Athchló

An Paidrín Péarlaí

Aistritheoir: Risteárd Ó Foghludha (Fiachra Éilgeach).
Bunteanga: Fraincis.
Bunteideal: La Parure.
Údar: Guy de Maupassant.
Céadfhoilsiú: Fiche Gearrscéal 2/6, 1930.

An Paidrín Péarlaí

Cailín deas lách a bhí ann go raibh sé de chrann uirthi a bheith ar líon tí gurbh éigean dóibh go léir dul ag tuilleamh. Ní raibh spré ar bith aici, ná súil le sonas, ná aon fháil ar aithne a chur ar dhaoine, ná caoi ar bhualadh um chiallach shaibhir chlúiteach; i gcás nárbh fholáir di a bheith sásta a bheith ina céile ag cléireach as an Oifig um Oideas.

Bhíodh sí éadaithe go mín, de dheasca í a bheith ar uireasa córach; ach ní maith a thaitin léi a bheith i riocht duine a bhí tar éis titim chun dealúis; mar is cuma le mná cúrsaí cine ná fine ná an gradam a ghabhann le hardfhuil is ardchreidiúint mhuintire, nuair a bhíonn maise is scéimh is gleoiteacht iontu féin. Is leor mar oidhreacht do chlann iníon na coiteantachta a dtaise is a n-éirim aigne chun iad a chur ar aon dul le clann lucht maoine.

Ba shíorfhulaing aici seo é, mar do b’eol di í a bheith oiriúnach, do réir cine, do gach séimhe is gach sómas. Bhí sí buartha ag a lán nithe, ag boichte a hionaid cónaithe agus ainnise na bhfallaí agus suaraíocht na gcathaoireacha agus gránnacht is míscéimhe na n-éadaí. Bhí crá agus fearg uirthi ag na nithe sin go léir, rud nach gcuirfeadh buairt ar bith ar dhuine eile dá sórt. Níl aon uair á bhfeiceadh sí an cailín Briotúnach ag cur a teaghlaigh bhig i dtreoir ná go dtagadh cathú uirthi, agus chuirtí a cuid taibhreamh bréige i gcuimhne di. Bhíodh sí ag aisling ar sheomraí breá agus iad sraite le taipéisí ón nDomhan Toir, ar chrainn solais den mhiotal rua, ar bheirt leacaí féna mbrístí gearra agus iad araon ina gcodladh go sámh sna cathaoireacha móra le neart brothaill is meirbhe. Bhíodh a marana ar sheomraí móra grianáin, agus iad cóirithe le síodaí ársa, ar throscán chostasach lán de dheasaí-deasa mórluaigh, agus ar mhionseomraí néata ina mbeadh ardchumhracht, i gcomhair seancháis tráthnóna i dteannta seancharad agus daoine mórchlú.

Nuair a bhíodh sí sa tseomra chruinn ina suí chun boird go mbíodh an t-éadach cláir céanna air le trí lá anuas, do bhaineadh a fear an clúdach den oighnín anraith: “Á! Nach breá an rud é an prácás! Ní heol dom a shárú…”
Ní fhéadfadh sí a súile a chur de bheilteanna daora, de mhiasa den airgead gheal niamhach, de bhrait taipéise ar na fallaí agus iad gréasta le pictiúir d’éanlaithe agus de mhaithe móra ón ársaíocht; bhíodh a haigne ar phlátaí chúirialta, ar fhocail molta ag gabháil timpeall an bhoird le linn píosa breac nó sciathán d’fhia-éan éigin a bheith á ithe ag an gcuideachtain.


Ní raibh culaith ná seoda ná aon ní eile aici, agus b’in rudaí gur bhinn léi iad a bheith ina seilbh, mar do mheas sí gur maith a d’oirfidís di. Do b’áil léi a bheith lách le cách, daoine a bheith á tabhairt fé ndeara, í a bheith feiceálach agus gach aon a bheith ag rith ina diaidh.


Bhí aon chara saibhir amháin aici, comrádaí scoile di, ach níor mhian léi dul ag triall uirthi-sean a thuilleadh, bhí sí féin chomh buartha san ón síormhachnamh. Agus chaitheadh sí an lá ó mhaidin go hoíche ag gol le brón is buaireamh is tuirse is éadóchas.

Sea, tráthnóna á dtáinig a fear abhaile óna oifig do shín sé clúdach mór litreach chuici: “Sin é agat é,” arsa eisean; “sin rud éigin duit.”
Do réab sí an clúdach go héasca, agus ba é rud a bhí istigh ann ná cuireadh di féin is dá fear ón Ministir um Oideas is óna bhean chun a bheith ar chéilí acu tráthnóna áirithe.
In ionad áthas a bheith uirthi is é rud a rinne sí ná an cárta a chaitheamh ar an gclár le tarcaisne, rud a chuir ionadh ar a fear.

“Cad a mheasfá dom a dhéanamh uime?” arsa ise.

“Dhera, cheapas a stór liom, gurbh amhlaidh a bheadh áthas ort é a fháil. Is fánach in aon chor a ghabhann tú amach, agus seo caoi agat ar ardoíche aoibhnis! Deirimse leat gur dheacair é a fháil mar chuireadh. Tá gach éinne á n-iarraidh, agus is fíorbheag de lucht na hoifige a fuair ceann.”

“Cad é an chóir atá agamsa le cur umam an oíche sin?” arsa ise leis, agus loise nimhe ina súile.
Níor chuimhnigh sé riamh ar an taobh seo den scéal.

“Cá bhfuil an gúna san a bhíonn agat ag dul go dtí an amharclann?” arsa eisean. “Nach bhfuil sé go han-deas, a stór?…”
Ach d’fhág sí buartha balbh é nuair a chrom sí ar ghol láithreach. Bhí dhá dheor mhóra anuas lena sróin;

“Cad é rud é seo ort in aon chor arú?” arsa a fear le hiarracht de bhriotaireacht.
Do mhaolaigh ar a tocht, agus tar éis a súile a thriomú, thug sí freagra air de ghlór mhín:

“Níl aon ní. Ach amháin nach bhfuil culaith oiriúnach agam chun dul ar an gcéilí sin. B’fhearr duit an ticéad a thabhairt do dhuine éigin san oifig nach mbeadh a bhean ar uireasa córach.”
Bhí sé go han-bhuartha ar fad.

“Fan go fóill, a lao,” arsa eisean. “Cad é méid a chosnóidh gúna oiriúnach, ceann a dhéanfadh an gnó d’ócáidí eile chomh maith, rud éigin nach mbeadh ródhaor dúinn?”
Do chuir sí chun machnaimh agus chun comhairimh, féachaint cad do b’fhearr di a rá, ar eagla go mbeadh sí ag éileamh an iomarca agus gurbh é an diúltú a gheobhadh sí láithreach bonn ón gcléireach chríochniúil.

“Ní fhéadfainn a rá go cruinn, arsa ise i gcionn tamaill, ach is dócha go ndéanfadh cheithre chéad franc an gnó.”
Tháinig iarracht de mhílí ar a fear, mar b’in é díreach an méid airgid a bhí curtha i leataobh aige i gcómhair gunna dó féin chun go bhféadfadh sé a bheith ag lámhach fuiseoige i dteannta gasra dá chairde ar an machaire gach aon Domhnach.

“Tá go maith,” arsa eisean. “Gheobhais na cheithre chéad franc. Ach faigh gúna breá an iarracht so.”
Bhí oíche an chéilí buailte leo, ach mar sin féin do bhí an bhean go dubhach imníoch míshásta, bíodh go raibh an gúna ullamh.

“Cad atá ag déanamh buartha duit, a lao?” arsa a fear. “Braithim go han-ghreannmhar tú le trí lá anuas.”

“Is é rud atá dom buaradh,” arsa ise, “ná gan seoid ná cloch bhua ná ní dá sórt a bheith agam le caitheamh. Is rómhaol an cruth a bheidh orm. Ní mór ná gurb fhearr liom fanúint sa bhaile.”

“Ná féadfá bláthanna a cheannach agus iad a chaitheamh? Bíd siad go han-deas an taca so bhliain. Gheofá dó nó trí rós álainn ar dheich bhfrainc.”
Ní ghéillfeadh sí don mhéid sin in aon chor.

“Ní dhéanfadh san an gnó ar aon chúinse … Níl ní ar bith is mó a chuireann ceann fé ar bhean ná cuma ainnis a bheith uirthi i gcomhluadar ban tsaibhir.”

“Ach nach mór an t-ionadh ná téann tú ag triall ar do chara, Madame Forestier, agus iarraidh uirthi cuid dá seoda a thabhairt ar iasacht duit i gcomhair an chéilí? Nach bhfuil sibh mór a dhóthain lena chéile chuige sin?”
Leis sin do chuir sí liú áthais aisti:

“Is fíor duit,” arsa ise. “Níor chuimhníos riamh ar an tseift sin.”
D’imigh sí arna mhárach agus d’inis sí an scéal dá seanchara scoile.
Chuaigh Madame Forestier anonn chun a bonn éadaí agus do bhain amach bosca agus do leag os comhair a carad é:

“Bíodh do rogha díobh-san agat, a stór,” arsa ise.
Do bhí práisléadaí ann, agus bóna de phéarlaí, agus crois órga, agus clocha bua, agus iad go léir déanta ar chuma ghreanta. Do thriail sí na seoda go léir uirthi i ndiaidh a chéile, agus í ina seasamh ar aghaidh an scátháin. Ach ní fhéadfadh sí aon rogha a dhéanamh díobh.

“Níl a thuilleadh agat?”

“Dhera tá. Cuardaigh. Shíleas go bhfaighfeá do shásamh ansan.”
Lena linn sin is a d’aimsigh sí boiscín dubhshróill go raibh ann paidrín péarlaí a bhí thar barr ar fad. Bhí a lámha ar crith agus í á láimhseáil, agus chrom a croí ar preabarnaigh le neart áthais. Chuir sí timpeall ar a muineál é chun go raibh sé ar sileadh anuas ar a bráid agus bhí sí á breithniú féin ar aghaidh an scátháin agus í i rabhartaí aoibhnis.

“An bhfaighinn iasacht de seo uait – ní iarrfainn ach é?” arsa ise de ghlór bhíogach.

“Gheobhair, ní nach ionadh.”
Do rug sí barróg díograis ar a cara agus do scinn chun róid leis an tseoid.
Tháinig an lá cinn. Ní raibh aon bhean ann a bhí in aon ghaobhar do bhean an chléirigh i slachtmhaire, i ndeise, in áilleacht ná i suairceas. Bhí súile gach fear uirthi agus iad go léir ag fiafraí cérbh í féin í, agus do b’áil le gach éinne acu aithne a chur uirthi. Ní raibh duine de lucht na hoifige nár mhéin leis í mar pháirtí. Thug an Ministir féin fé ndeara í.
Bhí sí ag rince le mire, agus a ceann in aimhréidh le neart pléisiúir, agus gan spéis aici á chur in aon ní ach sa bhua a bhí beirthe aici lena maise, bhí sórt néil séin timpeall uirthi ón ómós is ón moladh go léir, rud is aoibhinn ag mná i gcónaí.


Do bhog sí chun imeachta tuairim a ceathair ar maidin. Bhí Loisel, a fear, agus triúr eile, ina gcodladh ó uair an mheánoíche í seomra dá raibh ann, agus ardspórt ag a bhean i rith an aga san.


Do chuir a fear uime na hearraí éadaigh a thug sé leis le haghaidh úr-aeir na maidine, éadaí suaracha coiteann ná raibh in aon chor ar aon dul le háilleacht a chulaithe cóisire. Theastaigh ón a bhean scinniúint, ar eagla go bhfeiceadh éinne de na mná eile a drochchóir agus iad féin sáite in éadaí daora clúimh.
Do choinnigh a fear siar í.

“B’fhearr duit fanúint anso go fóill go nglaofad ar chóiste,” arsa eisean: “gheobhair slaghdán má ghabhann tú amach cóirithe ar an gcuma san gan fallaing throm éigin umat.”


Ach ní éisteodh sí in aon chor leis, agus siúd amach í agus anuas an staighre cloch. Ní raibh cóiste ar bith ar an tsráid, agus chuireadar araon díobh chun ceann a aimsiú, agus do scaoileadh seisean fead ar thiománaí gach cóiste dá bhfeicidís i bhfad uatha.


Thugadar aghaidh ansan i dtreo na habhann agus iad go fuar suaite. D’aimsíodar fé dheireadh thiar thall ceann de na seandrongáin seo ná feictear choíche i bPáris ach amháin istoíche: bíd siad chomh seanda is chomh caite sin gur dócha gurab amhlaidh a bheadh náire orthu teacht amach fén spéir i rith an lae.


Thug an cóiste sin abhaile iad, agus gabhadar in airde chun a seomraí féin agus an bheirt acu go tuirseach. Bhí deireadh le scléip na hoíche sin-dise, ach níor fhéad a fear gan a bheith ag cuimhneamh ar a deich a chlog ar maidin, mar níorbh foláir dó a bheith ar a chuid oibre an uair sin.


Do chaith sise a clóca anuas dá guaillí chun go mbaineadh sí aon tsúil amháin eile ar a háilleacht, ar aghaidh an scátháin. Ach ní túisce a chonaic sí a scáth ná mar a scaoil sí aon liach nimhe amháin aisti. Bhí an paidrín péarlaí imithe dá bráid.

“Cad é rud é seo, a lao?” arsa a fear: bhí roinnt dá chuid éadaí bainte de aige.
D’iompaigh sí ina threo agus scanradh an bháis uirthi:

“An paid … an paid… an paidrín atá imithe!”
Do phreab sé ina shuí go héasca agus imní air.

“Ní deirir liom é!… Conas a d’fhéadfadh san a bheith amhlaidh!”
Do chuardaíodar gach beann den ghúna, gach pioc den chlóca, agus gach póca, agus gach aon bhall eile. Ní bhfuaireadar a thuairisc.

“An bhfuilir deimhneach go raibh sé agat agus tú ag fágaint an chéilí?” arsa a fear.

“Táim, mar do leagas mo lámh air le linn sinn a bheith ag gabháil amach as an halla.”

“Ach nach n-aireomis ag titim é dá mba ar an mbóthar a chaillteá é? Ní foláir nó is sa chóiste atá sé.”

“Dhealródh an scéal gurb ea. An mbeadh an uimhir agat?”

“Níl ambasa. Ní dócha go dtugais féin fé ndeara é?”

“Ní thugas mhuise.”
D’fhéachadar ar a chéile in anaithe croí, agus ar éigean a bhí pioc den anam in éinne acu. Chuir an fear uime a chuid éadaigh i gcionn scaithimhín.

“Cuardóidh mé an méid bóthair a ghabhamair de shiúl ár gcos, féachaint an bhfaghainn é,” arsa eisean.


D’imigh sé. Ní raibh brí inti féin chun dul sa leaba, agus d’fhan sí gan éirim ina culaith cóisire ar an gcathaoir sa tseomra ghlas.


D’fhill a fear abhaile tuairim a seacht a chlog. Ní raibh tásc ná tuairisc an phaidrín aige.
Chuaigh sé go dtí Oifig an Gharda Síochana, agus go hoifigí na bpáipéar nuachta ag fógairt bronntanais airgid don té a thabharfadh thar n-ais an t-earra. Níor dhearmad sé gan cuairt a thabhairt ar oifigí na gcóistí sráide: do chuardaigh sé dóth agus andóth.

Do bhí an bhean go han-bhuartha agus go han-thrína-chéile i rith an lae ag an matalang tubaisteach a ráinigh iad.
Ba shuaite tréith an chuma a bhí ar fhear an tí agus é ag casadh óna oifig um thráthnóna: ní raibh aon nuascéal aige.

“B’fhearr duit scríobh chun do charad agus a rá léi gur bhrisis glas an phaidrín, agus go bhfuilir tar éis é a chur á dhéisiú. Tabharfaidh san spás dúinn.”
Agus do chuir sí an litir ag triall ar a cara. Nuair nach bhfuaireadar aon scéal i gcionn seachtaine do chuireadar a súil de ar fad.

“Ní foláir dúinn féachaint chun paidrín eile a fhágáil ina ionad súd,” arsa fear an tí, “agus ón dealramh a bhí ar an duine bhocht is é rud a déarfadh éinne ná go raibh sé imithe chúig bhliana in aois le seachtain.”
Chuadar arna mhárach agus rugadar cás an phaidrín chun an tseodóra go raibh a ainm air. Do chuardaigh seisean a leabhar cuntais:

“Ní uaimse a ceannaíodh an paidrín sin,” arsa eisean; “do dhealródh an scéal nach fuaireadh anso ach an cás beag.”


Do ghluaiseadar ansan ag triall ar mhórchuid seodóirí i ndiaidh a chéile féachaint an bhfaighidis a leithéid eile de phaidrín de réir a gcuimhne, agus iad araon breoite le brón is le cathú.


Agus i ndeireadh na dála d’aimsíodar paidrín a bhí ar an déanamh céanna. Daichead míle franc ba ea é a fhiacha, ach gheobhaidís ar sé mhíle dhéag ar fhichid é.

D’iarradar ar an seodóir gan é a dhíol le héinne go dtí go gcasfaidís féin i gcionn trí lá. Agus chuireadar an coinníoll so sa scéal, go gceannódh an seodóir thar n-ais uatha é ar cheithre mhíle dhéag ar fhichid dá bhfaightí an chéad cheann fé chionn mí ón lá san.


Bhí ocht míle dhéag franc sa bhanc ag an bhfear, airgead a d’fhág a athair lena uacht aige. Thug sé a lán nótaí gill uaidh, agus geallúintí troma, thóg sé airgead ar iasacht ó lucht gaimbín agus ó gach aon tsórt úsaire. Chuir sé an oiread ceangal is oblagáid air féin agus go mbeadh sé crua air iad a réiteach go lá a bháis; chuir sé a ainm is a lámh le geallúint ná feadair sé an mbeadh ar a chumas choíche seasamh leo. Do shiúil sé roimhe ansan agus é ag dianmhachnamh ar an gcrá a bhí ina chionn, ar an mbochtaineacht a bhí i ndán dó, ar an uireasa a bhí chuige, agus ar gach sórt buartha. Thug sé a aghaidh ar shiopa an phaidrín nua agus do leag an sé mhíle dhéag ar fhichid franc ar chuntar an tseodóra.

“Bhí sé ceart agat é a thabhairt thar n-ais chugam fadó, cá bhfios duit ná go mbeadh gnó agam de,” arsa Madame Forestier go tur, nuair a rugadh an paidrín ag triall uirthi, ach níor oscail sí an cás in aon chor, rud a thaitin go mór lena cara. Cad a dhéarfadh sí dá dtugadh sí fé ndeara an mhalairt a rinneadh? Is cosúil gur gadaí a thabharfadh sí ar an gcreatúir bhocht.


Is cruinn a bhí eolas na huireasa ag Matilde, bean Loisel, cheana. Agus do shocraigh sí ina haigne féin, láithreach bonn, cur suas leis an gcruatan. Bhí orthu fiacha an phaidrín nua a ghlanadh, agus do ghlanfaidís é.
Do b’éigean dóibh scaradh gan mhoill lena gcailín aimsearach; d’fhágadar an t-ionad cónaithe a bhí acu agus thógadar áras beag saor ar barra tí.

Do bhí sí féin oilte ar thromshaothar tís agus ar chúram cistine. Nuair a bhíodh sí ag cur sciomais ar na hárthaí ní iarradh sí ach a hiongain chun crúscaí is cuinneoga a scríobadh. Do níodh sí na héadaí cláir, na léinte, agus giobóga na mias, agus chuireadh ar leathadh iad, á dtriomú. Do thugadh sí anuas ó bharr an tí gach aon mhaidin a mbíodh ann de luaithre is d’fhuílleach tar éis glantacháin.
Agus do bheireadh sí in airde na crúscaí den uisce ghlan, ach go mbíodh uirthi stad le giorranál ar gach urlár sa tslí suas. Agus is mar a bheadh aon bhean den tslua a bhíodh sí cóirithe nuair a ghabhadh sí amach lena bascaed cuisleann chun ábhar béile a cheannach, agus is caol a chaitheadh sí a suim bheag airgid.


Do dhíolaidís billí áirithe gach mí agus dheinidís athnuachan ar bhillí eile chun a thuilleadh aimsire a fháil.


Dheineadh sé féin obair thráthnóna ar leabhair cuntaisí do cheannaí sa chomharsanacht, agus ba mhinic é ag athscríobh caipéisí ar chúig sous an stua.


Deich mbliana a bhíodar ag obair go dian ar an gcuma san.


Bhí gach aon ní íoctha glan acu i gcionn na ndeich mbliana, idir iasacht is ús, agus ús ar ús.

Bhí cuma na críonnachta uirthi féin. Bhí sí crua garbh ar nós aon bhean a bheadh ag obair i dteaghlach fíorbhocht. Bhíodh a folt gan cíoradh, a sciortaí ar fiarsceo, cuma dhearg ar a crobháin agus í ag labhairt de ghlór ard le linn í a bheith ag stealladh uisce ar na leacacha. Ach do shuíodh sí cois na fuinneoige uaireanta eile nuair a bhíodh a fear ag an oifig agus bhíodh sí ag machnamh ar imeachtaí an chéilí úd, oíche na féile is na maise go léir.


Conas a bheadh an scéal inniu aici dá dtarlaíodh di gan an paidrín a chailliúint? Cá bhfios d’éinne? Ba dheacair a rá. Nach corrach greannmhar an saol é? Nach suarach an rud a dhéanann fónamh nó milleadh do dhuine!

Maidin Domhnaigh dá raibh sí ag siúl di féin san fhaiche chun a buairt seachtaine a mharú, cé a chas uirthi ach an bhean agus leanbh á thionlaic aici. Madame Forestier a bhí ann, agus í ag féachaint chomh óg, chomh maiseach, chomh hálainn is a bhí sí riamh.


Do bhraith Madame Loisel an corraí meanman inti féin. Ar cheart di stró a chur ar a seanchara? Ba cheart gan amhras. Agus ó ráinigh na fiacha go léir a bheith glanta aici d’inseodh sí an scéal di, tríd síos. Cad ina thaobh ná ’neosadh?
Do bhuail sí ina treo.

“Móra duit, a Shinéad.”
Níor aithin an bhean eile pioc di, agus do b’ionadh léi é a bheith de dhánacht ag éinne den tslua labhairt léi ar an gcuma san.

“Gabhaim párdún agat… a bhean mhaith… ní haithnid domsa thú… ní foláir nó tá mearbhall éigin ort,” arsa ise.

“Níl mhuise. Mise Matilde Loisel.”

“Ó, dhera, is mór an t-athrú atá ort, a Mhatilde bhocht!” arsa a cara.

“Is mór go deimhin, a iníon ó. Is mó lá crua dian atá curtha agamsa díom ó bhuaileamar um a chéile cheana; agus ní suarach a bhfuil de chruatan fulaingthe agam ó shin… agus tusa is trua leis go léir!…”

“Mise!… conas, arú?”

“Nach cuimhin leat an paidrín péarlaí a fuaireas uait ar iasacht fadó i gcomhair an chéilí úd an Mhinistir um Oideas?”

“Is cuimhin liom, gan amhras. Cad mar gheall air?”

“Do chailleas é.”

“ Dhera, éist a bhean! Nár chasais orm é!”

“Paidrín eile den tsórt céanna a tugadh duit. Agus táimid ag íoc as le deich mbliana anuas. Is léir nach gan mhórchuid dua a rinneamar an méid sin airgid a thaighde, sinne bhí gan aon ní… ach tá na fiacha go léir glanta againn agus táim go han-sásta.”
Bhí Madame Forestier ag féachaint isteach idir an dá shúil uirthi.

“Cheannaighís paidrín péarlaí domsa in ionad an paidrín a fuairis ar iasacht uaim?”

“Cheannaighíos. Nár thugais fé ndeara riamh é, a stór? An déanamh céanna díreach a bhí ar an dá cheann.”
Agus leis sin do rinne sí gáire buacach sásta. Bhí corraí mór i Madame Forestier. Do rug sí ar dhá láimh a carad:

“Mhuise mo thrua go deo thú, a Mhatilde bhocht!” arsa ise. “Ar ndóigh ní raibh i mo phaidrín-se ach péarlaí bréige. Níorbh fhiú thar chúig chéad franc é, ar an gcuid is mó de!…”

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *