Nuacht

Dorchadas um Nóin

Tá aistriúchán nua le Risteárd Mac Annraoi ar an bhfód – leagan Gaeilge den leabhar Darkness at Noon le Arthur Koestler a céadfhoilsíodh i 1940.

“Dúnadh doras an chillín de phlab thaobh thiar de Rúbaiseov…”

Chaith Arthur Koestler (1905-83) saol fíoreachtrúil mar iriseoir, úrscéalaí, agus trodaire ar son an chirt. Ungárach de phór Giúdach ab ea é, fear iltíreach ildánach agus comhbhá aige le teifigh is cimí. Saoi de chuid na fichiú haoise ab ea é, agus tábhacht bhuan lena fhís. Chaith sé a dhúthracht leis an tsaoirse aigne a chothú i ngach tír.

Mór-úrscéal machnamhach is ea Dorchadas um Nóin a foilsíodh i 1941. Cáineadh ar stáit ollsmachtacha de shaghas ar bith atá ann, rabhadh d’éinne a mbeadh rómhuinnín aige as idé-eolaíocht ar bith. Ní mór aird a thabhairt ar fhírinní an chroí chomh maith leis an réasún fuarchúiseach.

Cime polaitiúil ina chillín uaigneach is ea Rúbaiseov. Tráth dá raibh, bhí sé óg idéalach, ag tnúth leis an Tír Tairngire. Tá curtha ina leith anois, áfach, gur fheall sé ar an réabhlóid a thug a ghlúin féin i gcrích. Agus an bás ag teannadh leis, tá léargas ar a shaol uaidh. Conas a tháinig drochthorthaí ar dhea-aisling? An bhfuil modhanna gránna mídhaonna ceart má chuireann siad cuspóirí uaisle chun cinn?

Is aistritheoir bisiúil é Risteárd Mac Annraoi agus cónaí air i gCorcaigh. Mar chuid dá thionscnamh chun litríocht an domhain a chur ar fáil do Ghaeil, tá aistriúcháin leis ar shaothar Franz Kafka, Erich Maria Remarque, Agatha Christie, Italo Calvino, Yann Martel, Eivgéiní Saimiatin, Stefan Zweig agus eile i gcló.

Is féidir an leabhar a fháil ó Gael-Taca i gCorcaigh.

One Comment

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *