Léirmheas

Galarneau!

Aistritheoir: Iarla Mac Aodha Bhuí
Foilsitheoir: Coiscéim (2012)

Léirmheastóir: Seaghan Mac an tSionnaigh
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 73, Uimh 4 (Aibr., 2013)

Urscéal is ea Salut Galarneau! inar insíodh scéal François Godbout tri mheán a gcuid dialann féin. Gnáth-Québécois agus díoltóir a bhí ann go dtí go bhfuair sé isteach ina cheann é go raibh ábhar leabhair ina chuid scrioblálacha, agus go mbeadh sé ina antraipeolaí ach a gcuirfí an leabhar sin amach. Nil sé in ann ag an mbrú ar fad áfach, agus téann sé le gealach faoi dheireadh an scéil. Cuireadh an buntéacs amach sa bhliain 1967, chuir Alan Brown an t-aistriúchán Béarla Hail Galarneau! amach sa bhliain 1970, agus d’fhoilsigh Coiscéim aistriúchán Gaeilge larla Mhic Aodha Bhuí Galarneau! sa bhliain 2012. Scríobh Pádraig Ó Gormaile léirmheas ar Galarneau!, agus foilsíodh é sin in Feasta i Mí an Mheithimh 2012. Is ann a gheobhadh duine a thuilleadh eolais faoin gcomhthéacs inar foilsíodh an buntéacs, agus faoin bhfiúntas atá aige mar scéal do phohal na Gaeilge. Seo athléirmheas.

Mheabhraigh Alan Titley dúinn gur chóir go mbeadh sé ina phríomhsprioc ag gach saothar aistriúcháin teachtaireacht an bhuntéacs a chur in iúl (Titley, 2005: 316). Agus dar le Alan Brown, is é cúram an té a thabharfadh faoi úrscéal Jacques Godhout a aistriú ná treoir bheacht do Cheanada Francach a chur ar fáil (Brown, 1970: vi). Tá scata eochairfhocal cultúrtha in Salut Galarneau ! atá ríthábhachtach do bhrí an scéil, agus níor mhór aire cheart a thabhairt do na heochairfhocail chéanna agus an treoir bheacht úd á cur i dtoll a chéile. Is é dúshlán síoraí an aistritheora liteartha a bheith ag aistriú eochairfhocal den chineál seo, dá bhrí sin, ní haon ríbín réidh é stór focal corrmhéiniúil Salut Galarneau! don té a dteastaíonn uaidh é a aistriú ón mbun-Fhraincis Québecois. Ba é féiniúlacht Québec mar phobal i Meiriceá Thuaidh an t-ábhar ba mhó ba chúram do Godbout in Salut Galarneau!, agus más amhlaidh atá, is cuid ríthábhachtach de stór focal an scéil iad na hainmneacha a tugadh ar na pobail dhifriúla a luadh ann; idir Cheanadaigh Fhrancacha, Angla-Cheanadaigh, Béarlóirí neamhshuaithinseacha, bundúchasaigh, Francaigh agus Meiriceánaigh.

Tugadh ‘américain’, ‘American’ agus ‘Meiriceánach’ ar na Meiriceánaigh sna heagráin dhifriúla, agus tugadh ‘français’, ‘French’ agus ‘Francach’ ar na Francaigh. Tá go maith. Is é an focal a tugadh ar na Ceanadaigh Fhrancacha ar feadh an bhuntéacs ná ‘Québecois’, agus bhain larla Mac Aodha Bhuí leas as an bhfocal Fraincise céanna cuid mhaith den am (Mac Aodha Bhuí, 2012: 3), gan é a bheith sa chló lodálach aige lena aithint gur focal ó theanga iasachta a bhí ann. Uaireanta eile, d’úsáid sé a leagan Gaelach féin ‘Québacach’ (ibid: 61). Is dócha go raibh sé chomh maith aige rogha a dhéanamh idir an dá théarma le ceart, seachas an dá cheann a bheith ann agus in iomaíocht le chéile.

Tugadh ‘Anglais’ (ibid: 86) ar na hAngla-Cheanadaigh sa bhuntéacs, faoi mar a dhéantar fós in Québec, agus arís, bhí dhá leagan dhifriúla in úsáid ag lada Mac Aodha Bhuí le freastal ar an téarma claonta sin. In áiteanna, thagair sé do ‘lucht an Bhéarla’ (ibid: 53), agus in áiteanna eile, thagair sé do na ‘Sasanaigh’ (ibid: 78).

Cuma cén páirtí, líonn tú na hairí, bíonn tú ag scabhláil ar lucht an Bhéarla (ibid: 53).

Níl mé ar son an neamhspleáchais, ach más féidir liom é a thabhairt sna putóga do na Sasanaigh, le mo chuid ispíní, bheinn chomh sásta céanna (ibid: 78).

