Nuacht

Feirm na nAinmhithe

Aistriúchán nua-fhoilsithe

Údar: George Orwell
Buneideal: Animal Farm
Bunteanga: Béarla
Aistritheoir: Aindrias Ó Cathasaigh
Foilsitheoir: Coiscéim (le foilsiú an 1 Eanáir 2021)

Eolas ó chúl an leabhair:

Tá na hainmhithe ar Fheirm an Mhainéir ag fulaingt le fada faoi thíorántacht an fheirmeora Ó Ceallaigh. Tá súil acu le saol eile, áfach, an fheirm a bheith faoi cheannas na n-ainmhithe féin, saor ó smacht na ndaoine. Éiríonn siad amach, cuireann siad an feirmeoir chun bóthair, agus glacann siad seilbh ar an bhfeirm. Feirm na nAinmhithe a thugtar uirthi anois, gach ainmhí comhionann agus ag obair le chéile. An féidir leo an aisling a choinneáil beo? Nó an bhfuil rud eile ar fad ar intinn ag na muca, b’fhéidir…?

Tá taitneamh á bhaint le blianta fada as scéal iontach George Orwell faoi réabhlóid na n-ainmhithe, agus ceachtanna le baint as maidir le réabhlóidí eile. Anois tá Feirm na nAinmhithe le léamh i nGaeilge álainn anseo. Tá scríbhinní le Orwell faoi chúlra an leabhair le fáil mar aguisín, chomh maith le hiarfhocal ag an aistritheoir Aindrias Ó Cathasaigh a fhiosraíonn polaitíocht an scéil.

Bígí ag faire amach dó an 1 Eanáir 2021!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *