Léirmheas

Leabhar na Salm

Aistritheoir: An tAth Colmcille
Bunteanga: Nua Laidin
Bunteideal: [An Seantiomna]
Léirmheastóir: Diarmuid Ó Laoghaoire, S.J.

Leabhar na Salm. Arna chur i nGaeilge ón leagan Nua Laidine ag an Athair Colmcille, Manach den Ord Liath. Cló Uí Mheara, Aonach, Co. Thiobraid Árann, 1961.

Seo leabhar breá slachtmhar chugainn ó fhoilsitheoir nár thug a leithéid seo de leabhar cheana dúinn in ábhar ná i gcruth. Tá sé le moladh go mór mar gheall ar a fheabhas a d’éirigh leis leabhar chomh greanta a thabhairt dúinn. Is cúis áthais dúinn an bhreis ceardúlachta seo ar leabhair Ghaeilge ó bhliain go chéile.

Is léir ar gach focal den leabhar an dúthracht a chaith an tAthair Colmcille leis an aistriúchán seo. Thuig sé go mbíonn ard-ghá le dúthracht agus cúram nuair a théitear i mbun Briathar Dé a thabhairt i dteanga eile. Ar dtús tugtar dúinn an Litir Aspalda a scríobh Pius XII sa bhliain 1945 nuair a chuir sé a údarás leis an leagan nua Laidine ar na sailm. Ansin tá ‘Réamhrá an Aistritheora’ mar a gcuireann an tAthair Colmcille síos ar an Saltair agus mar a ghlac an Eaglais agus na Críostaithe riamh léi chun dúthracht a n-anama a chur in iúl do Dhia. Is maith is fiú an cúpla leathanach sin a léamh agus a mheá. Níl pian ná áthas dá dtagann ar an duine ná gur thrácht an Salmaire orthu. Níl aon Chríostaí, bíodh sé ina Chaitliceach nó ina Phrotastúnach, nár thógáil chroí dó na sailm agus nach bhfaigheadh iontu díreach an smaoineamh is fearr a thiocfadh lena anam ar ócáid seachas a chéile. Dá chomhartha sin féin is maith mar chuir an tAthair Colmcille teideal ar gach salm de réir ábhair agus mar a roinn sé iad i ndeireadh an leabhair ina n-ábhar urnaithe a d’oirfeadh d’ócáidí agus d’fhéilte áirithe, m.sh. ‘Urnaithe na Maidne,’ ‘Catharnacht agus Grá,’ ‘Corp Críost.’

Tá réamhrá beag mínithe le gach salm agus i ndeireadh an leabhair, leis, tá liosta áisiúil – ‘Ainmneacha Daoine agus Treibheanna.’ Níorbh fhéidir leis an Athair Colmcille, gan cur go mór le toirt agus costas an leabhair, an Laidin a thabhairt chomh maith, ach is dócha nach gcuirfeadh an t‑easnamh sin puinn mairge ar phuinn!

Tá gluaiseacht réidh sheolta faoin aistriúchán, agus ós cruth fileata nó filiúil atá ar na sailm san Eabhrais, tá maise dá réir ag baint leis an iarracht seo. Seo sampla as Salm 103:

Beannaigh an Tiarna, a anam liom!
A Thiarna, a Dhia liom, is rómhór thú go deimhin!
Mórgacht agus maise atá mar éadach umat,
agus solas mar fhallaing a d’ ghléasadh.
Do shínis na flathais amach mar bhrat,
os cionn na n-uiscí do thógais do sheomraí.
De néalta nimhe do nír do charbad,
agus siúlair ar sciathánaibh na gaoithe.
Nír teachtairí duit féin de na gaothaibh,
agus timthirí den tine lasraigh.

Agus seo tosach salm 37:

A Thiarna, ná himdhearg mé i d’fheirg
agus ná smachtaigh mé i d’fhraoch.
Óir táid do shaigheada i bhfastó ionam,
agus thainig do lamh anuas orm.
Níl sláinte i m’ cholainn de thoisc do dhiomdha,
níl follántas i m’ chnámhaibh de dheascaibh mo pheaca.
Óir do chuadar mo chionta os mo chionn,
mar thromualach luíd go róthrom orm.

Ródhéanach don Athair Colmcille a foilsíodh an t-eagrán deiridh den chaighdeán oifigiúil “agus ní fhéadfaí glacadh leis an ngramadach agus an litriú caighdeánach an uair sin gan an leabhar uile d’athscríobh.” Deir sé, leis, go ndearna sé iarracht ar bhlas na litríochta a chur ar an insint Ghaeilge “ach gan dul rófhada siar chuige sin.” Feicfear sa dara sliocht thuas cúpla sampla den iarracht sin, ‘ná himdhearg mé’ agus ‘de thoisc do dhiomdha.’ “Is dóigh liom,” a deir an tAthair Colmcille, “gur cóir caighdeán liteartha a chleachtadh sa Ghaeilge fé mar cleachtar i ngach teangain eile.” Is dócha go mbeadh cách d’aon aigne leis, ach is é an donas gan dabht teacht ar an gcaighdeán sin go sásta. N’fheadar an nglacfaí coiteanta le roinnt focal agus leagan ársa atá anseo ag an Athair Colmcille – créad, carann, taidhleann, tairisním, dleaghair, an tan, ceadal, i bhfoslongphort, gion go etc. Caithfidh mé a admháil go luíonn said go deas le gluaiseacht an aistriúcháin, ach i gcúrsaí urnaithe is fearr an dothuigtheacht a sheachaint. Seachas cúrsaí urnaithe, ní miste in aon chor, mar atá déanta go maith cheana, tarraingt go ciallmhar as stór agus taisce na Gaeilge. (Is maith ann é an focal ‘todhchaí,’ mar shampla). Ina dhiaidh sin is uile thaitin an t-aistriúchán seo liom go mór – mar le duine amháin, tuigim pé crua-Ghaeilge atá ann go háirithe! – agus de réir mar atá scrúdaithe agam tá sé cruinn. Molaim do gach éinne gur spéis leis leas a anama féin agus anam a chomharsan an leabhar beannaithe seo a chur chuige féin gan mhoill.

Leave a Reply

Your email address will not be published.