Athchló

“Scéal na Srón” ón bhFraincis

Aistritheoir: Tóchar Máirtín (Micheál Breathnach)
Bunteanga: Fraincis
Bunteideal: L’histoire des Nez
Údar: Édouard Laboulaye
Céadfhoilsiú: Fainne an Lae, 1923

Uair amháin bhí feirmeoir ina chónaí in Débhits i gcomharsanacht na Práige. Fear saibhir ba ea é agus caoi mhaith air ach go raibh sé rud beag ait ann féin. Ar chaoi ar bith bhí iníon álainn aige agus í in aois a pósta. Na mic léinn a bhí ar ollscoil na Práige – bhí suas le cúig mhíle ar fhichid acu ann an uair sin – ba mhinic a dtriall ar Débhits, agus bhí cuid mhaith acu a bheadh lán-sásta an céachta féin a tharraingt chucu ach a bheith mar chliamhain isteach ag an bhfeirmeoir saibhir. Ach ba dheacair teacht air sin. Bhí an feirmeoir an-ghlic agus siod é an margadh a dhéanadh sé le gach fleascach a thagadh chuige ar lorg aimsire. “Sea, a chroí,” a deireadh sé, “cuirfead aimsir ort go cionn bliana, is é sin le rá, go mbí guth na cuaiche á fhógairt do chách an t-earrach a bheith ar fáil arís. Ach beidh aon choinníoll amháin ann; má chloisim thú a rá oiread is uair amháin i rith an achair sin nach bhfuilir sásta beidh sé de chead agam barr na sróine a ghearradh anuas díot. Agus,” a deireadh sé ag cur smuta gáire as, “raghad féin fén gcoinníoll céanna go mbeidh an cead céanna agatsa i mo thaoibhse.”

Agus, dar fia, dhéanadh sé beart de réir an mhargaidh sin i gcónaí. Bhí a rian air, bhí Cathair na Práige lán de mhic léinn aige agus barr na srón iar ndeisiú acu. Ach dá chliste dá ndéantaí an deisiú ní fhéadfadh sé an mháchail a cheilt nó cosc a chur le scigireacht an phobail. Éalang ar shrón agus an pobal ag stealladh magaidh fúthu, nár leor san chun teaspach an ghrá a bhaint díobh!

Córanda.

Um an dtaca san bhí mac léinn ar an ollscoil gurbh ainm dó Córanda. Duine leibideach, leadránach go leor le féachaint air, ach ina dhiaidh sin bhí stuaim is géarchúis is gliceas ann, agus dár ndóigh ní hannamh rath ar na tréithe  sin ar an saol so. Pé acu sin é, cheap sé a neart a fhéachaint leis an bhfeirmeoir.

D’fháiltigh seisean roimhe go cneasta agus ar an ngnáth-mhargadh a bheith déanta eatarthu chuir sé ag obair sa ngort é. Tháinig am bricfeasta. Glaodh isteach ar na fir eile ach ní baol gur glaodh ar m’ógánach. Ba é an scéal céanna é am dinnéir. Níor chuir sin corrabhuais ná garbhuaic ar Choranda ach ar ball d’fhill sé ar an tigh. Tharla go raibh bean an tí amuigh ag tabhairt coirce do na cearca. Ba mhaith an mhaise do Chóranda é: sciob sé leis ceathrú mhór mhuice a bhí ar crochadh sa chistin agus builín breá as an gcófra. Amach leis sa ngort arís go raibh dinnéar ar a shuaimhneas aige, agus ar a bheith sách dó shín sé siar gur chuir sé dreas codlata de.

Nuair a d’fhill sé um thráthnóna labhair an feirmeoir leis: “An bhfuilir sásta?” ar seisean. “Abair é, a mháistir,” arsa Córanda, “an dinnéar a bhí agam cuirfead geall go raibh sé níos fearr ná an dinnéar a bhí agat féin.” Lena linn sin b’in chucu bean an fheirmeora agus an dá olagón déag á gcasadh aici gur goideadh uaithi ceathrú mhuice agus builín aráin. Do mhaigh a ghean gáire ar m’ógánach ach i bpáirt an fheirmeora de is amhlaidh a d’iompaigh a lí ann. “An é nach bhfuilir sásta?” arsa Córanda leis. “Dhe mhaise,” arsa an feirmeoir, “ní mór le rá ceathrú mhuice, ní mór sin. Ní baol go gcuirfeadh rud beag mar sin as dom.”

Ach ón lá san amach bí cinnte nár fágadh Córanda ina throscadh.

Cócaire.

Tháinig an Domhnach. Bhí an capall fén gcarr agus an tseanlánúin ag déanamh ar dhul ar an Aifreann. Labhradar le Córanda ag ordúchán air: “Ortsa a bheidh cúram an dinnéir inniu,” ar siad, “Cuirfidh tú an blúire feola so sa chorcán agus ina theannta cuirfidh tú oinniúin, meacain bhuí agus peirsil.”

“Tá go maith,” arsa Córanda. Anois tharla go raibh sa tigh peata de mhaidrín ar a dtugtaí Peirsil. Ba ghearr an mhoill ar m’ógánach é a mharú gur fheann sé é is gur chuir sé á bheiriú i gcorcán an anraith é. Nuair a tháinig bean an tí abhaile ón Aifreann ghlaoidh sí chuici ar an maidrín ach mo chreach! Ní raibh le fáil aici ach an craiceann fuilteach a bhí ar crochadh leis an bhfuinneog “Cad é seo a dheinis?” ar sise le Córanda.

“Dheineas díreach mar a d’ordaíos féin dom, a mháistreás,” ar seisean, “chuireas oinniúin, meacain bhuí agus peirsil sa chorcán.” “A phleidhce gan trua gan taise,” arsa an feirmeoir “Conas a bhfaighfeá i do chroí an ruidín beag gleoite a chur chun báis? Ba mhór an só agus an sásamh sa tigh againn é.” “An é nach bhfuilir sásta?” arsa Córanda agus thosaigh sé ar a scian a tharraingt as a phóca. “Nílim á rá sin, nílim á rá sin,” arsa an feirmeoir, “Is beag an bhrí bás maidrín, is beag san.” Ach mar sin féin lig sé osna as.

An Réabadh.

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí an feirmeoir agus a bhean ag dul ar an margadh. Toisc nárbh aon iontaoibh leo Córanda labhradar mar so leis: “Fanfaidh tú sa tigh i rith an lae agus ní dhéanfair tada as do stuaim féin. Déan díreach mar a chífir á dhéanamh ag na fir eile.”

“Tá go maith,” arsa Córanda. Tharla go raibh seanchró sa chlós agus an ceann a bhí air bhí sé i riocht titim isteach. Tháinig na saoir an lá san chun a dheisithe agus mar is gnách leo thosnaíodar lena chaitheamh anuas. Ar bhfeiscint sin do m’ógánach b’iúd leis gur aimsigh sé dréimire agus suas leis ar cheann an tí. Ceann nua do bhí ar an tigh ach thosnaigh sé ar na sailteacha agus na taobháin agus na tairní is na lúib a stracadh amach is a chaitheamh anuas uaidh le gaoth. Nuair a d’fhill an feirmeoir ní raibh de dhíon ar an tigh ach an spéir. “A bhithiúnaigh,” ar seisean, “cad é an bob a bhuailis orm den turas so?”

“Níor dheineas, a mháistir,” arsa Córanda, “ach de réir mar a d’ordaíos féin dom. Dúrais liom déanamh mar a chífinn á dhéanamh ag na fir eile. An é nach bhfuilir sásta?”

Agus lena linn sin tharraing sé amach an scian.

“Sásta?” arsa an feirmeoir, “sásta an ea? Cad a bhéarfadh orm gan a bheith sásta? Dar ndóigh níl i gceist ach roinnt bheag taobhán i ndeireadh na scríbe.”

Ach mar sin féin lig sé osna as.

An Chuach!

Ar theacht an tráthnóna shocraigh an feirmeoir is a bhean go raibh sé in am bata agus bóthar a thabhairt don diabhal cruthanta san a bhí in aimsir acu. Ó tharla gur daoine ciallmhara iad ní chinnidís ar aon rud riamh gan a chur i gcomhairle a n-iníne ar dtús, mar tá sé de thuairim acu sa tír sin gur mó den ghliocas a bhíonn ag baint leis an aos óg ná leis na seandaoine “A athair,” arsa an iníon, “raghadsa i bhfolach moch na maidine sa chrann mór piorraí agus déanfad aithris ar ghuth na cuaiche. Abróidh tusa le Córanda go bhfuil an bhliain istigh ó tharla guth na cuaiche le cloisint sa tír. Sín chuige a bhfuil ag dul dó ansan agus tugadh sé a bhóthar air uainn.” Níor thúisce ráite aici ná b’iúd ina ghníomh é. Ar bhreacadh lae bhí guth doilbh duairc na cuaiche le cloisint fán tuath: “cú-cú, cú-cú.”

Agus níorbh ionadh go dtí an t-ionadh a lig an feirmeoir air.

“M’anam, a ógánaigh,” ar seisean le Córanda, “gurb eo é chugainn an séasúr nua. Nach gcloisir an chuach ar an gcrann piorraí ansúd thíos. Tá orainn scarúint le chéile ná bíodh mioscais ná droch-intinn eadrainn.”

“Cuach an ea?” arsa Córanda, “Níor leagas súil riamh ar an éan álainn sin” – agus b’iúd leis d’aon sciuird amháin i dtreo an chrainn. Do rug sé ar an gcrann gur chroith sé is gur luasc sé is gur shuaith sé é. Chualathas aon bhéic amháin agus cad a thitfeadh as an gcrann ach cailín óg, ach a bhuí le Dia tháinig sí saor cé is moite de pé scanradh a bhí uirthi.

I dTeannta.

“A bhithiúnaigh!” arsa an feirmeoir.

“Is cosúil nach bhfuilir sásta,” arsa Córanda agus an scian á tarraingt amach aige.

“A choirpigh!” arsa an feirmeoir “sin í m’iníon fuar marbh agat os comhair mo shúl agus táir á fhiafraí díom ina dhiaidh sin an bhfuilim sásta. Is beag nach bhfuilim le cuthach agus le báiní agat. Glan leat as mo radharc nó is duit is measa.”

“Ní imeod,” arsa Córanda, “go bhfágfad rian mo scine ar bharr do shróine. Do sheasas-sa m’fhocal. Caithfidh tusa do thaobh féin den mhargadh a chomhlíonadh.”

“Fan leat!” arsa an feirmeoir ag cur a láimhe suas chun a shróine.

“An ligfir dom mo shrón a fhuascailt?”

“Ligfead, cinnte” arsa Córanda.

“Ar leor deich gcaoirigh?”

“Ní leor”

“Deich ndaimh?”

“Ní ghlacfad.”

“Deich gcinn de bha?”

Ní dhéanfaidh siad an gnó dhuit, b’fhearr liom go mór do shrón a ghearradh.” Agus thosnaigh sé ar bharr faobhair a chur ar an scian ar thairisigh an tí. “A athair,” arsa an iníon ansan “mise a tharraing an clampar so agus mise a réiteoidh é freisin.”

Cad eile!

“A Chóranda,” ar sise, “an mbeifeá sásta an tsrón a ligint saor ach mise a fháil mar bhean?”

“Abair é go mbeinn,” arsa Córanda “Ach beidh aon choinníoll amháin ann,” ar sise, “tógfadsa orm féin cloí leis an seanmhargadh. An té is túisce againn a éireoidh mí-shásta gearrfar an tsrón de.”

“Tá go maith,” arsa Córanda, “B’fhearr liom féin an teanga a bheith sa mhargadh in ionad na sróine ach b’fhéidir go rachadh sé chuige sin féin iar ngearradh na sróine.” Pósadh iad agus a leithéid de bhainis is a bhí acu ní raibh sa tír roimhe sin ná ó shin. Agus lánúin chomh sonasach sásta ní fheicfeá i do shiúl lae. Bhíodar mar dhea-shampla don tír go léir. Casaoid ná clamhsán níor chualathas riamh ó cheachtar acu, agus mar thoradh ar an margadh cúinsiúil a bhí eatarthu níor tharla trá grá ná gearradh sróine dóibh cé gur fada an ré a thug Dia dóibh i bhfochair a chéile.

Leave a Reply

Your email address will not be published.