Sa chás seo, is cinnte gurbh fhearra dó cloí le ‘lucht an Bhéarla’, toisc gur lucht labhartha an Bhéarla atá i gceist sa bhuntéacs. Is ionann ‘Anglais’ agus ‘Anglophone’ i bhFraincis Québec, ach ní hé sin le rá go bhfuil an téarma ‘Sasanach’ i nGaeilge go díreach ar chomhchiall leis an téarma ‘lucht an Bhéarla’. Faoi mar a thuigfí ach sracfhéachaint a thabhairt ar fhoclóir cuí Gaeilge­ Béada, ní bhíonn ach dhá bhrí leis an bhfocal ‘Sasanach’ i nGaeilge go hiondúil: is é sin, duine de bhunadh na tíre a dtugtar Sasana uirthi, nó, i gcanúintí Gaeilge áirithe, duine a chleachtann an creideamh Protastúnach. Don aistritheoir ar mhian leis ‘lucht an Bhéarla’ a chaitheamh uaidh mar théarma róneodrach, agus éagsúlacht friotail a aimsiú chun beocht bhreise a thabhairt don léiriú ar an gcoimhlint idir lucht an Bhéarla agus lucht na Fraincise in Québec, cuimhníodh sé ar an bhfrása ‘síol Chromail’. Ar an ábhar sin, b’iontach an rogha é an focal ‘seoinín’ le cur síos ar Hénault, Québecois, ab fhearr leis go labhródh a bhean chéile Béarla leis, seachas a bhFraincis dhúchais (ibid: 33).

Is inspéise an tagairt a rinne François Galarneau do chairde a bhí aige le linn a óige: C’était le quartier général des vampires : nous trois et puis deux petits Chinois, Peter et Suzan O’ Mailey (Godbout, 1967: 87).

Peter agus Suzan O’ Mailey a tugadh orthu sa bhuntéacs faoi mar a chonacthas díreach thuas, ach deineadh “O’Malley” dá sloinne siúd san aistriúchán Gaeilge agus san aistriúchán Béarla. Is ea is dóichí de ná gur cheartúchán é seo ón mbeirt aistritheoirí. Dúradh gur pháistí beaga “Chinois” iad seo sa bhuntéacs, agus ba go díreach a d’aistrigh Alan Brown chomh maith le hlarla Mac Aodha Bhuí an méid sin: Ba é sin ceanncheathrú na vaimpírí: an triúr againn agus ansin beirt Shíneach óg, Peter agus Suzan O’Malley (Mac Aodha Bhuí, 2012: 54).

That was the headquarters of the Vampires – the three of us and two little Chinese kids, Peter and Suzanne O’Malley (Brown, 1970: 70).

Tá seans éigin ann go dtuigfeadh an Gaeilgeoir agus an Béarlóir araon go mb’fhéidir nár fhíor‑Shínigh in aon chor iad páistí seo an tsloinne Ghaelaigh. Ba thagairt íorónach é seo do chúlra teangeolaíoch na bpáistí: bídis ina gcainteoirí Gaeilge, bídís ina gcainteoirí Béarla, ní Ceanadaigh Francacha iad, agus thug Frans çois Galarneau ‘Sínigh’ dá réir sin orthu le heachtrannú a dhéanamh orthu. Tá a leithéid fós sa chaint i bhFraincis Québec, mar a ngabhann roinnt daoine a leithscéal as abairt Bhéarla a bheith scaoilte isteach ina chuid Fraincise acu trí “comment on dit en chinois” a chaitheamh díreach roimh an abairt nó ina diaidh. Tá an t-uisce faoi thalamh sa bhfocal ‘chinois’ i bhfolach ó léitheoirí na n-eagrán aistrithe, ach ar a laghad, tá deis acu roinnt den íoróin a thuiscint tríd an aistriúchán díreach liteartha seo.

Ba ghnách le cainteoirí Fraincise an Oileáin Úir “les sauvages” a thabhairt ar bhundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh go dtí le déanaí, agus tá roinnt bheag daoine ann fós a úsáideann an téarma ollchiníoch céanna. Tá sampla d’úsáid sin an fhocail le fáil in Salut Galarneau!:

Faudrait emapler Bogart a coté de Johnsage, sur deux poteaux, a l’entrée de Ville-Marie, pour faire peur aux sauvages (Godhout, 1967: 30).

De réir dealraimh, thuig Alan Brown cad a bhí i gceist leis an tagairt sin, óir tá an bhrí chéanna le baint as a aistriúchán siúd:

We should impale Bogart beside Johnsage on two stakes, at the gate of Ville-Marie, to scare the savages (Brown, 1970: 15).

Níor léir gur thuig larla Mac Aodha Mhuí gur théarma maslach do bhundúchasaigh Cheanada a bhí i gceist; nó má thuig, níor chuir sé é sin in iúl ina aistriúchán siúd, mar níor thuig mise gurb é sin a bhí i gceist aige agus mé á léamh ach go háirithe:

Ba chóir Bogart a shá taobh le Johnsage ar dhá phíce ar an mbealach isteach go Ville-Marie, chun eagla a chur ar dhaoine fiáine (Mac Aodha Bhuí, 2012: 13).

