Nuacht

Podchraoladh nua de chuid Litríocht Éireann

Mo Bhealach Féin (Seosamh Mac Grianna) ǀ This Road of Mine (Mícheál Ó hAodha)

Tá eagrán nua de Talking Translations, podchraoladh de chuid Litríocht Éireann, á fhógairt inniu.

San eagrán seo léitear sliocht as an úrscéal dírbheathaisnéiseach, Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna mar aon le giota ón aistriúchán nua Béarla air, This Road of Mine le Mícheál Ó hAodha (The Lilliput Press).

Is é Damien Ó Dónaill a léann an sliocht ón mbunleagan.

Faoi mar a deir Pól Ó Muirí sa réamhrá a ghabhann leis an aistriúchán nua:

“Mac Grianna knew the importance of the translator’s role in turning the unfamiliar  into the familiar, of presenting good literature to new readers.”

“Is díol mórtais dúinn aird an phobail a tharraingt ar an aistriúchán maorga seo atá déanta ag Mícheál Ó hAodha ar leabhar mórthábhachtach Mhic Ghrianna. Tréaslaímid a shaothar le Mícheál féin agus lena fhoilsitheoir, The Lilliput Press. Táimid lánchinnte go meallfaidh an t-aistriúchán snoite seo léitheoirí nua i bhfad is i gcéin i dtreo an bhunúdair,” arsa Sinéad Mac Aodha, Stiúrthóir Litríocht Éireann.

Is eagraíocht náisiúnta í Litríocht Éireann, a chuireann litríocht na hÉireann chun cinn thar lear.

Faigheann Litríocht Éireann maoiniú ó Cultúr Éireann agus ón Comhairle Ealaíon.

Is féidir an podchraoladh a fháil ag ceachtar de na naisc seo a leanas: Literature Ireland website / Spotify / Google / Apple Podcasts

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *