Athchló

An Mactíre

Aistritheoir: Risteárd Ó Foghludha (Fiachra Éilgeach).
Bunteanga: Fraincis.
Bunteideal: Le Loup.
Údar: Guy de Maupassant.
Céadfhoilsiú: Fiche Gearrscéal 2/6, 1930.

An Mactíre

Seo eachtra a d’inis an seanmharcas d’Arbhille tar éis dinnéir lae fhéile Hoirbeard, tigh Bharún des Rabhels.

Do bhíothas tar éis poc d’fhiach an lá san.  Do b’é an marcas an t-éinne amháin den chomhluadar ná raibh sa tseilg sin, mar níor bhéas leis a leithéid choíche.

Ar éigean a bhí aon ábhar cainte acu ar an mbéile ach coscairt ainmhithe. Agus na mná féin, bhí suim mhór acu sna heachtraí fola, bhíodh gur mó eachtra dhíobh a bhíodh gan puinn dealraimh, agus dhéineadh an lucht inste athris ar an ionsaí agus ar iarrachtaí na sealgairí i gcoinne na n-ainmhithe, agus thógadh na scéalaithe a lámha suas go minic agus iad ag insint an scéil de ghuth a bhíodh ar nós tóirní.

Ba bhinn an t-eachtraí an marcas d’Arbhille, é fileata ina chaint, agus é beagáinín mórchúiseach, ach bhíodh brí is éifeacht aige i gcónaí. Ní foláir nó bhí an eachtra so inste aige go minic, mar d’ársaigh é gan dua ar bith,gan aon stad a dhéanamh ag tabhairt na bhfocal gonta leis chun an scéal a chur i dtuiscint go cruinn léir.

–Níor chleachtas féin an fiach riamh, a uaisle, arsa eisean, ná m’athair, na mo sheanathair ach chomh beag, ná mo shinseanathair ach an oiread le héinne againn. Athair an tsinseanathairsan do rinne sé níos mó fiach ná mar atá déanta agaibhse go léir le chéile. I mbliain a 1764 do chailleadh é. Neósad mé díobh conas a tharla.

Seán do b’ainm dó. Bhí sé pósta, agus éinne amháin clainne aige, an té ba shinseanathair domhsa, agus do b’é an áit ina raibh cónaí air féin agus ar Francois, an deartháir ab óige, ná i gcrioslach coille i gcúirt Lorraine, a bhain lenár muintir-na riamh.

Taitneamh don tseilg a d’fhág Francois gan pósadh.

Bhíodh an bheirt sa tóir gan sos gan tuirse ó cheann go ceann den bhliain. Ní thugadar taitneamh d’aon ní eile, níor thuigeadar aon ní eile, ní thráchtaidís ar aon ní eile, na ní raibh rud ar bith eile ag déanamh cúraim dóibh.

Chuaigh an fiach lena gcroí go dian is go docht. Ní raibh á mbaint den tsaol ach é, bhí greim doscaoilte aige orthu, i gcás ná raibh iontu aird a chur in aon ní eile fén spéir.

Do bhí coiscthe ar éinne cur isteach orthu ar aon chúinse nuair a bhídís ag fiach. Ar tóir sionnaigh a bhí mo shinseanathair nuair a tháinig a mhac ar an saol, agus ní dhearna Seán d’Arbhille aon nóimeant righnis ach míonna a chur as: “Dar so is súd níor mhiste don bhioránach so fanamhaint go dtí go mbeadh deireadh lenár mbabhta fiaigh!”

Bhí Fran­­­­­­­­­­­­­­­­­­cois, a dheartháir, níos tugaithe fós don tseilg. Do b’é an chéad rud a dhéineadh seisean tar éis éirigh ar maidin ná dul ag féachaint a chuid gadhar; théigheadh sé ansan ag triall ar a chuid capall; chaitheadh sé piléar ansan le haon laithe timpeall ar an gcúirt, go dtí gur mhithid dul agus ainmhí mór éigin a dhúiseacht.

An Marcas agus an Ceaidé a thugadh muintir na háite ar an mbeirt; níor mhar a chéile uaisle na haimsire sin agus an uaisle seo atá againn inniu gur mian leo a gcuid teideal a bhuanú i gcóir a sleachta; mar ní mó is dual do mhac mharcais a bhaith ina chount, nó do mhac bíocain a bheith ina barún ná do mhac giniral a bheith ina chormail lá a bheirte. Ach oireann an bhaois shuarach san do chúrsaí an lae inniu.

Casfad ar mo shinsear.

Do dhealraíodh an scéal go raibh an bheirt úd an-mhór os meon, cnámhach, guaireach, rábach, groí. An sóisear, an té ab airde acu, bhí glór chomh tréan san aige go gcromadh gach duilleog sa choill ar crith nuair a chuireadh seisean liú as – mar a dúirt an seanscéal – agus bhí an-mhóráil air ina thaobh.

Agus ní foláir nó ba bhreá an radharc é an bheirt fhathach san agus iad ag preabadh in airde ar dhiallaití a gcapall groí chun dul ag fiach.

Sea, tuairim lár an gheimhridh sa bhliain sin 1764 a bhí an donas le géire ar an uain agus bhí na mactírí go fíochmhar.

Do chuiridís troid ar dhaoine a bhíodh amuigh go déanach san oíche, bhídís ag piardáil i gcomhar tithe cónaithe, agus ag amhastraigh ó luí gréine go dtí fáinne an lae, agus is minic a dheinidís creachadh ar bhailte.

Agus ba ghearr gur leath an ráfla. Do tráchtadh ar mhactíre mór millteach liath, agus é bán nach mór, a bhí tar éis beirt leanbh a alpadh ina mbráid, agus go raibh sé tar éis géag láimhe a sracadh anuas de bhean, go raibh madraí teaghlaigh na dúiche taithithe aige, agus nárbh eagal leis dul isteach in aon mhacha chun bolaireacht fé dhoras áitribh. Do dhearbhaigh gach éinne den chosmhuintir gur mhothaigh sé féin anál an ainmhí, rud a chuireadh luascadh ina gcuid soilse. Agus ba ró-ghairid go dtí go raibh scanradh saolta ar gach duine sa límistéireacht. As san amach ní ligfeadh eagla d’éinne gabháil amach as a thigh tar éis titim oíche. Bhí faitíos ar gach n-aon go mbuailfeadh an beithíoch san uime sa dorchadas.…

Beartaíonn an bheirt d’Arbhille é a aimsiú agus é a mharú, agus chuige sin tugaid cuire d’uaisle na tuaithe go léir chun teacht ar mhór-iarrachtaí fiaigh chucu.

Do b’obair in aisce dhóibh an saothar go léir. Bhí sé fánach acu na coillte a chuardach ná na scartacha a réabadh, ní bhuaileadh sé siúd umpu choíche. Do mharaidís mactírí, ach ní bhíodh sé siúd orthu más ea. Agus níl aon lá dá mbíodh tóir ann ina chóir ná go dtagadh sé siúd an oíche chéanna, dá agairt féin ba dhóigh leat, go n-ionsaíodh sé tréad éigin i bhfad ón mball ina mbíodh an tóir.

Faoi dheoidh, cad a rinne sé aon oíche amháin ná dul isteach i gcró muc a bhí ag muintir d’Arbhille agus feolmhach a dhéanamh den dá mhuic do b’fhearr dá raibh ann.

Chuir an méid sin an bheirt dearthár ar deargbhuile, mar dúradar gur stainc ina gcoinne féin an bheart san, gur lom-mhasla agus fógairt chatha é. Fé chuthach nimhe do bhailíodar chucu a ngadhair seilge go léir a bhí oilte i dtóraíocht ainmhithe móra, agus do ghluaiseadar chun fiaigh.

Ó éirí gréine go dul fé di ina caor lasrach ar chúla na gcrann mór lom, do bhíodar ag bualadh scairt, gan teimheal den ainmhithe a fheiscint. 

Bhí an bheirt acu, go fíochmhar is go cráite, ag casadh abhaile, agus a gcapaill ag siúl go réidh, ar chasán a raibh scairteacha ar a chliatháin, agus iad araon ag déanamh ionadh dá ngliocas a bhí curtha ar neamhnídh ag an mactíre, nuair a ghaibh eagla diamhrach éigin iad de thurraic.

–Ní ainmhí coiteann é seo in aon chor, arsa an té ba shine. Dhéarfadh éinne gur meabhair dhaonna atá aige.

–B’fhéidir, arsa an duine ab óige, gur cheart dúinn piléar coisreacan a fháil ón ár mbráthair gaoil, an t-easpag, nó a iarraidh ar shagart éigin na paidreacha riachtanacha a rá.

Bhíodar ina dtost ansan.

–Féach ar an ngréin agus a dheirge atá sí, arsa Seán. Tá an mactíre mór chun díth a dhéanamh anocht.

Ní raibh an focal as a bhéal nuair a chrom a chapall ar phramsáil ar a chosa deiridh; beithíoch François, is amhlaidh a bhí sé ag radadh na gcosa deiridh san aer. Tor mór a bhí clúdaithe le duilliúr críona tháinig sé ar leathadh os a gcomhair, agus siúd amach an t-ainmhí mór millteach liath, gur scinn sé trid an gcoill.

Chuireadar srannán grinn an duine astu, agus tar éis cromadh anuas go muing a gcapall cortha d’fháisceadar chun cinn le lán-iarracht coirp iad, á dtiomáint lena oiread san luais, á ngríosadh, á mearú lena nglór, le gothaí is le neart spor, gur shamhlaigh an scéal gurbh amhlaidh a bhí na marcaigh ghroí ag iompar na mbeithíoch suite idir a mbléinte agus á mbreith leo fé mar a bheidís á bhfuadach.

Bhíodar ag gluaiseacht ar an gcuma san ar lánlúth, ag briseadh scairteacha rompu, ag scinniúint trasna cumairíní, ag crobhadh suas i gcoinne cnoc, ag cur doimhinfhánán díobh, agus ag séide na hadhairce ar a ndícheall d’fhonn a gcairde is a gcuid gadhar a thabhairt ina gcionn.

Ach féach, go lánobann, sna dian-tóir sin, do bhuail éadan mo sheanathar ar géag mhór crainn, i gcás gur scoilteadh a chloigeann; thit sé láithreach ar an bhfód san, fuar marbh, agus as go brách leis an gcapall sceóin, go ndeachaigh sé gan tuairisc tríd an nduifean a bhí anuas ar na coillte.

Ní dhearna an Ceaidé d’Arbhille ach stad agus tuirlingt láithreach, do rug sé ina ghéaga ar a dheartháir, agus thug fé ndeara go raibh an mháthair bhúidh ag téaladh as an bplaosc, mar aon leis an bhfuil.

Ansan do shuigh sé lámh leis an gcorpán, do leag sé anuas ar a ucht an cloigeann millte breasalach agus thug tamall ag breithniú sámh-cheannaithe an tsinsir. Do ghaibh eagla é in ionad a chéile, eagla neamhchoiteann nárbh eol dó riamh go dtí san, eagla roimh an dorchadas, roimh an aonaránacht, roimh an gcoill uaigneach, agus roimh an mactíre sin an aergas a bhí díreach tar éis a dheartháir a mharú mar dhíoltas orthu. 

Do bhí ag géarú ar an dorchacht, bhí na crainn ag cnagarnaigh ag méid an fhuachta. D’éirigh Françios fé chreathnú, agus gan ann fanúint san áit níos sia, mar do bhraith sé iarracht den bhfanntais ag teacht air féin. Ní raibh geoin ghadhar le cloisint a thuilleadh, ná fuaim adharc, bhí ciúnas i ngach aon ní mórthimpeall chomh fada le bun spéire; agus bhí scanradh is aiteas éigin i socaireacht dhubhach na hoíche seaca san.

Do ghlac sé ina ollghéaga corpán mór Sheáin agus do chuir ina shuí sa diallait é chun casadh ar an gcúirt; ansan do chuir sé chun bóthair go mall réidh, agus a intinn go suaite ar nós duine a bheadh ar meisce agus a mheasfadh go raibh fuatha gránna uafásacha ar a thí.

Agus cad a thiocfadh de ruaig sa chasán san, a bhí dubh ag an dorchacht oíche, ach an bhró mhór. An t‑ainmhí a bhí ann. Tháinig critheán millteach san fhiagaí; do bhí rud éigin fuar, mar a bheadh braon uisce, ag sní anuas le cnámh a dhroma, agus mar a dhéanfadh manach go mbeadh eagla an diabhail air, do ghearr sé fíor na croise go leabhair air féin, bhí sé chomh suaite sin ag grodchasadh an todhchaí sin an sceimhle. Ach luíonn a shúile ar an gcorpán faon a bhí suite os a chomhair, agus láithreach bonn do rinne fearg den bhfaitíos, gur chrom sé ar crith le buile fíochmhar.

Do ghread sé spoir lena chapall ansan agus do phreab sé i ndiaidh an mhactíre.

Do lean sé é trí scartacha, trí chumair is trí fhoraoisí, trí choillte thar a eolas, agus a shúil diríthe aige i gcónaí ar an scáth bán a bhí ag teitheadh uaidh tar éis dubh-bhrat na hoíche a leathadh ar an saol. Agus a chapall chomh maith, do dhealraigh go raibh fuinneamh is faobhar os meon tagaithe ann. Bhí a mhuineál sínte chun cinn aige, é ag gluaiseacht le luas nimhe, agus cloigeann is cosa an chorpáin a bhí ina luí trasna na diallaite á stealladh i gcoinne crann is carraig. Bhí an ghruaig á stracadh ag an deilgne; bhí an aghaidh, ó a bheith ag bualadh i gcoinne stumpaí móra crann, á spréachadh le fuil; bhí na spoir ag baint píosaí den choirt as crainn. 

Agus, láithreach bonn, do phreab an t-ainmhí agus an fhiagaí amach as an gcoill, gur léimeadar isteach i ngleanntán le linn an ghealach a bheith ag tobadh aníos thar guaillí na gcnoc. Bhí an gleanntán san lán de leachtáin, agus é dúnta mórthimpeall ag carraigeacha móra, gan aon bhearna ann; agus b’éigean don mhactíre iompú tar n-ais – bhí sé i bponc. Chuir François gach aon liú áthais as, go ndearna an macalla athlua orthu ar nós ruaille toirní agus do thuirling dá chapall agus a scian seilge ina leath-láimh aige.

Bhí drong ar an mactíre, gach aon ghuaire leis ina cholgsheasamh air agus é ag feitheamh leis an ionsaí; an lasadh a bhí ina shúile ba gheall le reiltíní sa spéir é. Ach sula ndéanadh an fiagaí tréan aon chomhrac, do rug sé ina dhá láimh ar chorpán a dhearthár gur chuir ina shuí ar bhollán é, gur leag tacaí cloch leis an gcloigeann ná raibh ann um an dtaca san ach aon chréacht mhór fhuilteach amháin, agus gur liúigh sé isteach sna cluasa mar a dhéanfadh le duine bodhar: “Féach thall, a Sheáin liom! Féach ansiúd!”

D’ionsaigh sé ansan an t-arracht. Do bhraith sé ann féin tréine a dhóthain chun cnoc a d’iompú síos suas, chun smidiríní a dhéanamh de chlocha ina dhóid. Bhí an t-ainmhí d’iarraidh é a aimsiú fé bhun a choim, chun é a réabadh lena fhiacla, ach bhí greim scórnan ag an sealgaire air-sean cheana féin gan feidhm ar bith á baint as a scian aige bhí se á thachtadh leis go bog socair, ag éisteacht le scor‑ iarrachtaí na hanála i mbráid an ainmhí, agus le preabarnach a chroí. Agus bhí gach aon gháire ag François fé aoibhneas buile, agus treise is méad i ndiaidh a chéile ag teacht sa ghréim a bhí aige, agus gach aon liú áthais aige; “Féach, a Sheáin liom, féach!” Ní raibh preab eile san ainmhí: bhí an conablach go faon. Bhí an mactíre marbh.

Do rinne François ualach de ansan, agus do rug leis é, gur leag ag cosa an chorpáin é, agus gach aon ghlaoch céanna aige mar seo; “Féach, a Sheáin liom, féach, féach ansan é!”

Do shín sé ansan an conablach trasna na diallaite agus an corpán anuas air sin, agus thug sé aghaidh ar an mbaile.

Ghaibh sé isteach sa chúirt, é ag gol is ag gáire i dteannta a chéile, dála Gargantua nuair a rugadh Pantagruel, gach aon gháir maoite aige agus é ag tabhairt na gcos don talamh le neart meidhréise le linn a bheith ag cur síos ar an gcuma nuair a threascair sé an t-ainmhí, ach is ag baint stoite as a fhéasóg a bhíodh sé nuair a dheineadh tagairt do bhás a dhearthár.

Agus, i bhfad ina dhiaidh san, nuair a bhíodh sé ag insint scéil an lae sin, is minic a deireadh, agus an deoir ina shúil: “Táim lándeimhneach go mbeadh Seán bocht sásta lena bhás féin dá bhféadfadh radharc a fháil ormsa á thachtadh siúd!”

Chuir baintreach mo sheanathar a leithéid sin de ghráin ina mac beag roimh an bhfiach gur dual an ghráin sin do gach glúin dínn anuas go dtí mé féin.

Air sin, do stad an Marcas d’Arbhille.

“Nach scéal fiannaíochta é sin?” arsa duine éigin.

“Bheirim mo mhóide dhaoibh nach bhfuil aon fhocal ann ach an fhírinne ó thúis go deireadh,” arsa an scéalaí.

Leis sin do chualathas an mínghuth mná:

“Is mór an scéal é, tar éis an tsaol, tréithe den tsórt san a bheith i ndaoine.”

Leave a Reply

Your email address will not be published.