Is í an chnámh spairne atá agam leis an aistriúchán “daoine fiáine’ ná go bhféadfadh aon duine ó aon cheann de phohail éagsúla an scéil a bheith ina dhuine fiáin. Is cinnte gurb iad na bundúchasaigh a bhí i gceist ag Jacques Godbout sa bhuntéacs áfach.

Más do lucht na fo-eagarthóireachta a bhímid buíoch as téacs dea-chlóite, ba dhóigh leat gur ar lucht na fo­eagarthóireachta is gá aon locht a chur má bhíonn scata botún cló ann. D’fhéadfadh údar a bheith ag súil leis go mbeadh hotúin chló ar nós “gaprraíodóirí” (ibid: 46) glanta óna shaothar sula gcuirfí i gcló é, cuirim i gcás. Dúirt Pádraig Ó Gormaile gur “beag botún cló atá le fáil sa leabhar”, agus thug sé an frása ‘stáisiún na póilíní’ mar shampla den saghas botúin a fágadh sa téacs tar éis obair inmholta na fo-eagarthóireachta (Ó Gormaile, 2012). Má fágadh urú an ghinidigh iolra ar lár sa chás áirithe sin, is minic i gcásanna eile a cuireadh an t-urú ar fáil mar is ceart sa tuiseal ginideach iolra, ach le hotúin i ndeirí na n-ainmfhocal: “deannach na suíocháin” (Mac Aodha Bhuí, 2012: 27), “i láthair na mbronntanais phósta” (ibid: 30) “thar líon na gcorrmhíola” (ibid: 35) agus “I measc na gcarraig” (ibid: 48). Tá a thuilleadh fadbhanna le deirí na n‑ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra: “i gcuideachta baineanaigh” (ibid: 29), “ar nós inimircigh” (ibid: 71), agus “do chuid néaróga” (ibid: 77). Agus ní sa tuiseal ginideach iolra amháin a deineadh faillí i ndeirí ainmfhocal ginideach, faoi mar is léir ó fhrásaí dála “seastáin bhreá alúmanam” (ibid: 12), ina bhfuil dearmad déanta ar iolra neamhrialta na haidiachta ‘breá’ (= breátha) chomh maith, “de chuid an bhóthar iarainn” (ibid: 41), agus “tar éis an phríomthaispeántas” (ibid: 52), inar deineadh dearmad ar an ‘h’ sa réimír ‘príomh’ mar bharr ar gach donas. Ní haon áibhéal é a rá gur rí-annamh a fhaighimid frása ceart ginideach sa téacs seo.

Agus is mó saghas eile botún atá sa leabhar. Caitear leis an bhfocal ‘cineál’ mar ainmfhocal naininscneach dhá bhabhta sa téacs: “cén chineál” (ibid: 25; ibid: 72). N’fheadar cad a déarfaidh mé mar gheall ar a leithéid d’abairt agus “is é mo bharúil go bpléascaigh splancanna amhail rotha tralaí ar ráillí sioctha” (ibid: 11). I ndiaidh sin agus uile, is é mo bharúilse ná gur cineálta an mhaise ó Phádraig Ó Gormaile “botún cló” a thabhairt ar earráidí an leabhair seo. Pé téarma a thabharfar ar na hearráidí seo, agus pé duine is cúis leo, ní fíor a rá gur “beag botún cló” atá sa téacs. Níl sa mhéid thuasluaite ach mionéachtaint dá bhfuil ann. Mhol Alan Titley an tiontú Gaeilge a chuir Breasal Uilsean agus Séamas Ó hlnnéirghe ar Ulysses ar an mbonn go bhfuil eiseamláir ar fáil ann den saghas Gaeilge inmholta a bheadh ní ba choitianta marach na “policeman of grammatical correctness” (Titley, 2005: 319). Taitníonn saoirse ealaíne linn go léir, ach ar an drochuair, is iad foilseacháin lochtacha cosúil le Galarneau! toradh an ainrialachais ghramadaí a thagann chun cinn in éagmais na póilíneachta teanga, rud a fhágann go mb’fhearra d’aos dána na Gaeilge fanacht ar an airdeall má tá caighdeán na teanga scríofa le cothabháil in aon chor.

Godbout,Jacques. (1967) Salut Galarneau !, Paris: Éditions du Seuil.

Brown, Alan. (1970) Hail Galarneau!, aistrithe ón mbuntéacs le Jacques Godbout, Toronto: Longman Canada Limited.

Mac Aodha Bhuí, Iarla. (2012) Galarneau!, aistrithe ón mbuntéacs le Jacques Godbout, Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Titley, Alan. (2005) ‘Translating and Irish 1950-2000’, 1he Yearbook of English Studies, 35, 312-322.

Ó Gormaile, Pádraig. (2012) ‘Salut Galarneau!, Jacques Godbout: litríocht, cíocras, bia, aistriúchán’ [ar líne], ar _fáil ag: http://www.feasta.ie/2012/meitheamh/alt4.html [léite aran 16 Nollaig 2012)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *