Nuacht

Ní bheidh fuath agam oraibh

Aistriúchán nua-fhoilsithe

Údar: Antoine Leiris
Buneideal: Vous n’aurez pas ma haine
Bunteanga: An Fhraincis
Aistritheoir: Colm Ó Lorcáin
Foilsitheoir: LeabhairCOMHAR (2020)

Nuair a chaill Antoine Leiris a bhean de dheasca ionsaithe sceimhlitheoireachta sa cheoláras Batalcan i bPáras in 2015 d’fhoilsigh sé litir chuig na sceimhlitheoirí ar Facebook:

‘ní thabharfaidh mé an tsástacht seo daoibh – ní bheidh fuath agam oraibh’

Seo fíorscéal faoina shaol laethúil lena mhac i ndiaidh an ionsaithe. Tá crá croí ann chomh maith le dóchas agus greann – an dólás agus an sólás.

‘Aistriúchán an-ealaíonta … éasca le léamh’ – Duais an Oireachtais 2018

Tá gach eolas ar an leabhar le fáil anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *