar mbeith don Ab corraithe fá aon ní do shiúladh go teann síos suas mar a bhíodh. Rinne sé amhlaidh ar an ócáid seo. Nuair a bhuail sé faoi é féin a bhearradh athuair do bhain sé sceilp as féin fó thrí leis an oilbhéas a bhí air. Ach cé go raibh an fhearg is an t-olc ag fiuchadh istigh ann níor úirt sé focal.

Mhothaigh sé an fuath aiceanta a mhothaíos sagart nuair a bheireas an grá dochloíte a dhúshlán; eisean an t-oide mórálach, an coimirceoir, an treoraí spioradálta, a ndearna maighdean óg magadh is fonóid faoi, agus a mheall é ina cheann sin; go raibh sé amhail mar a bhíos uabhar ata tuismitheoirí iar gcloisteáil dóibh óna n-iníon gur thogh sí an céile ar mhian léi agus go raibh fúithi a phósadh, thaitníodh sin leosan nó ná taitníodh.

XI.

Tar éis a dhinnéir rinne sé iarracht ar leabhar a léamh ach níorbh fhéidir leis a intinn a dhíriú air. De réir mar a bhí an t-am ag imeacht ag éirí níos feargaí is ea a bhí sé.

Nuair a d’airigh sé buille a deich, do rug sé ar a chamóig, maide trom darach, gur ghabh sé chuige ina ghlac dhaingean tuathaigh é, amhail mar a ghníodh nuair a théadh sé amach san oíche ag freastal glaoch ola.

Do rug sé go dian air, do rinne meangadh searbh, agus chas an maide a dó nó a trí de chuarta thar a cheann é. Chas sé níos fuinniúla ná sin arís é, gur tharraing a sheaniarraidh ar dhroim chathaoireach leis, go ndearna brioscbhruar den droim ar an urlár.

D’oscail an doras iar sin, ar tí imeachta chun na habhann dhó féin. Do bhí gealach lonrach ag soilsiú – do bhí sí níos lonraí an oíche úd ná ariamh, gur sheas sé ar an tairseach ag déanamh iontais dá gile.

Agus ós rud é go raibh bua ardréimeach samhlaíochta thar a lán aige, bua mar a bhíodh ag na filí úd, Aithreacha na hEaglaise, a ghníodh aislingí, do chuir an ghealach tionchar a háilneachta ollmhóire i bhfeidhm air.

Do bhí crainn ag fás ar an bhfaiche os a chomhair agus do bhí samhla glé a gcuid craobh fá sholas bog na gealaí le feiceáil go glinn ar an bhféar os a chomhair.

Do bhí boladh cumhra na féithleoige ag teacht fána pholláirí agus ag cur áineasa air, gur shamhlaigh sé gur anam álainn éigin a bhí fána radharc beagnach.

Thosaigh air ag tarraingt a anála go domhain, is ag sú an aeir isteach amhail mar a ghníos meisceoirí ar mbeith dóibh ag ól fíona. Níor mhothaigh sé oll-aoibhneas mar é ariamh. Ag siúl i dTír na nÓg a bhí! Is beag nár dhearmad sé an neacht.

XII.

Nuair a scoith sé na tithe a bhí idir é féin is an abhainn do stad sé go mbreathnaíodh sé ar an réimse tíre a bhí thart air. Bhí an limistéar uile báite fá loinnir áilneachta na hoíche. Do bhí fuíolla gearra miotalacha na luascán á síorlua. Do chealg gile na gealaí na filiméalaí gur ghabhadar-san a séis cheoil, séis a chuir an saol seo i ndearmad, séis a shamhlaigh ceol aerach aiteasach arbh fhiú é a bheith á chomhimeacht le póga.

XIII.

Ar chaoi éigin, mhothaigh an tAb fá seo go raibh ar chuir sé roimhe a dhéanamh thar a chrois cheana féin. Mhothaigh sé go raibh sé ag cliseadh, go raibh ag dul dá ghus; b’áil leis fanacht amhail mar a bhí, dearcadh thart, agus Dia a adhradh thréna shaothar uile.

Bhí líne crannraithneach á lúbadh féin thíos uaidh i nGleann na hAbhann cois srutháin mhonabhraigh ansin. Do bhí ceo éadrom greanta le gathanna na gealaí ag éirí os a bruacha, go gceapfá gur caille scannánach a bhí ar snámh a bhí ann.

XIV.

Sheas an sagart arís. Do chuir a bhfaca sé agus ar mhothaigh sé múisiam a bhorr ann go hollmhór do-eadránach. Do bhuail amhras é, agus do corraíodh chomh mór sin é, dá chionn siod, go raibh air ceann de na ceisteanna a chuireadh sé air féin go minic a fhreagairt. Cad ba thothacht Dé sa mhéid seo uile? Don chodladh, don dearmad, don suan, don díchuimhne is ea a bhíos an oíche ann. Cad fáth, dá bhrí sin, a ndearna Dia an oíche níos draíochta ná an lá. Níos aoibhne ná fáinniú an lae fuineadh farae?

XV.

Cé mar a bhí an oiread sin cumhachta ag fáil nimhe, a ghluais chomh mall, mealltach sin, a raibh níos mó filíochta ag baint léi ná mar leis an ngrian féin, agus a raibh sé ina chinniúint, de réir dealraimh, a loinnir a shoilsiú ar rudaí a bhí róshéimh agus ró-rúndiamhrach le go soilseodh solas an lae orthu; cé mar a bhí an oiread sin cumhachta aige an dorchadas a ghealadh? Cé mar a tharla gur dhiúltaigh an t-éan is ceolmhaire don chodladh, rud nach ndéanann a comh-éan is go santaíonn sí a cuid cheoil a chanadh in áit scáfar uaigneach?

XVI.

Cad fáth gur caitheadh an chaile liathléir seo trasna na cruinne? Cad fá ndeara corraíl seo an chroí, múisiam na hanama, agus tromacht an choirp. Bhí an daonnacht uile ina codladh. Cad fáth an chaoi áilneachta seo do dhaoine a bhí ina gcodladh, daoine ar dearnadh an taispeántas ardréimneach seo, an t-ionnas filíochta seo dóibh, a scaip neamh chomh flaithiúil sin ar fud na cruinne.

XVII.

Níorbh fhéidir leis an Ab freagra a fháil dá thairiscint. Leis sin, de phreab, do chonaic sé dhá dheilbh dhorcha chuige – macaomh agus maighdean – ag siúl cois ar chois le chéile ar chiumhais na páirce. Os a gcionn do bhí stua na gcrann báite i loinnir cheoch. Ba é an macaomh an té ab airde den bheirt. Do bhí a lámh thar coim a chompánaigh agus anois agus arís do chromadh sé go bpógadh sé ar an mbaithis í. Ar an mball do chiallaigh an bheirt úd an radharc ciúin a thimpeall iad amhail glinne neimhe.

XVIII.

Dar leis an Ab gurbh aon bhitheacht amháin a bhí sa mbeirt, an bhitheacht ar dearnadh an oíche seo dhi; agus de réir mar a theannadar leis, b’iadsan, dar leis, an freagra a bhí uaidh ó chiana, an beofhreagra a bhí a Mháistir ag tabhairt dó ar a cheisteanna.

Do sheas an sagart amhail mar a bhí, a chroí ag bualadh go mear ina chliabh agus a intinn mar a bheadh sineán cuaifigh ann. Gan aon agó, ar phictiúr as an Scríbhinn Dhiaga is ea a bhí sé ag breathnú – pictiúr úd an ghrá a bhí ag Rút ar Bhós, comhlíonadh tola Dé i gceann de na scéalta móra drámacha a léitear sna leabhair bheannaithe. Do thosnaigh ceathrú d’Amhrán na nAmhrán ar ghabháil ina cheann; an dianghrá, dhá chroí ag glaoch ar a chéile, agus a bhfuil d’fhilíocht dhíocasach in amhrán úd an teasghrá.

XIX.

“Tharlódh,” a dúirt an tAb, “gur chruthaigh Dia oícheanta mar í seo le go gclúdódh sé grá daonna lena chaille dhiaga.”

I ngreim ascaill a chéile, do dhruid an macaomh agus an mhaighdean níos giorra don sagart. Do chúlaigh seisean as a mbealach. D’aithin sé gurbh í an mhaighdean a neacht. Do bhuail smaoineamh ansin é go mb’fhéidir go raibh sé easumhal do Dhia. Má chlúdaigh Dia grá daonna leis an áilneacht shofheicthe seo, cé mar a d’fhéadfadh duine ar bith a rá gur thoirmeasc Sé é?

XX.

Bhí seachmall críochnaithe ar an Ab, bhí náire air, amhail mar a bheadh dá dtigeadh sé isteach i scrín nár ceadaíodh a theacht ann, gur chas sé ar a sháil is gur imigh leis i mbarr na bhfáscaí.


Is féidir teacht ar an mbunleagan ag: http://maupassant.free.fr/textes/clair.html

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *