Nuacht

Aistriúchán nua le foilsiú an 1 DF

Dé hAoine bheag seo, an 1 Deireadh Fómhair 2021, foilseoidh an t-ionphrionta nua Barzaz* a chéad saothar aistrithe – KHALIL leis an úrscéalaí Ailgéireach a bhfuil aithne air faoin ainm cleite Yasmina Khadra. In 2018 a foilsíodh KHALIL den chéad uair agus is í Máirín Nic Con Iomaire  a chuir Gaeilge air.

Samhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d’aois, ag triail ar chathair Pháras, crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach.

Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i measc na mbráthar a chuireann iad féin chun báis….

Tugann an t-úrscéal seo tumadh dúinn in intinn buamadóra féinmharaithe…’ France Culture
Cur síos scáfar ar an radacú…ní le leithscéal a dhéanamh dó, ach lena thuiscint.’ La Croix

AN tÚDAR

Yasmina Khadra an t-ainm cleite atá ar an scríbhneoir Ailgéireach Mohammed Moulessehoul, a rugadh in 1956. Chaith sé seal ina oifigeach sinsearach in airm na hAilgéire sula ndeachaigh sé ar deoraíocht chun na Fraince, áit a bhfuil cónaí air ar an gcúlráid. Tá riar maith úrscéalta scríofa aige agus is é an saol Moslamach is cás dó ina shaothar.

AN tAISTRITHEOIR

Tá réimse leathan leabhar aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, iad foilsithe ag Futa Fata. Chaith sí tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Khalil an chéad úrscéal do dhaoine fásta atá aistrithe aici.

Is féidir an leabhar a cheannach anseo.

* Inphrionta nua do dhaoine fásta de chuid an chomhlachta Futa Fata is ea Barzaz – focal Briotáinise ar an rud a dtugtar duanaire sa Ghaeilge. Tá sé i gceist acu saothair aistrithe a fhoilsiú gach bliain feasta.
Tá treoirlínte do scríbhneoirí, aistritheoirí san áreamh, atá ar fáil ar shuíomh barzaz.ie anseo:

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *