Léirmheas

Ón Fhraincis, Aistriúcháin

Aistritheoir: Breandán Ó Doibhlin
Foilsitheoir: Lagan Press (1994)

Léirmheastóir: Mícheál Ó Cróinín
Foilsíodh an léirmheas seo cheana in Comhar, Iml. 55, Uimh 1 (Ean., 1996)

An rud nach féidir, is féidir é. Sin dúshlán agus mairtíreacht an aistritheora liteartha. Deirtear go minie gurb í an fhilíocht a chailleann  in  aistriú dánta ach ní admhaítear de ghnách go gcothaíonn sáraistriú ní amháin filíocht ach cumas nuaíochta agus ábhar dóchais i dteanga. Braitheann feidhm an aistrithe ar ndóigh ar chomhthéacs cultúir agus teanga. Is féidir le haistriú ugach a  thabhairt do phobal atá faoi dhroch-anáil an spleáchais agus féidearthachtaí teanga agus cruthaíocha a chur os a gcomhair amach.

Luann Breandán Ó Doibhlin an lagmhisneach cultúir a thagann ón taithí atá ag lucht léite na Gaeilge ar scáthán scoilte an tsearbhónta:

Mura bhfuil dul amú orm. an gnáthGhael ar múineadh litríocht an Bhéarla dó ar scoil mar norm na litríochta. nuair a léann sé litríocht na Gaeilge agus go dtugann faoi deara gur mór idir í agus an traidisiún atá ar eolas aige, bíonn iarracht d’éiginnteacht agus d’amhras air i leithfoirmeacha agus ábhair agus coinbhinsiúin na Gaeilge.

Má ghlactar leis go dtagann ionannas ó dhifríocht agus nach bhféadfaí ionannas a shamhlú gan difríocht, cuidíonn aistriú ó theangacha eile le forbairt  leithleachas agus féinmhuinín na teanga. Mar a deir an Doibhlinneach sa réamhrá,

Ní bheadh uaim ach fonn ceoil úr, macalla den saintéad a ghabhann le gach teanga ar leith, a sheinm le cluasa Éireannacha. agus, b’fhéidir sa tslí sin breis measa a thabhairt dóibh ar ghuth na Gaeilge i mease claisceadal na náisiún.

Cinnte, i gcás na Fraincise, téann an malartú idir an cultúr Gaelach agus an cultúr Francach i bhfad siar sa stair, luathlitríocht na Fraincise á saibhriú ag foinsí agus téamaí Gaelacha agus eiseamláir liteartha na Fraince ón Bharócachas go saothair an nouveaux romanciers ag múnlú cineálacha éagsúla scríbhneoireachta sa Ghaeilge. Is idirghabhálaí é an t-aistritheoir agus umhlaíocht fhiosrach mar chuid dá cheird. Feictear don Doibhlinneach go bhféadfadh an t-aistriú leigheas a fháil ar laigí áirithe i bhforbairt na teanga:

Measaim fós, na cáilíochtaí  a thugtar suas go coitianta don litríocht sin [i. litríocht na Fraincise], a géire agus a grinneas intleachta, a cruinneas cainte, a cuannacht friotail. gur cáilíochtaí iad a rachadh ar sachar  do  shaothrú na Gaeilge, a fágadh chomh Jada sin in éagmais na n­ achmhainní agus na n-institiúidí a thugann canúin in aibíocht.

Séard atá sa chnuasach seo ná rogha phearsanta de dhánta Fraincise ó thréimhsí éagsúla atá aistrithe go Gaeilge ag tosnú le dánta ó Jaufré Raudel agus Christine Pisan agus ag leanacht ar aghaidh go tús na haoise seo le filíocht Guillaume Apollinaire. Formhór na ndánta is dánta iomráiteacha iad cheana féin, leithéidí L’Invitation au voyage, Il pleure dans man coeur, Le Bateau ivre, Le Chéne et le roseau. Os a choinne sin, faightear dánta sa chnuasach ó fhilí mar Marceline Desbordes-Valmore, Laurent Drelincourt agus Jean-Baptise Chassignet nach bhfeictear chomh minic sin i gcló. Maítear go hiondúil go mbaineann deacrachtaí ar leith le haistrú dánta de bharr an dlúthcheangail idir  foirm  agus ábhar. Fadhb amháin a luann an t-aístrítheoir ná gur filíocht shíollabach í filíocht na Fraíncíse, córas nach n-úsáídtear a thuilleadh sa Ghaeílge. Aímsíonn Ó Doíbhlín cosúlacht amháin ídír an dá thraídísíún meadarachta, sé sin go mbíonn ceithre ghuta fhada ann go minie san alexandrin agus go bhfuil meadarachtaí an Amhráin bunaithe ar chóras gutaí béimnithe. Tá rian na cáiréise foirmiúla seo le cloisteáil sna haistriúcháin. Caithfear iad a léamh os ard chun cumhacht an chlaochlaithe a bhrath. Mar shampla, i réamhrá clúiteach an Pont Mirabeau. éiríonn leis an aistritheoir cothromaíocht fhoirfe na línte agus macalla cumhach na rime (l’heure/demeure) a choimeád ina leagan féin:

Vienne la nuit sonne l’heure Les jours s’en vont je demeure

Tagadh an oíche buaileadh an uai,r Triallann na laethe fanaimse buan

I mórdhán Rimbaud, Le Bateau ivre. pléascann na focail agus na meafair agus na híomhánna os comhair an léitheora. Bíonn beocht agus bagairt agus fuadar ag baint le fuaimeanna spleodracha an dáin. Athchruthaíonn Ó Doibhlin gluaiseacht anbhuaineach na bhfocal dteanga bhríomhar, thathagach:

Dans les clapotements furieux des marées,

Moi, l’autre hiver, plus  sourd  que les cerveaux d’enfants.

Je courus !et les Péninsules démarrées

N’ont pas subí tohu-bohus plus triomphants.

Ar fud plabarnach bhuile na rabhartaí móra a bhí ard,

B’shin nías bodhaire mé, an geimhreadh úd, ná inchinn na n-óg gan chéill

I mo rith! Agus na leithinsí a bhí scaoilte a’s ag seoladh leo ar fán Níor fhulaing cíor thuathail riamh ná clampar ba mhó caithréim.

Ní mór dánacht an aistritheora a mholadh agus é ag tabhairt faoi dhánta atá mar shéadchomharthaí i ngealchathair na teanga. Ní féidir túslínte dánta Du Bellay (Heureux qui, comme Ulysses, a fait un beau voyage) nó Pierre de Ronsard (Mignonne, allons voir si la rose) a léamh gan smaoineamh ar dhúshlán an aistrithe, an Ghaeilge ag cur fáilte roimh oidhreacht ársa an logos san larthar. Nuair a fheictear Is méanar, ar nós Úiliséas, a sheol an bóchna baoil A stóirín, tar ag breathnú an róis is léir go bhfuil idir bheachtas agus mhisneach in obaír an aistritheora a théann ag tochailt i gcré na céille chun an mot iuste a aimsíú.

Agus é ag déanamh a mhachnaimh ar chúrsaí aistrithe i leabhar dar teideal Turas go Páras (1931), dúirt Liam Ó Rinn an méid seo a leanas:

Agus ós ag trácht ar aistrithe agus ar chur-in-oiriúnt dom é, is é mo mheas gurbh fhearr go mór do lucht na Gaedhilge an dara ní acu san do chleachta ná an chéad ní. Is beag duine atá ábalta ar aistriú do dhéanamh chó maith sin ar scéal nó ar dhráma go mbeadh brí na bhfocal agus an t-atmosféir agus an stíl in éineacht san aistriú aige.

Thuig Ó Rinn deacrachtaí an aistrithe ach níor thuíg sé uaillmhian an traidisiúin Ghaelaí maidir le tiontó téacsanna ó Imtheachta Aeniasa go Ón Fhraincis. Bhí tionchar nach beag ag Breandán Ó Doibhlin mar úrscéalaí agus criticeoir ar fhorbairt na litríochta sa Ghaeilge. Anois leis an gcnuasach seo agus a leagan breá de Pensées Pascal a d’fhoilsigh Coiscéim i 1994 is léir go bhfuilimid faoi chomaoin aige athuair agus é ar thóir reineSprache Walter Benjamín, teanga íon an·aistrithe.

Leave a Reply

Your email address will not be published.