Nuacht

Leabhar Nua-fhoilsithe

Údar: René Goscinny (léaráidí le Jean-Jacques Sempé)
Buneideal: Le petit Nicolas et les copains
Bunteanga: An Fhraincis
Aistritheoir: Séamus Ó Coileáin
Foilsitheoir: DalenÉireann (2020)

Preasráiteas

Tá cailín ar an bhfód anois agus Nioclás Beag agus a chairde ag filleadh orainn lena gcuid diabhlaíochta agus pléaráca.

I gceartlár na rógaireachta agus na heachtraíochta sin tá an buachaill scoile, Nioclás Beag, agus a chairde sa tríú cnuasach gearrscéalta seo ar a gcuid eachtraí: Nioclás Beag: Eachtraí Arís Eile.

Chuireamar aithne ar Nioclás anuraidh nuair a foilsíodh Nioclás Beag: Eachtraí agus Nioclás Beag: Eachtraí Eile. Tá na heachtraí sin a bhaineann dó sa leabhar nua seo Nioclás Beag: Eachtraí Arís Eile chomh háiféiseach agus chomh seoigh is a bhí riamh — idir raic a chruthú nuair a thagann dochtúirí chun na scoile, clár raidió a chur trína chéile, dul ag campáil san fhásach, úinéir an tsiopa nua leabhar a chrá, agus chomórtas iomaíoch lúthchleasaíochta a eagrú eatarthu féin.

Tá go maith agus níl go holc nó go dtagann athrú ar Nioclás Beag. Níl aon dul go mbeadh na cairde, na buachaillí, ag spraoi ná ag caint go fiú le cailín, ach nuair a dhéanann Nioclás Beag cairdeas leis an gcailín béal dorais ní mar a shíltear a bhítear. Cad a déarfaidh na buachaillí faoi seo? Nár fhaighe siad amach choíche! B’fhéidir go bhfuil tuiscint eile ag Nioclás Beag ar chailíní anois nó ar an gcailín áirithe seo, ar aon chuma. Conas a dhéileálfaidh sé leis an gcrá intinne seo?

Is é seo an tríú cnuasach d’eachtraí Niocláis Bhig ar chuir Séamus Ó Coileáin, atá ag léachtóireacht le Léann an Aistriúcháin le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ Gaillimh, culaith Ghaeilge orthu. “Ba mhór ab áthas liom an chéad dá leabhar d’eachtraí iontacha an bhuachaillín seo a roinnt agus gur bhain daoine a oiread taitnimh as a léamh is a bhaineas as a n-aistriú, agus tá lúcháir orm Nioclás Beag: Eachtraí Arís Eile a chur leis an mbailiúchán.”

Ba ag deireadh na 1950idí a chruthaigh René Goscinny, údar Asterix, sraith Le Petit Nicolas a mhaisigh an t-ealaíontóir iomráiteach Sempé. Is mó gáire a bhain na scéalta go léir as léitheoirí, idir óg agus aosta, ó shin i léi agus bá acu le Nioclás agus comhthuiscint acu dó, go háirithe agus na leabhair ina ndlúthchuid de churaclam na scoile sa Fhrainc.

“Is iontach an greann atá sa chur síos a dhéantar ar eachtraí Niocláis agus is féidir linn go léir daoine a chuaigh ar scoil linn a aithint sna scéalta, pé acu anois é nó roinnt mhaith blianta ó shin – is cuma an sa Fhrainc nó in Éirinn a shamhlaítear na heachtraí seo, óir is ionann leanaí agus a gcuid eachtraíochta i gcónaí,” a dúirt Séamus Ó Coileáin.

Is cuí go bhfuil leaganacha Gaeilge seo na sraithe Nioclás Beag, ar thacaigh an Chomhairle Ealaíon léi, ar fáil i nGaeilge óir aistríodh Le Petit Nicolas go 45 teanga eile ar fud an domhain, agus díoladh breis is 15 milliún cóip díobh go dtí seo.

“Tá ríméid orm gurbh fhéidir liom Nioclás Beag a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann inár dteanga féin,” a dúirt Séamus, “agus uilíochas mheon an linbh a léiriú, beag beann ar thír nó ar theanga. Oireann na scéalta seo go seoigh don Ghaeilge agus do fhriotal agus d’áilleacht na teanga seo againne, agus níl dabht ar bith ann ach gur buachaill scoile de chuid na hÉireann anois é Le Petit Nicolas!”

Nioclás Beag : Eachtraí Arís Eile (ISBN 978-1-913573-18-8) — mar aon le Nioclás Beag: Eachtraí (ISBN 978-1-906587-91-8) agus Nioclás Beag : Eachtraí Eile (ISBN 978-1-906587-98-7) — is féidir a gceannach ar €7.95 ó dhíoltóirí leabhar nó ar daleneireann.com, arna bhfoilsiú le Dalen Éireann le tacaíocht airgid na Comhairle Ealaíon.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *