Nuacht

Stair na Fealsúnachta

Údar: Arthur K. Rogers (1868-1936)
Teideal: A Student’s History of Philosophy
Aistritheoir: Risteárd Mac Annraoi
Corcaigh 2020

Cuireadh aistriúchán Gaeilge de chuid Ristéard Mac Annraoi ar fáil le déanaí. Is aistriúchán é sin ar leabhar Arthur K. Rogers: A Student’s History of Philosophy. Is é seo an chéad imleabhar as ceithre cinn (ó Thalas go N. Aigaistín).

Luaitear an méid seo ar chúl an leabhair:

‘Tá féith na fealsúnachta sa Ghaeilge féin; tá de bhua aici taibhsí na teibíochta a scuabadh as radharc láithreach bonn. Bhí géarghá le fada le stair cheart chuimsitheach na fealsúnachta i dteanga na nGael. Déantar iarracht san aistriúchán go Gaeilge freastal ar an éileamh sin a bhíonn ag síormhéadú. Buntáiste amháin a bhaineann leis is ea na sleachta fada atá anso as bunscríbhinní na bhfealsamh, ó Thalas go Platón, Descartes, Hiúm agus a thuilleadh nach iad.

Baineann an fhealsúnacht leis an gcine daonna ar fad agus é de dhúchas ag gach mac nó iníon máthar fios fátha gach scéil a lorg dó féin. Ní thagann an fhírinne chugainn te bruite mar bhronntanas; ní mór don uile dhuine nó don chomhluadar a chuid féin a dhéanamh di. Ní féidir seilbh a ghlacadh uirthi dála milseán as bosca. Ní mór ligint di dul i bhfeidhm orainn agus imeacht léi ar aghaidh i dtreo go rachaidh ár gcuid tuisceana i ndoimhneacht de réir a chéile.’

B’ollamh le fealsúnacht é Arthur Kenyon Rogers (1868-1936) agus scríobh sé an leabhar chomh fada siar le 1907 le freastal ar riachtanais lucht ollscoile.

Foilseofar codanna eile den aistriúchán i dtrí imleabhar eile amach anseo.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *